Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Abhrán ó Thír Chonaill. Sorcha Ní Bhréanainn.
Title
Abhrán ó Thír Chonaill. Sorcha Ní Bhréanainn.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Mc Ginty, John
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ABHRÁN Ó THÍR CHONAILL. Bhí Peadar Bhailis (Breatnach)' ar a ruaig fé Thráigh Éanach. Bhí se ag déanamh maith d'á shláinte agus casadh Sorcha Ní Bhréanainn dó agus chuaidh siad 'un comhráidh. Thug sé grádh dí le haghaidh a pósta agus rinn sé an t-abhrán annsin d'á moladh, acht níor phós sise é. SORCHA NÍ BHRÉANAINN. Peadar Bhailis (Breatnach), cct. Ar a' taoibh thall do Thráigh Éanach atá an spéirbhean a dtug me dí grádh; Mhearuigh sí mo chéadfadh 's gan gléas agam ar a fághail; Dhá mbínn 'mo rígh ar Éirinn 's mo raogha ban óg 'sa' domhan damh i ndán, Gur duit-se dheánfainn céile, a chúl chraobhach an bhrollaigh bháin. Tá com cailce ag an spéirbhean is bréachta 'ná an sneachta ar craoibh: Tá dhá chích chorra ghléigheala, agus a béilín mar na ceoltaibh sídhe; Tá a gruaidhe mar na rósaibh, cúl famainneach ar dheallradh an óir, 'S má thréigeann tú mé, a Dhéirdre, 'do dhéidh-sa ní bhéidh mé beó. Shiubhail me timcheall Éireann, an Éigipt, a' Fhrainnc 's a' Spáinn, A' Tuirc 'gus a' Ghréig 's gach réagún dh'a bhfuil le fághail, Fríd bhailte cuain is sléibhte ó Dhún Éadain go Condae an Chláir, 'S a comórtas acht Bhénus níor fhéach me in-sa' cheathair-árd. Ó éirghe go dtí luighe na gréine an méid sin agus bíodh a' sgríobhadh, A maise agus a bréaghachta níor bh'fhéidir dóibh a mhíniughadh daoibh; Dá mbudh liom-sa saidhbhreas Ríogh Dáibhí 'gus fághaim é mar chrudh le mnaoi, Gur bh'fheárr liom i mbothán sléibhe ag pógadh a béilín 'o ló 's do dh'oidh'e. Is mithid liom feasda críochnughadh ag míniu- ghadh a maise daoibh; A bháinríoghan óg na sgéimhe 's-gach réagún is leat an chraobh; A chúl tiugh mar an ómra, dhá dtabhairtheá thusa damh do lámh, 'S a ráidht, "A ghrádh, is leat fhéin me," ag Tráigh Éanach 'seadh d'fhuígfinn beannacht slán.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services