Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Abhrán ó Thír Chonaill. Sorcha Ní Bhréanainn.

Title
Abhrán ó Thír Chonaill. Sorcha Ní Bhréanainn.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Contributor
Mc Ginty, John
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 29


ABHRÁN Ó THÍR CHONAILL.



Bhí Peadar Bhailis (Breatnach)' ar a ruaig
fé Thráigh Éanach. Bhí se ag déanamh maith
d'á shláinte agus casadh Sorcha Ní Bhréanainn
dó agus chuaidh siad 'un comhráidh. Thug sé
grádh dí le haghaidh a pósta agus rinn sé an
t-abhrán annsin d'á moladh, acht níor phós
sise é.



SORCHA NÍ BHRÉANAINN.
Peadar Bhailis (Breatnach), cct.



Ar a' taoibh thall do Thráigh Éanach atá an
spéirbhean a dtug me dí grádh;
Mhearuigh sí mo chéadfadh 's gan gléas
agam ar a fághail;
Dhá mbínn 'mo rígh ar Éirinn 's mo raogha ban
óg 'sa' domhan damh i ndán,
Gur duit-se dheánfainn céile, a chúl chraobhach
an bhrollaigh bháin.



Tá com cailce ag an spéirbhean is bréachta
'ná an sneachta ar craoibh:
Tá dhá chích chorra ghléigheala, agus a béilín mar
na ceoltaibh sídhe;
Tá a gruaidhe mar na rósaibh, cúl famainneach
ar dheallradh an óir,
'S má thréigeann tú mé, a Dhéirdre, 'do
dhéidh-sa ní bhéidh mé beó.



Shiubhail me timcheall Éireann, an Éigipt, a'
Fhrainnc 's a' Spáinn,
A' Tuirc 'gus a' Ghréig 's gach réagún dh'a
bhfuil le fághail,
Fríd bhailte cuain is sléibhte ó Dhún Éadain
go Condae an Chláir,
'S a comórtas acht Bhénus níor fhéach me
in-sa' cheathair-árd.



Ó éirghe go dtí luighe na gréine an méid sin
agus bíodh a' sgríobhadh,
A maise agus a bréaghachta níor bh'fhéidir dóibh
a mhíniughadh daoibh;
Dá mbudh liom-sa saidhbhreas Ríogh Dáibhí 'gus
fághaim é mar chrudh le mnaoi,
Gur bh'fheárr liom i mbothán sléibhe ag pógadh
a béilín 'o ló 's do dh'oidh'e.



Is mithid liom feasda críochnughadh ag míniu-
ghadh a maise daoibh;
A bháinríoghan óg na sgéimhe 's-gach réagún
is leat an chraobh;
A chúl tiugh mar an ómra, dhá dtabhairtheá
thusa damh do lámh,
'S a ráidht, "A ghrádh, is leat fhéin me," ag
Tráigh Éanach 'seadh d'fhuígfinn beannacht
slán.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services