Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. SAMHAIN. Edited for the Irish Literary Theatre by W.B. Yeats, and containing a Play in Irish by Douglas Hyde, with English translation by LADY GREGORY, and Articles by GEORGE MOORE and by EDWARD MARTYN. Published in October, 1901, by Sealy, Bryers & Walker in Dublin, and by T. Fisher Unwin in London, and sold at Sixpence. Seadh, tá an méid sin thíos agus ní beag é - ní hag séideadh magaidh faoi é, mar is mór an dúil is ionchuirthe 'san leabhar so. Ní gábhadh, ámh, mórán do rádh i dtaobh a bhfuil ann, tar éis chruinnis an sgéil ar an gclár teidil. Tá an-obair d'á déanamh ag buidhin na cúise seo agus béidh sochar mór aisti i ndeireadh thiar. Ar a shon sain agus uile, nach mór an truagh go bhfuil an sean-sgéal álainn fiannaidheachta úd, Tóruigheacht Dhiarmada agus Ghráinne, truaillighthe tar fóir aca - le haghaidh lucht Béarla - mar is amhlaidh do rinneadar aisdeoireacht neamhghlan Londanda de. Cad chuige sin agus glaine d'á cur rómpa mar chuspóir? Acht ní taitneamhach trácht ar a leithéid. Tá taobh eile ar an sgéal agus féachtar uirri go grinn. An aisde aoibheamhail álainn úd "Casadh an tsúgáin" is é atá- thar do luadh. B'fhéidir gurab é an rud is feárr
d'ár sgríobh an Craoibhín Aoibhinn riamh é. Tá ciall agus fuinneamh ann ó thúis go deireadh, agus gach gníomh go nádúrdha ann. Mar sin féin, dob' olc an rud an bob do bhualadh ar an bhfilidh bhocht. Ní ceart neimh- fhírinne do chur os comhair an tsluaigh, bíodh gur i n-aisde bhig a bheadh sí. Ní gan dearmaid atá an sgríbhinn. Cad as gur sgríobhadh "Nuair a bhfuil maide, etc." agus "nuair bhfuil glaine, etc.," i n-ionad "Nuair atá maide, etc.," agus "nuair atá glaine, etc."? Ní ceart "le n-a bhfuil seisean d'á rádh liom" agus "Cad é do bhí an bodach sin d'á iarraidh ort?" acht comh beag. "Do" ba cheart a bheith ann i n-ionad "d'á." Rud eile, ní hionann "bárduigheacht" fá láthair agus filidheacht. Tá breith eile ann agus is amhlaidh dob' ionráidhte é "Is cuma liom ciaca tagann nó ach dtagann" nó "is cuma liom an dtagann sé nó nach dtagann." Ní ceart "ag bonn an chnuic" i n-ionad "ag bun an chnuic." Tá rudaí nach iad dob' ionchuirthe síos leis ar a mhalairt de shlighe. Acht sgaoiltear léi agus tráchtthar tamall ar an aisdeoireacht féin. Ba de Chraoibh an Chéitinnigh gach duine d'á raibh ag aisdeoireacht acht amháin an Ceinteach agus an Craoibhín Aoibhinn. Do rinneadar go léir an gnó go han-mhaith, gach duine aca ar lán a dhíchill. 'Sí Máire Ní Chinnéide ba chailín na haisde Úna agus ba dhathamhail daithte an cailín í. Dob' iongantach an bhean tighe Máire Ní Ríogáin Eibhlín Ní Dhonnabháin, acht, go deimhin, ní bárr na féile do rug sí, tar éis an fhileadh bhoicht do dhíbirt as a tigh. Ba mhaith an chomhursa Síle Próinnséis Ní Shúileabháin, agus an chaint go fíor-bhlasda aici, ag tabhairt chomhairle uaithi. Dob; fhíor-fhile ar seachrán Tomás Ó hAnnracháin an Craoibhín Aoibhinn, acht do bhí a chuid rannaigheachta rud beag Gallda. Ní gábhadh Tadhg Ó Donnchudha do mholadh; thug sé na focail leis agus uaidh go han-mhaith, nídh nár bh'iongnadh. Go mairid go léir i bhfad, cé nach "Gaelic Dramatic Society" iad ar éan-chor. Fóiríor! ní ceart ná cóir do rinne lucht an amharclainn dóibh, acht a n-anmanna do chur fá smúid nó do cheilt, ar éin-tslighe; agus 'na thaobh sain agus uile, is iad do rug an chraobh leó agus maidir leis na mnáibh, rugadar bárr sgéimhe ar na ban-aisteoiríbh Sasanacha do bhí i n-"Diarmuid and Grania". Ceatha Ceoil: - I. Siubhail a ghrád. Fá ghléas ag Caireall Hardebec. Ar n-a chur amach ag Connradh na Gaedhilge, i mBaile Átha Cliath. Dhá phinginn. Falconer, Baile Átha Cliath. "Tús maith leath na hoibre." Is an-mhaith an tús é seo, agus a bhinne atá an t-amhrán. Tá ceól fá chló ag teastáil go dian-mhór ó shluagh na nGaedheal agus ní dócha gur misde leo an tús so. Nára' fada go bhfeicfear an chéad cheann eile aca.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services