Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



SAMHAIN. Edited for the Irish Literary Theatre by
W.B. Yeats, and containing a Play in Irish by
Douglas Hyde, with English translation by LADY
GREGORY, and Articles by GEORGE MOORE and by
EDWARD MARTYN. Published in October, 1901, by
Sealy, Bryers & Walker in Dublin, and by T. Fisher
Unwin in London, and sold at Sixpence.



Seadh, tá an méid sin thíos agus ní beag é - ní hag
séideadh magaidh faoi é, mar is mór an dúil is
ionchuirthe 'san leabhar so. Ní gábhadh, ámh, mórán do
rádh i dtaobh a bhfuil ann, tar éis chruinnis an sgéil
ar an gclár teidil. Tá an-obair d'á déanamh ag
buidhin na cúise seo agus béidh sochar mór aisti i ndeireadh
thiar. Ar a shon sain agus uile, nach mór an truagh
go bhfuil an sean-sgéal álainn fiannaidheachta úd,
Tóruigheacht Dhiarmada agus Ghráinne, truaillighthe tar
fóir aca - le haghaidh lucht Béarla - mar is amhlaidh do
rinneadar aisdeoireacht neamhghlan Londanda de.
Cad chuige sin agus glaine d'á cur rómpa mar chuspóir?



Acht ní taitneamhach trácht ar a leithéid. Tá taobh
eile ar an sgéal agus féachtar uirri go grinn. An aisde
aoibheamhail álainn úd "Casadh an tsúgáin" is é atá-
thar do luadh. B'fhéidir gurab é an rud is feárr


L. 192


d'ár sgríobh an Craoibhín Aoibhinn riamh é. Tá ciall agus
fuinneamh ann ó thúis go deireadh, agus gach gníomh go
nádúrdha ann. Mar sin féin, dob' olc an rud an
bob do bhualadh ar an bhfilidh bhocht. Ní ceart neimh-
fhírinne do chur os comhair an tsluaigh, bíodh gur i
n-aisde bhig a bheadh sí.



Ní gan dearmaid atá an sgríbhinn. Cad as gur
sgríobhadh "Nuair a bhfuil maide, etc." agus "nuair bhfuil
glaine, etc.," i n-ionad "Nuair atá maide, etc.," agus
"nuair atá glaine, etc."? Ní ceart "le n-a bhfuil
seisean d'á rádh liom" agus "Cad é do bhí an bodach sin
d'á iarraidh ort?" acht comh beag. "Do" ba cheart
a bheith ann i n-ionad "d'á." Rud eile, ní hionann
"bárduigheacht" fá láthair agus filidheacht. Tá breith
eile ann agus is amhlaidh dob' ionráidhte é "Is cuma liom
ciaca tagann nó ach dtagann" nó "is cuma liom an
dtagann sé nó nach dtagann." Ní ceart "ag bonn
an chnuic" i n-ionad "ag bun an chnuic." Tá rudaí
nach iad dob' ionchuirthe síos leis ar a mhalairt de
shlighe. Acht sgaoiltear léi agus tráchtthar tamall ar an
aisdeoireacht féin.



Ba de Chraoibh an Chéitinnigh gach duine d'á raibh ag
aisdeoireacht acht amháin an Ceinteach agus an Craoibhín
Aoibhinn. Do rinneadar go léir an gnó go han-mhaith,
gach duine aca ar lán a dhíchill. 'Sí Máire Ní Chinnéide
ba chailín na haisde Úna agus ba dhathamhail daithte an
cailín í. Dob' iongantach an bhean tighe Máire Ní
Ríogáin Eibhlín Ní Dhonnabháin, acht, go deimhin, ní
bárr na féile do rug sí, tar éis an fhileadh bhoicht do
dhíbirt as a tigh. Ba mhaith an chomhursa Síle Próinnséis
Ní Shúileabháin, agus an chaint go fíor-bhlasda aici, ag
tabhairt chomhairle uaithi. Dob; fhíor-fhile ar seachrán
Tomás Ó hAnnracháin an Craoibhín Aoibhinn, acht do
bhí a chuid rannaigheachta rud beag Gallda. Ní gábhadh
Tadhg Ó Donnchudha do mholadh; thug sé na focail leis
agus uaidh go han-mhaith, nídh nár bh'iongnadh. Go mairid
go léir i bhfad, cé nach "Gaelic Dramatic Society"
iad ar éan-chor. Fóiríor! ní ceart ná cóir do rinne
lucht an amharclainn dóibh, acht a n-anmanna do chur
fá smúid nó do cheilt, ar éin-tslighe; agus 'na thaobh sain
agus uile, is iad do rug an chraobh leó agus maidir leis na
mnáibh, rugadar bárr sgéimhe ar na ban-aisteoiríbh
Sasanacha do bhí i n-"Diarmuid and Grania".



Ceatha Ceoil: - I. Siubhail a ghrád. Fá ghléas ag
Caireall Hardebec. Ar n-a chur amach ag Connradh
na Gaedhilge, i mBaile Átha Cliath. Dhá phinginn.
Falconer, Baile Átha Cliath.



"Tús maith leath na hoibre." Is an-mhaith an tús é
seo, agus a bhinne atá an t-amhrán. Tá ceól fá chló ag
teastáil go dian-mhór ó shluagh na nGaedheal agus ní dócha
gur misde leo an tús so. Nára' fada go bhfeicfear
an chéad cheann eile aca.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services