Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht - Feis Mhaghchromdha 1899
Title
Filidheacht - Feis Mhaghchromdha 1899
Author(s)
Tadhg,
Pen Name
Tadhg
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Filidheacht Feis Mhaghchromdha 1899 Is iomdha chuideachta thaithneamhach Ghaedhilge Do bhlaiseas-sa féinig le tamaillín, Acht 's í 'n Fheis seo Mhaghchromdha na gcael- fhear, Rug barr agus craobh ar a bhfeaca dhíobh. 'S ann do-gheabhtha-sa an sean-fhear go gléasta Do labharfadh an Ghaedhilg go haicillidhe D'inneosadh dhuit startha agus dréachta, 'S do-gheabhadh dhuit a bhéarsa go hana- bhinn. 'S ann do-gheabhtha-sa ainnir chiuin mhaordha Ná tuitfidh i n-aon chor 'na caillichín, Do-gheabhadh dhuit abhrán gan aen éislinn, Is cantan a bhéil bhig ba bhlasda linn. Is ann a chonnac-sa na buachaillí gléigeala Bhuaidhfeadh ar éanaibh - dá fheabhas bhíd. 'S b'é mac aga Donnchadh Cléireach Dob fhearr is ba léire ar na cantairibh Is gairid má mhairim beo i nÉirinn Go rachad d'a bhféachaint sin seal aríst, 'S go gcluinfeadh-sa stair Sheagháin Uí Laoghaire Ar Chnocáinín aorach na Biolaraighe. Dia libh a ghasra an laochais, A aicme na féile 's na fairsingidheacht, Go raibh rath agus sonas gach lae oraibh; Faid ar bhur saoghail agus barr ghrinn. Coimeádam fé ghradam an Ghaedhilg Ó'n Domhnach go chéile fad mhairfimíd, Agus glamhairneach malluighthe an Bhéarla Ná fágam-na léas de gan chaitheamh dhínn. Bíom caradach páirteach le chéile; I masladh ná i n-éitheach ná cuiream suim; Bíom muinteardha cosantach Gaedhealach, 'S is gairid go dtraochfar an Ghalla-bhuidhean. Tadhg
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services