Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht - Feis Mhaghchromdha 1899

Title
Filidheacht - Feis Mhaghchromdha 1899
Author(s)
Tadhg,
Pen Name
Tadhg
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Filidheacht



Feis Mhaghchromdha 1899



Is iomdha chuideachta thaithneamhach Ghaedhilge
Do bhlaiseas-sa féinig le tamaillín,
Acht 's í 'n Fheis seo Mhaghchromdha na gcael-
fhear,
Rug barr agus craobh ar a bhfeaca dhíobh.



'S ann do-gheabhtha-sa an sean-fhear go
gléasta
Do labharfadh an Ghaedhilg go haicillidhe
D'inneosadh dhuit startha agus dréachta,
'S do-gheabhadh dhuit a bhéarsa go hana-
bhinn.



'S ann do-gheabhtha-sa ainnir chiuin mhaordha
Ná tuitfidh i n-aon chor 'na caillichín,
Do-gheabhadh dhuit abhrán gan aen éislinn,
Is cantan a bhéil bhig ba bhlasda linn.



Is ann a chonnac-sa na buachaillí gléigeala
Bhuaidhfeadh ar éanaibh - dá fheabhas bhíd.
'S b'é mac aga Donnchadh Cléireach
Dob fhearr is ba léire ar na cantairibh



Is gairid má mhairim beo i nÉirinn
Go rachad d'a bhféachaint sin seal aríst,
'S go gcluinfeadh-sa stair Sheagháin Uí Laoghaire
Ar Chnocáinín aorach na Biolaraighe.



Dia libh a ghasra an laochais,
A aicme na féile 's na fairsingidheacht,
Go raibh rath agus sonas gach lae oraibh;
Faid ar bhur saoghail agus barr ghrinn.



Coimeádam fé ghradam an Ghaedhilg
Ó'n Domhnach go chéile fad mhairfimíd,
Agus glamhairneach malluighthe an Bhéarla
Ná fágam-na léas de gan chaitheamh dhínn.



Bíom caradach páirteach le chéile;
I masladh ná i n-éitheach ná cuiream suim;
Bíom muinteardha cosantach Gaedhealach,
'S is gairid go dtraochfar an Ghalla-bhuidhean.



Tadhg

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services