Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalaidheacht. Feirmeoir agus Buachaill.
Title
Sgéalaidheacht. Feirmeoir agus Buachaill.
Author(s)
Ó Laoghaire, Donnchadh,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FEIRMEOIR AGUS BUACHAILL. Mórán bliadhanta ó shoin, bhí feirmeóir ann, is budh an- dheacair d'aon tseirbhíseach é do shásamh. Dá gcuirfidís an cnoc so ar an gcnoc úd thall budh dhóigh leis nárbh' aon obair dhóibh é. Bhí aon bhuachaill amháin aige go háirighthe, is ceap sé in' aigne sasamh a bhaint de de chionn an luighead oibre do dheineadh sé. Thug sé ós cómhair na cúirte é. Do glaodhadh suas ar an bhfeirmeoir chum fiadhnaise do thabhairt uaidh, is féachaint cad do bhí le rádh aige. Dúbhairt sé ná raibh fonn air dadamh do dhéanamh is go ngabhadh sé: - "A cómhgar chum an bhídh 'S an tímcheall chum an hoibre." Dúbhairt an giúistís go raibh sain dona go leór, is glaodhadh suas ar an mbuachaill chum é féin do chosaint, má bhí aon nídh le rádh aige. Dúbhairt an buachaill leo gan cluas do thabhairt don chéad sgéal go mbéarfadh an dara sgéal ortha. Chuir sé i n-umhail dóibh go raibh easbadh bídh ag cur air go dian, is go raibh sé oireamhnach ar obair do dhéanamh is gur mar seo bhíodh an cúrsa aco: - "An t-uachtar d'fhear an tighe 'S an t-íochtar d'fhear na hoibre, Éirghe moch agus luighe déidheanach, Beagán le n'ithe agus morán do dhéanamh." Agus ar seisean, "Dá dhonacht é an biadh atá an gléas atá agam chum oibre do dhéanamh seacht n-uaire níos measa." "'Siad so iad, a dhaoine uaisle": - "Sluasad mhaol mhanntach is leath-bheann ar phíce, Seana-bhota briste, agus brusgarnach aoiligh, Capall caol árd i gcoinnimh cnocáin gan iarann, Buachaill caol seanda 's is gann fhaghtar biadh dho." "Dar ndóigh," ars' an giúistís, "níl éinne i n-Éirinn do thabharfadh milleán duit de dheasgaibh do chuid díomhaointis." Do órduigh sé do'n bhfeirmeóir dul a bhaile 's an buachaill do ghlacadh arís 'na sheirbhís, is gléas fóghanta oibre d'fhághail dho 's a dhóithin le n' ithe is le n' ól, 'pé sgéal é, is gur gairid go rachadh an buachaill i bhfeabhas chum a ghnótha do dhéanamh. DONNCHADH O LAOGHAIRE, Roscomáin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services