Mórán bliadhanta ó shoin, bhí
feirmeóir ann, is budh an-
dheacair d'aon tseirbhíseach é
do shásamh.  Dá gcuirfidís an 
cnoc so ar an gcnoc úd thall
budh dhóigh leis nárbh' aon obair 
dhóibh é.  Bhí aon bhuachaill amháin aige 
go háirighthe, is ceap sé in' aigne sasamh a 
bhaint de de chionn an luighead oibre do 
dheineadh sé.  Thug sé ós cómhair na cúirte é.
Do glaodhadh suas ar an bhfeirmeoir chum
fiadhnaise do thabhairt uaidh, is féachaint cad 
do bhí le rádh aige.  Dúbhairt sé ná raibh 
fonn air dadamh do dhéanamh is go ngabhadh 
sé: -
"A cómhgar chum an bhídh
'S an tímcheall chum an hoibre."
Dúbhairt an giúistís go raibh sain dona go 
leór, is glaodhadh suas ar an mbuachaill chum 
é féin do chosaint, má bhí aon nídh le rádh 
aige.
Dúbhairt an buachaill leo gan cluas do 
thabhairt don chéad sgéal go mbéarfadh an 
dara sgéal ortha.  Chuir sé i n-umhail dóibh 
go raibh easbadh bídh ag cur air go dian, is 
go raibh sé oireamhnach ar obair do dhéanamh 
is gur mar seo bhíodh an cúrsa aco: -
"An t-uachtar d'fhear an tighe 
'S an t-íochtar d'fhear na hoibre,
Éirghe moch agus luighe déidheanach,
Beagán le n'ithe agus morán do dhéanamh."
Agus ar seisean, "Dá dhonacht é an biadh
atá an gléas atá agam chum oibre do 
dhéanamh seacht n-uaire níos measa."
"'Siad so iad, a dhaoine uaisle": -
"Sluasad mhaol mhanntach is leath-bheann ar
phíce,
Seana-bhota briste, agus brusgarnach aoiligh,
Capall caol árd i gcoinnimh cnocáin gan 
iarann,
Buachaill caol seanda 's is gann fhaghtar 
biadh dho."
"Dar ndóigh," ars' an giúistís, "níl éinne 
i n-Éirinn do thabharfadh milleán duit de 
dheasgaibh do chuid díomhaointis."
Do órduigh sé do'n bhfeirmeóir dul a 
bhaile 's an buachaill do ghlacadh arís 'na 
sheirbhís, is gléas fóghanta oibre d'fhághail 
dho 's a dhóithin le n' ithe is le n' ól, 'pé sgéal
é, is gur gairid go rachadh an buachaill i 
bhfeabhas chum a ghnótha do dhéanamh.
DONNCHADH O LAOGHAIRE,
Roscomáin.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11