Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne.
Title
Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BRISLEACH MHÓR MHAIGHE MHUIRTHEIMHNE. Atá tusa ag seachnadh teacht san ghleann-so," ar Cathfadh. "Atáim," ar Cú Chulainn, "agus ní thánag ann riamh uair ba lugha orm teacht ann ná anois, agus adeirid fir Éireann gurab do theicheadhrómpa féin atáim ag teacht ann," agus tigidh rómpa iar sin gus an mbruighin do rinneadh le Cathfadh fá chomhair Chon Culainn agus do sguireadh an Liath Macha agus an Dubhfhaoileann ar urlár an ghleanna agus do shuidh Cú Chulainn ar shlios na ríoghbhruighne agus do shuidh Niamh agus an bhanntracht ar an slios oile agus do shuidheadar an t-aos ceoil agus oirfide ar an dtaoibh oile ar a gcomhair, agus do ghabhadar ag ól agus ag aoibhneas go ceólmhar cluicheamhail agus do thógbhadar a múirn agus a meidhir ar cheana. Iomthúsa Cloinne Cailitin, tángadar na trí hingheana claon-dálacha cruth-luaimhneacha cuirpthe Cailitin go riarach sáir-éadtrom siubhal-ghrod go rángadar faithche na hEamhna, agus do chuadar mar a bhfacadar Cú Chulainn an oidhche roimhe sin, agus ó nach fuaradar Cú Culainn ann sin do shíoradar Eamhain uile agus ní fhuaradar é, agus dob' iongnadh leó cá háit i ndeachaidh sé gan bheith i bhfarradh Éimhre ná Conchubhair ná curaidh na Craoibhe Ruaidhe uile agus d'aithneadar na harrachta gurab comhachta Chathfaidh do bhí dá fholach orra agus d'éirgheadar go héanamhail aedheartha le foluamhain na gaoithe duaibhsighe draoidh- eachta do dhealbhadar dá dtógbháil do chuartughadh an churadh, go nár fhágbhadar fiodh na fáin-ghleann diamhair ná droibheal in-san gcúige uile gan iarraidh no go rángadar ós cionn Ghleanna na mbodhar agus do chonncadar an Liath Macha agus an Dubhfhaoil- eann ar urlár an Ghleanna, Laogh mac Rianghabhra ag a gcoimeád, agus d'aithneadar go raibh Cúl Chulainn san ngleann agus do chualadar foghar glóir na bhfileadh agus iad ag fleadh-ól go fíor-aoibhinn agus leis sin do thionóladar Clann Chailitin duilleabhar fír- éadtrom na fíodhbhaidhe agus féar fíor-uaine na faithce agus bolgána beaga béilce go ndearnadar óig agus anradha armtha díobh, go nach raibh tulach ná tuath, cnoc ná cabhán timcheall an ghleanna nach raibh lán do chathaibh agus do chéadaibh agus do chóirighthibh go gclos go néalaibh nimhe na gleódha gáibhtheacha glós-árda agus na héighmhe taidhbhseacha agus na hioladha gráineamhla groid-bhiodhgthacha do thóghbhadar i n-a dtimcheall gur ba lán an tír do chreachaibh agus do loisgthibh agus do luath- gholaibh agus do bhéiceadhaibh stoc agus adharc agus árd-
chomharc, do nuallaibh con agus conart agus do bhúireadh bonanach agus gocanach agus do gheiltibh glinne agus do dheamhain aeir do na comhachtaibh móra sin Cloinne Cailitin, agus mar do- chluinidís cách na trom-ghárrtha sin do leigidís féin gárrtha i n-a h-aghaidh, agus is túsga do chuala Cú Chulainn na gárrtha sin ná cách agus adubhairt, "Is truagh na gárrtha so do-chluinim ag fearaibh Éireann ag creachadh na cúige go coitcheann agus táinig críoch mo shaoghail anois agus ní bhia maithghníomh dá rádh riom dá éis go bráth agus táirnigh fós an chúige go bruinne an bhrátha." "Leig seacha sin, a Chú Chulainn," ar Cathfad, "óir ní fhuil ionnta súd acht sian- ghárrtha síthe do shluaghaibh siubhlacha sanais do dhealbhadar Clann Chailitin chugat-sa agus ná tabhair dod' aire iad agus déanaidh comhnuidhe mar a bhfuile." Agus do tuirsigheadh clann Chailitin de sin, ionnus nach raibh tarbha dhóibh i n-a ndearnadar. "Déanaidh anmhain ann sin," ar Badhbh, inghean Chailitin, re n-a dís dearbhráthar, "go ndeachainnse 'san ngleann ar cheann Con Culainn gion gurab bás do ghéabha de," agus do chuaidh roimpi i n-a baoth-ruathar go beag- náireach chum na bruighne agus do chuaidh i riocht mná chum na bruighne agus do chuaidh i riocht mná do mhnáibh Neimhe, inghine Cealtchair, agus do ghoir léi amach í dá hagallamh, agus do chuaidh an ríoghan léi tar dhorus na bruighne amach agus dream mór do'n bhanntracht mar aon riú, agus do rug an ríoghan léi le n-a cealg-dhraoidheacht seal fada agus do chuir ar mudha agus ar seachrán feadh an ghleanna iad, agus do chuir draoidheachta idir iad agus an bhruighean agus táinig féin uatha as a haithle sin, óir do bhí fios aici roimhe sin gur bhain Niamh gealladh do Choin Chulainn nach rachadh sé d'ionnsaighe fear n-Éireann nó go dtug sí féin cead dó, agus do chuir an badhbh dealbh Neimhe uirri féin agus táinig mar a raibh Cú Chulainn agus do ráidh sí ris na sluaigh d'ionnsaighe, agus adubhairt: - A churaidh agus a chaith-mhílidh," ar sí, "atá Dún Dealgan ar n-a losgadh agus Magh Muirtheimhne agus Machaire Chonaill ar n-a gcreachadh agus an Chúige uile ar n-a hargain, agus is orm-sa do bhéaraid Ulaidh uile achmusán gan do leigean- sa do dhíoghail a gcreach, agus is eagal liom Conall dom' mharbhadh gan contabhairt ar son gan tusa do leigean d'anacail na Cúige." "Truaighe sin, a Niamh," ar Cú Chulainn, "is deacair taobh do thabhairt le mnaoi tar h'éis go bráth, agus do mesfaidhe nach tabharthá an cead sin domh-sa ar ór an domhain agus ar mhaitheas na cruinne go hiomlán agus ó do cheadaighis dom dhul i ndáil imnidh agus éadtualaing i n-aghaidh urmhóir fhear nÉir- eann uile, is deimhin go rachad ann." Is ann sin d'éirigh Cú Chulainn go haith- mhéalach leis na haithiosgaibh sin, agus, ag éirghe dhó, tárla beann a bhruit fá n-a chosaibh, ionnus go dtárla i n-a shuidhe tar ais dá aimhdheoin é, agus d'éirigh arís tre bhiodhgadh an bhasgaidh sin agus do sgeinn an dealg óir do bhí i n-a bhrat go ndeachaidh go fíor-mhullach na bruighne, agus ag tuitim chum láir do, do chuaidh tré a throigh go talmhain. "Is fíor sin," ar Cú Chulainn, "is biodhbha dealg agus ní biodhbha brat, agus fós is ag tabhairt rabhtha domh-sa atá sé, agus adubhairt an rann: - Ní biodhbha brat acht is boidhbha dealg Do bhéaras rabha reath Sleagh chiorrbhas corp curadh chruaidh Re coiméirghe cáich ní mo chean. Táinig Cú Chulainn amach ar an mbruighin iar sin agus d'fhógair dá ghiolla na heich do ghábháil agus an carbad d'inneall, agus leis sin d'éirigh Cathfadh agus Geanann agus an bhanntracht
uile i n-a dhiaidh agus do shíneadar a lámha do bhreith air, agus níor fhéadsad a thoirmeasg nó go ndeachaidh as an ngleann amach agus do ghabh ag feitheamh na cóige i n-a thimcheall; agus do imthigh an badhbh uatha as a haithle sin agus do thógbhadar Clann Chailitin gárrtha uathbhásacha ós árd agus do chuala Cú Chulainn iad agus is mó do taidhbhreadh do iad an uair sin ná a bhfaca dhíobh roimhe sin agus do ghabh Cathfadh ag á cheann- sughadh agus adubhairt ris: - "A mhic ionmhin, an ar mo chomhairle indiu amháin gan dul i n-athaidh fear nÉire- ann agus coisgfead-sa draoidheacht Cloinne Cailitin ó indiu amach." "Och, a oide ionmhuin," ar sé, "ní fhuil fáth ar ionchoiméad m'anma feasta, óir táinig mo shaoghal agus cailleadh mo gheasa agus do cheaduigh Niamh dhomh imtheacht agus dul i ndáil fear nÉireann agus rachad ann," agus táinig Niamh chuca iar sin. "Truaighe sin, a Chú Chulainn," ar Niamh, "ní thiubhrainn-se an cead sin duit ar ór an domhain agus ar mhaitheas na cruinne go hiomlán agus ní mé do cheaduigh duit dul ann acht Badhbh, inghean Chailitin, do chuaidh im' riocht dot' mhealladh agus an agam-sa, a chara agus a chaoimh-leannáin." Agus níor chreid Cú Chulainn aon fhocal de sin uaithi agus d'fhógair na heich do ghabháil agus an carbad d'inneall agus do chórughadh agus a chleasa uile do chur i n-eagar. Táinig Laogh roimhe do ghabháil na n-each agus ní dheachaidh aon uair ba leasga leis dul dá ngabháil ná an uair sin, agus do chroith na srianta ar a gcomhair agus do theicheadar na heich uaidh, agus d'éimidh an Liath Macha é agus do bhí go fraochda fóirniata ris. "Och! is fíor sin," ar Laogh, "is manadh mór-uilc dhuit-se agus domh-sa sin, agus má tá olc i ngoire dhuit-se atá domh-sa, óir is annamh libh nach i gcoinne na srianta do thiocfadh sibh," agus do ghabh Laogh ag tabhairt teasmholta ar an Liath Macha agus adubhairt: "A Liath Macha," ar sé, "ba héadtrom aigeantach tu ar aontaighibh agus ba bhreaghdha le bandálaibh agus ba socair so-ghabhálta le hionnsaighthibh agus is leat ba mhionca bheith neamhgháibhtheach re ham n-anfhorlainn agus éagcomhlainn," agus gidheadh níor an an Liath Macha leis an tan sin, agus táinig Laogh d'ionnsaighe Con Culainn agus d'innis do nár an an Liath Macha leis agus leis sin táinig féin go dhabháil agus níor an ris, agus do ba comhmhór le maol-dorn mílidh na deóra doinn-fhliucha do shileadh tar gruadhaibh an Liath Macha agus táinig Laogh do'n dara taobh di agus adubhairt. "A Liath, ba chóra dhuit maith do dhéanamh anois ná gach lá oile roime riamh agus ro an (an) Liath Macha re Laoth an tan sin agus do gabhadh an Dubhfhaoileann agus do cuireadh an carbad orra agus do ghabh Cú Chulainn ag inneall agus ag córughadh a chleas goile agus gaisgidh uile agus gabhas a chinnbheart catha im a cheann agus do ghabh a chleasa uile, agus do ling i n-a charbad gan ceadughadh d'éinneach dá raibh i n-a thimcheall, agus do thuiteadar a airm uile uaidh fá n-a chosaibh is an gcarbad, ionnus go ndeachadar as a gcóirighthibh siubh- ail agus as a n-ionadaibh iombuailte, agus do badh cealmhaine mhór le cách uile sin agus táinig roimhe i gceann teicheadha agus tsiubhail go hEamhain Macha, agus ní fada do chuaidh an tan do taidhbhrigheadh dó na catha comhmóra do bheith ar fhaithche na hEamhna agus do chonnairc na maighe lanna da líonadh do leathan-bhuidhnibh agus do chipeadhaibh catha agus do chéadaibh cóirighthe agus iomad each agus arm agus éidigh, agus dar leis fós do chuala na héighmhe go huathbhásach ag méadughadh agus na loisgne ag leathnughadh agus ag leabhar-sgaoileadh fo chathraigh Chonchubhair, agus dar leis ní raibh cnoc ná tulach timcheall Eamhna nach raibh lán do chreachaibh agus do
taidhbhrigheadh do go raibh grianán Éimhre ag á trasgairt tar claidhe na hEamhna amach agus teagh na Craoibhe Ruaidhe ar lasadh agus Eamhain uile i n-éin-tioneadal teineadh agus ceó dubh dorcha deathach-mhór os a cionn. (Ní críoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services