Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne.

Title
Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 177


BRISLEACH MHÓR MHAIGHE MHUIRTHEIMHNE.



Atá tusa ag seachnadh
teacht san ghleann-so,"
ar Cathfadh.



"Atáim," ar Cú
Chulainn, "agus ní thánag
ann riamh uair ba lugha
orm teacht ann ná anois,
agus adeirid fir Éireann
gurab do theicheadhrómpa féin atáim ag
teacht ann," agus tigidh rómpa iar sin gus an
mbruighin do rinneadh le Cathfadh fá chomhair
Chon Culainn agus do sguireadh an Liath Macha
agus an Dubhfhaoileann ar urlár an ghleanna agus do
shuidh Cú Chulainn ar shlios na ríoghbhruighne
agus do shuidh Niamh agus an bhanntracht ar an slios
oile agus do shuidheadar an t-aos ceoil agus oirfide
ar an dtaoibh oile ar a gcomhair, agus do
ghabhadar ag ól agus ag aoibhneas go ceólmhar
cluicheamhail agus do thógbhadar a múirn agus a
meidhir ar cheana.



Iomthúsa Cloinne Cailitin, tángadar na
trí hingheana claon-dálacha cruth-luaimhneacha
cuirpthe Cailitin go riarach sáir-éadtrom
siubhal-ghrod go rángadar faithche na hEamhna,
agus do chuadar mar a bhfacadar Cú Chulainn
an oidhche roimhe sin, agus ó nach fuaradar Cú
Culainn ann sin do shíoradar Eamhain uile
agus ní fhuaradar é, agus dob' iongnadh leó cá
háit i ndeachaidh sé gan bheith i bhfarradh
Éimhre ná Conchubhair ná curaidh na Craoibhe
Ruaidhe uile agus d'aithneadar na harrachta
gurab comhachta Chathfaidh do bhí dá fholach
orra agus d'éirgheadar go héanamhail aedheartha
le foluamhain na gaoithe duaibhsighe draoidh-
eachta do dhealbhadar dá dtógbháil do
chuartughadh an churadh, go nár fhágbhadar
fiodh na fáin-ghleann diamhair ná droibheal
in-san gcúige uile gan iarraidh no go
rángadar ós cionn Ghleanna na mbodhar agus
do chonncadar an Liath Macha agus an Dubhfhaoil-
eann ar urlár an Ghleanna, Laogh mac
Rianghabhra ag a gcoimeád, agus d'aithneadar
go raibh Cúl Chulainn san ngleann agus do
chualadar foghar glóir na bhfileadh agus iad ag
fleadh-ól go fíor-aoibhinn agus leis sin do
thionóladar Clann Chailitin duilleabhar fír-
éadtrom na fíodhbhaidhe agus féar fíor-uaine
na faithce agus bolgána beaga béilce go
ndearnadar óig agus anradha armtha díobh, go
nach raibh tulach ná tuath, cnoc ná cabhán
timcheall an ghleanna nach raibh lán do
chathaibh agus do chéadaibh agus do chóirighthibh go
gclos go néalaibh nimhe na gleódha gáibhtheacha
glós-árda agus na héighmhe taidhbhseacha agus na
hioladha gráineamhla groid-bhiodhgthacha do
thóghbhadar i n-a dtimcheall gur ba lán an
tír do chreachaibh agus do loisgthibh agus do luath-
gholaibh agus do bhéiceadhaibh stoc agus adharc agus árd-


L. 178


chomharc, do nuallaibh con agus conart agus do
bhúireadh bonanach agus gocanach agus do gheiltibh
glinne agus do dheamhain aeir do na comhachtaibh
móra sin Cloinne Cailitin, agus mar do-
chluinidís cách na trom-ghárrtha sin do
leigidís féin gárrtha i n-a h-aghaidh, agus is
túsga do chuala Cú Chulainn na gárrtha sin
ná cách agus adubhairt, "Is truagh na gárrtha so
do-chluinim ag fearaibh Éireann ag creachadh
na cúige go coitcheann agus táinig críoch mo
shaoghail anois agus ní bhia maithghníomh dá rádh
riom dá éis go bráth agus táirnigh fós an chúige
go bruinne an bhrátha."



"Leig seacha sin, a Chú Chulainn," ar
Cathfad, "óir ní fhuil ionnta súd acht sian-
ghárrtha síthe do shluaghaibh siubhlacha sanais
do dhealbhadar Clann Chailitin chugat-sa agus
ná tabhair dod' aire iad agus déanaidh comhnuidhe
mar a bhfuile."



Agus do tuirsigheadh clann Chailitin de
sin, ionnus nach raibh tarbha dhóibh i n-a
ndearnadar.



"Déanaidh anmhain ann sin," ar Badhbh,
inghean Chailitin, re n-a dís dearbhráthar,
"go ndeachainnse 'san ngleann ar cheann
Con Culainn gion gurab bás do ghéabha de," agus
do chuaidh roimpi i n-a baoth-ruathar go beag-
náireach chum na bruighne agus do chuaidh i riocht
mná chum na bruighne agus do chuaidh i riocht
mná do mhnáibh Neimhe, inghine Cealtchair,
agus do ghoir léi amach í dá hagallamh, agus do
chuaidh an ríoghan léi tar dhorus na bruighne
amach agus dream mór do'n bhanntracht mar
aon riú, agus do rug an ríoghan léi le n-a
cealg-dhraoidheacht seal fada agus do chuir ar
mudha agus ar seachrán feadh an ghleanna iad, agus
do chuir draoidheachta idir iad agus an bhruighean
agus táinig féin uatha as a haithle sin, óir do
bhí fios aici roimhe sin gur bhain Niamh gealladh
do Choin Chulainn nach rachadh sé d'ionnsaighe
fear n-Éireann nó go dtug sí féin cead
dó, agus do chuir an badhbh dealbh Neimhe uirri
féin agus táinig mar a raibh Cú Chulainn agus
do ráidh sí ris na sluaigh d'ionnsaighe, agus
adubhairt: -



A churaidh agus a chaith-mhílidh," ar sí, "atá Dún
Dealgan ar n-a losgadh agus Magh Muirtheimhne
agus Machaire Chonaill ar n-a gcreachadh agus an
Chúige uile ar n-a hargain, agus is orm-sa do
bhéaraid Ulaidh uile achmusán gan do leigean-
sa do dhíoghail a gcreach, agus is eagal liom
Conall dom' mharbhadh gan contabhairt ar
son gan tusa do leigean d'anacail na
Cúige."



"Truaighe sin, a Niamh," ar Cú Chulainn,
"is deacair taobh do thabhairt le mnaoi tar
h'éis go bráth, agus do mesfaidhe nach tabharthá
an cead sin domh-sa ar ór an domhain
agus ar mhaitheas na cruinne go hiomlán agus ó
do cheadaighis dom dhul i ndáil imnidh agus
éadtualaing i n-aghaidh urmhóir fhear nÉir-
eann uile, is deimhin go rachad ann."



Is ann sin d'éirigh Cú Chulainn go haith-
mhéalach leis na haithiosgaibh sin, agus, ag éirghe
dhó, tárla beann a bhruit fá n-a chosaibh,
ionnus go dtárla i n-a shuidhe tar ais dá
aimhdheoin é, agus d'éirigh arís tre bhiodhgadh an
bhasgaidh sin agus do sgeinn an dealg óir do
bhí i n-a bhrat go ndeachaidh go fíor-mhullach
na bruighne, agus ag tuitim chum láir do, do
chuaidh tré a throigh go talmhain. "Is fíor
sin," ar Cú Chulainn, "is biodhbha dealg agus ní
biodhbha brat, agus fós is ag tabhairt rabhtha
domh-sa atá sé, agus adubhairt an rann: -




Ní biodhbha brat acht is boidhbha dealg
Do bhéaras rabha reath
Sleagh chiorrbhas corp curadh chruaidh
Re coiméirghe cáich ní mo chean.



Táinig Cú Chulainn amach ar an mbruighin
iar sin agus d'fhógair dá ghiolla na heich do
ghábháil agus an carbad d'inneall, agus leis sin
d'éirigh Cathfadh agus Geanann agus an bhanntracht


L. 179


uile i n-a dhiaidh agus do shíneadar a lámha
do bhreith air, agus níor fhéadsad a thoirmeasg nó
go ndeachaidh as an ngleann amach agus do ghabh
ag feitheamh na cóige i n-a thimcheall; agus do
imthigh an badhbh uatha as a haithle sin agus do
thógbhadar Clann Chailitin gárrtha uathbhásacha
ós árd agus do chuala Cú Chulainn iad agus is mó
do taidhbhreadh do iad an uair sin ná a bhfaca
dhíobh roimhe sin agus do ghabh Cathfadh ag á cheann-
sughadh agus adubhairt ris: -



"A mhic ionmhin, an ar mo chomhairle
indiu amháin gan dul i n-athaidh fear nÉire-
ann agus coisgfead-sa draoidheacht Cloinne
Cailitin ó indiu amach."



"Och, a oide ionmhuin," ar sé, "ní fhuil fáth
ar ionchoiméad m'anma feasta, óir táinig
mo shaoghal agus cailleadh mo gheasa agus do
cheaduigh Niamh dhomh imtheacht agus dul i ndáil
fear nÉireann agus rachad ann," agus táinig Niamh
chuca iar sin.



"Truaighe sin, a Chú Chulainn," ar Niamh,
"ní thiubhrainn-se an cead sin duit ar ór an
domhain agus ar mhaitheas na cruinne go hiomlán
agus ní mé do cheaduigh duit dul ann acht
Badhbh, inghean Chailitin, do chuaidh im' riocht
dot' mhealladh agus an agam-sa, a chara agus a
chaoimh-leannáin." Agus níor chreid Cú
Chulainn aon fhocal de sin uaithi agus d'fhógair
na heich do ghabháil agus an carbad d'inneall agus
do chórughadh agus a chleasa uile do chur i n-eagar.
Táinig Laogh roimhe do ghabháil na n-each agus ní
dheachaidh aon uair ba leasga leis dul dá
ngabháil ná an uair sin, agus do chroith na srianta
ar a gcomhair agus do theicheadar na heich uaidh, agus
d'éimidh an Liath Macha é agus do bhí go fraochda
fóirniata ris.



"Och! is fíor sin," ar Laogh, "is manadh
mór-uilc dhuit-se agus domh-sa sin, agus má tá olc
i ngoire dhuit-se atá domh-sa, óir is annamh
libh nach i gcoinne na srianta do thiocfadh
sibh," agus do ghabh Laogh ag tabhairt teasmholta
ar an Liath Macha agus adubhairt: "A Liath
Macha," ar sé, "ba héadtrom aigeantach
tu ar aontaighibh agus ba bhreaghdha le bandálaibh
agus ba socair so-ghabhálta le hionnsaighthibh agus is
leat ba mhionca bheith neamhgháibhtheach re ham
n-anfhorlainn agus éagcomhlainn," agus gidheadh
níor an an Liath Macha leis an tan sin, agus
táinig Laogh d'ionnsaighe Con Culainn agus
d'innis do nár an an Liath Macha leis agus
leis sin táinig féin go dhabháil agus níor an ris,
agus do ba comhmhór le maol-dorn mílidh na
deóra doinn-fhliucha do shileadh tar gruadhaibh
an Liath Macha agus táinig Laogh do'n dara
taobh di agus adubhairt.



"A Liath, ba chóra dhuit maith do dhéanamh
anois ná gach lá oile roime riamh agus ro an
(an) Liath Macha re Laoth an tan sin agus do
gabhadh an Dubhfhaoileann agus do cuireadh an
carbad orra agus do ghabh Cú Chulainn ag
inneall agus ag córughadh a chleas goile agus
gaisgidh uile agus gabhas a chinnbheart catha im
a cheann agus do ghabh a chleasa uile, agus do ling
i n-a charbad gan ceadughadh d'éinneach dá
raibh i n-a thimcheall, agus do thuiteadar a airm
uile uaidh fá n-a chosaibh is an gcarbad,
ionnus go ndeachadar as a gcóirighthibh siubh-
ail agus as a n-ionadaibh iombuailte, agus do badh
cealmhaine mhór le cách uile sin agus táinig
roimhe i gceann teicheadha agus tsiubhail go
hEamhain Macha, agus ní fada do chuaidh an tan
do taidhbhrigheadh dó na catha comhmóra do
bheith ar fhaithche na hEamhna agus do chonnairc
na maighe lanna da líonadh do leathan-bhuidhnibh
agus do chipeadhaibh catha agus do chéadaibh cóirighthe
agus iomad each agus arm agus éidigh, agus dar leis fós
do chuala na héighmhe go huathbhásach ag
méadughadh agus na loisgne ag leathnughadh agus
ag leabhar-sgaoileadh fo chathraigh Chonchubhair,
agus dar leis ní raibh cnoc ná tulach timcheall
Eamhna nach raibh lán do chreachaibh agus do


L. 180


taidhbhrigheadh do go raibh grianán Éimhre ag á
trasgairt tar claidhe na hEamhna amach agus
teagh na Craoibhe Ruaidhe ar lasadh agus Eamhain
uile i n-éin-tioneadal teineadh agus ceó dubh
dorcha deathach-mhór os a cionn.



(Ní críoch).

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services