Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. Na Sacramaintí Déidheanacha: Cionnus iad do ghlacadh mar is cóir. Sagart riaghalta d'aistrigh. Baile Átha Cliath: Comhlucht na Fírinne Catoilice, i Sráid na Mainistreach Íochtair, 2. 1901. Ar phinginn. Tá Gaedhilg mhaith shimplildhe ins an leabhrán so, agus ní'l baoghal ná go mbainfidh sagairt na hÉireann úsáid mhaith as. Badh cheart go gcuirfeadh an comhlucht a lán d'á leithéidíbh i gcló agus iad d'uireasbaidh ar an sluagh. Nach mór an truagh agus an aisdigheacht stampa Gallda do bheith aca agus an t-ainm i litreachaibh Gaedh- ealacha .i. CATHOLIC TRUTH SOCIETY OF IRELAND! Tá deallradh ráiméise ar a leithéid. Am Bárd; Ar Tir agus ar Teanga. Leabhar I. - Aireamh 3. An Seachdamh Míos, 1901. Uimhir mhaith is eadh an uimhir seo. Amhrán le hUillliam Ross an chéad rud d'á bhfuil ann. Tá Faiclair ur Gàidh- lig le cur amach, agus nídh nach iongnadh, is beag ar na hAlbanchaibh éan-fhocal "Éireannach" d'á leigean is- teach ann. Acht cá bhfios dóibh gur focal Éireannach focal atá go coitchionnta annso d'á thaithighe agus go hannamh i n-Albain? Nár leigidh Dia gur beag ar sgoláiríbh na hAlban a máthair féin. Is an-mhaith ó'n Domhnallach The Death of Fraoch (Bás Fraoich). Is dócha nár fhág sé éan-rud gan rádh. Alt maith eile is eadh "Diarmaid Donn na Féinne" ó Sheanchaidhe. Tá Iseabail ó Chalum Mac Aonghuis ann leis, agus sgríobhann Eoin Mac Coinnigh ar sgéal Uilix. Is mór is ionmholta fós an comhrádh do sgríobh Iain ag magadh fá dhroch- Ghaedhilg. Coláiste Chnuic Mhellerí, Cheapach Chuinn, Co. Phortláirge, fá thearmann na Maighdine Beannaighthe Muire agus Naoimh Bernáird. Leabhar bliadhantamhuil an Choláiste do'n bhliadhain 1900-1. Meitheamh 20, 1901. Is mór is molta an leabhar so. Tá Gaedhilg agus Béarla ann, ag cur síos ar chúrsa léighinn an choláiste, ar áireamh na sgoláirí agus ar ghnóthaibh na bliadhna. Tá gach éan-mholadh tuillte ag an Athair Maurus, mar is dócha gurab é féin fá ndear cuid mhór d'á leithéid. Ní móide go bhfuil éan-choláisde eile i n-Éirinn comh Gaedhealach leis an gcoláisde seo, agus badh cheart go mbeadh sé ag bisiughadh gach éan-bhliadhain.
An Teagasg Críostaighe, fa choinne Díoghóise Rathabhoth, le Cead agus le Ughdarás Easbuic na Díogh- óise. Baile Átha Cliath: MH. H. Gill agus a Mhac, Sráid Uachdarach Uí Chonaill. Pádruig O Briain, Clodha- dóir, 46 Sráid Chuf. 1901. Luach, Pighinn (gan laghdughadh). Seo é an dara cur amach de'n leabhar so. Siúd agus go bhfuil sé beag, tá a lán ann, agus is dócha go mbítear d'á léigheadh go coitchionnta i dTír Chonaill mar gheall air sin. Táid na hUrnaighthe agus an Teagasg go maith, acht faraor, ní gan locht atá an leabhar ar slighthibh eile. Tá droch-chló agus droch-litriughadh thall agus i bhfus ann. I mbarr gach leathanaigh agus gach léighinn atá an droch-chló, nídh nár ghábhadh, agus mórán de chló snasda ar fághail. Is cosmhail gurab é rud d'fhág corr-fhocal fá dhroch-litriughadh an iomad dúla ag an lucht eagair i gcanamhnachas. Caidé an mhaith "ann Íosa Críost" (sin é, i n-Íosa Críost), fiachamhnaibh (i n-ionad feich- eamhnaibh), "diongmhalta" (diongmhálta), "congbhail" (congbháil), "tógbhail" (tógbháil), "ní sheadh" (ní headh), "ionnan" (ionann), "déighionach" (déidheanach), "éadóthchas" (éadóchas), "spioradalta" (spioradálta), "Purgadoir" (Purgadóir), "oibliogaid" (oibliogáid), "ar féin" (air féin) agus a leithéidí? Go deimhin, ní de'n Ultachas féin iad. Ní'l fiú leathanaigh 'sa' leabhar, nach ann do- chítear mór-chuid de thuathalaibh de'n tsamhail seo. Caithfear an chéad chur amach eile do chur i gcló niachan nídh-sa-bhfeárr.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services