Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



Na Sacramaintí Déidheanacha: Cionnus iad do
ghlacadh mar is cóir. Sagart riaghalta d'aistrigh.
Baile Átha Cliath: Comhlucht na Fírinne Catoilice,
i Sráid na Mainistreach Íochtair, 2. 1901. Ar
phinginn.



Tá Gaedhilg mhaith shimplildhe ins an leabhrán so, agus
ní'l baoghal ná go mbainfidh sagairt na hÉireann
úsáid mhaith as. Badh cheart go gcuirfeadh an comhlucht
a lán d'á leithéidíbh i gcló agus iad d'uireasbaidh ar an
sluagh. Nach mór an truagh agus an aisdigheacht stampa
Gallda do bheith aca agus an t-ainm i litreachaibh Gaedh-
ealacha .i. CATHOLIC TRUTH SOCIETY OF IRELAND!
Tá deallradh ráiméise ar a leithéid.



Am Bárd; Ar Tir agus ar Teanga. Leabhar I. -
Aireamh 3. An Seachdamh Míos, 1901.



Uimhir mhaith is eadh an uimhir seo. Amhrán le hUillliam
Ross an chéad rud d'á bhfuil ann. Tá Faiclair ur Gàidh-
lig le cur amach, agus nídh nach iongnadh, is beag ar na
hAlbanchaibh éan-fhocal "Éireannach" d'á leigean is-
teach ann. Acht cá bhfios dóibh gur focal Éireannach
focal atá go coitchionnta annso d'á thaithighe agus go
hannamh i n-Albain? Nár leigidh Dia gur beag ar
sgoláiríbh na hAlban a máthair féin. Is an-mhaith ó'n
Domhnallach The Death of Fraoch (Bás Fraoich). Is
dócha nár fhág sé éan-rud gan rádh. Alt maith eile is
eadh "Diarmaid Donn na Féinne" ó Sheanchaidhe. Tá
Iseabail ó Chalum Mac Aonghuis ann leis, agus sgríobhann
Eoin Mac Coinnigh ar sgéal Uilix. Is mór is ionmholta
fós an comhrádh do sgríobh Iain ag magadh fá dhroch-
Ghaedhilg.



Coláiste Chnuic Mhellerí, Cheapach Chuinn, Co.
Phortláirge, fá thearmann na Maighdine Beannaighthe
Muire agus Naoimh Bernáird. Leabhar bliadhantamhuil
an Choláiste do'n bhliadhain 1900-1. Meitheamh 20,
1901.



Is mór is molta an leabhar so. Tá Gaedhilg agus
Béarla ann, ag cur síos ar chúrsa léighinn an choláiste,
ar áireamh na sgoláirí agus ar ghnóthaibh na bliadhna. Tá
gach éan-mholadh tuillte ag an Athair Maurus, mar is
dócha gurab é féin fá ndear cuid mhór d'á leithéid.
Ní móide go bhfuil éan-choláisde eile i n-Éirinn comh
Gaedhealach leis an gcoláisde seo, agus badh cheart go
mbeadh sé ag bisiughadh gach éan-bhliadhain.


L. 176


An Teagasg Críostaighe, fa choinne Díoghóise
Rathabhoth, le Cead agus le Ughdarás Easbuic na Díogh-
óise. Baile Átha Cliath: MH. H. Gill agus a Mhac, Sráid
Uachdarach Uí Chonaill. Pádruig O Briain, Clodha-
dóir, 46 Sráid Chuf. 1901. Luach, Pighinn (gan
laghdughadh).



Seo é an dara cur amach de'n leabhar so. Siúd agus
go bhfuil sé beag, tá a lán ann, agus is dócha go mbítear
d'á léigheadh go coitchionnta i dTír Chonaill mar gheall
air sin. Táid na hUrnaighthe agus an Teagasg go maith,
acht faraor, ní gan locht atá an leabhar ar slighthibh
eile. Tá droch-chló agus droch-litriughadh thall agus i bhfus
ann. I mbarr gach leathanaigh agus gach léighinn atá an
droch-chló, nídh nár ghábhadh, agus mórán de chló snasda ar
fághail. Is cosmhail gurab é rud d'fhág corr-fhocal
fá dhroch-litriughadh an iomad dúla ag an lucht eagair
i gcanamhnachas. Caidé an mhaith "ann Íosa Críost"
(sin é, i n-Íosa Críost), fiachamhnaibh (i n-ionad feich-
eamhnaibh), "diongmhalta" (diongmhálta), "congbhail"
(congbháil), "tógbhail" (tógbháil), "ní sheadh"
(ní headh), "ionnan" (ionann), "déighionach"
(déidheanach), "éadóthchas" (éadóchas), "spioradalta"
(spioradálta), "Purgadoir" (Purgadóir),
"oibliogaid" (oibliogáid), "ar féin" (air
féin) agus a leithéidí? Go deimhin, ní de'n Ultachas féin
iad. Ní'l fiú leathanaigh 'sa' leabhar, nach ann do-
chítear mór-chuid de thuathalaibh de'n tsamhail seo.
Caithfear an chéad chur amach eile do chur i gcló niachan
nídh-sa-bhfeárr.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services