Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. Am Bàrd; Ar Tir agus ar Teanga. Leabhar I. Aireamh 2, Ceud Mhios an Fhoghair, 1901. Pris, Sgilling (Edition de Luxe, Sia Sgillinean). Is maith an rud go bhfuil an Ghaedhilg ag tógáil a cinn nídh-sa-aoirde i n-Albain. Go deimhin, is mór an tógáil chinn uirthi an "Bàrd" so. Tá an chaint agus an mheanma ann. Is molta go mór "A' Ghobhar Ghlas," "Am "Buggane"" (sgéal Manannach é seo), "Na Leth-Aonan sith, agus "Gaelic Idioms". Cuireann an rud déidheanach i gcéill nach mór de Bhéarlachas atá i gcanamhain na hAlban, go háirithe má leantar de'n sgéal céadna go coitchionnta gach éin-mhí. Buaidh agus treise leat, a Bháird. Ingheana na hÉireann. Árd-chraobh, Baile Átha Cliath (Ingheana Bhrighde). First Annual Report, Session 1900-1901. Ní misde cúntas d'fhághail ar ghníomharthaibh "Inghean na hÉireann". Ní'l éin-dream is mó atá loitthe ag an nGalldacht 'ná an bhanntracht shéimh shuairc d'fhás ó shíor-fhuil Ghaedhil Ghlais. 'Pé buidhean daoine chuireas reompa iad so do chur ar bhealach a leasa, is mór is ionmholta iad. Is follus as an dtuairisg seo nach díomhaoin do bhí na h-"Ingheana". Is mór an truagh, ámhthach, ná fuilid siad taithightheach le húsáid na Gaedhilge nídh-sa-mhó 'ná mar atáid. Acht tagann gach
áidhbhse le haimsir. Tá an Ghaedhilg aca d'á múineadh do'n aos óg, nídh is fíor-mhaith uatha. Tá sain dá dhéanamh go maith leis, mar is í rug craobh an aonaigh léi i bhFeis Laighean agus Midhe ó na buidhnibh léighinn eile 'ná gearrchaile bheag do fuair a cuid oideasa ó bhan- mhúinteoir d'Ingheanaibh na hÉireann. Ní maith do- ghníd na hIngheana, an bhanntracht chlúiteach chéimeamhail ortha so i dteangaidh bhréin na n-allmhurach gach éan- uair. Dá gcloiseadh banntracht an tsean-tsaoghail an Béarla d'á spreagadh go blasd mar ghioll ortha féin, cad déarfaidís, cuir i gcás go dtuigfidís i n-éan-chor é? Is dóigh go dtiocfaidh feabhas air seo, le cungnamh Dé. Leabhairíní Gaedhilge le haghaidh an tsluagh - IV. Greann na Gaedhilge, an Chéad Chuid. Énrí Ua Muirgheasa do sgríobh. Ar n-a chur amach ag Connradh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath, 1901. Pinginn. Is mór is ionmholta fear an leabhair seo. Ní fada ó bhí sé 'na thosnuightheoir agus anois atá sé 'na sgriúdaire Gaedhilge. Caint íochtair na héireann atá 'san leabhrán so agus í fá eagar mhaith. Tá foclóir i n-aghaidh gach éinsgéilín i ndeireadh an leábhair fhuigfeas furusda é ag lucht Gaedhilge d'fhoghluim. Tá leabhráin bheaga do'n chineál so go mór ó'n tsluagh, agus tá súil aca leo. Nára' fada go bhfeicthear an chéad cheann eile aca. Leabhairíní Gaedhilge le haghaidh an tsluaigh. - V. Tadhg Gabha, duais-sgéal an Oireachtais, 1900. Séamus Ua Dubhghaill do sgríobh. Ar n-a chur amach ag Connradh na Gaedhilge, i mBaile Átha Cliath, 1901. Pinginn. Is deas an sgéilín é seo. Go deimhin do'n ughdar, dá bhféadfaidhe caint Bhaile Mhúirne, árd-chathrach na hÉireann, do thaithighe annso, 'sé rud dob' ionráidhte "Is seoig an sgéal é." Tá sé innste aige go han- mhaith ó thúis go deireadh, agus tá ráidhteachais mhaithe ann leis, mar sh. "Ar mhór-dtuathal," "A chuid breas- taidheachta," "raibilíní bó," etc.. Tá dul na gramad- aighe do leathtaoibh annso agus annsúd: "Gan a lochdaibh féin," "ag séideadh na builg," "'n-áit ba chóra dhó bheith," "treasna na páirceanna," acht is fánach sain tar an leabhar go léir. N@i bhíonn sé do leathtaoibh ag na sean-daoinibh, ámh, agus is fearr a lorg-san do leanamhaint. Ní maith "Neillí", siúd is go rug sí buaidh 'sa' deireadh. Cad déarfadh na sean-Ghaedhil le n-a hainm agus Gobnait, Céarnait, Bláthnait, Cróchnait, etc., aca?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services