CLODHANNA NUA.
Am Bàrd; Ar Tir agus ar Teanga. Leabhar I.
Aireamh 2, Ceud Mhios an Fhoghair, 1901. Pris,
Sgilling (Edition de Luxe, Sia Sgillinean).
Is maith an rud go bhfuil an Ghaedhilg ag tógáil a cinn
nídh-sa-aoirde i n-Albain. Go deimhin, is mór an
tógáil chinn uirthi an "Bàrd" so. Tá an chaint agus an
mheanma ann. Is molta go mór "A' Ghobhar Ghlas,"
"Am "Buggane"" (sgéal Manannach é seo), "Na
Leth-Aonan sith, agus "Gaelic Idioms". Cuireann an
rud déidheanach i gcéill nach mór de Bhéarlachas atá i
gcanamhain na hAlban, go háirithe má leantar de'n
sgéal céadna go coitchionnta gach éin-mhí. Buaidh agus
treise leat, a Bháird.
Ingheana na hÉireann. Árd-chraobh, Baile Átha Cliath
(Ingheana Bhrighde). First Annual Report, Session
1900-1901.
Ní misde cúntas d'fhághail ar ghníomharthaibh "Inghean
na hÉireann". Ní'l éin-dream is mó atá loitthe ag
an nGalldacht 'ná an bhanntracht shéimh shuairc d'fhás ó
shíor-fhuil Ghaedhil Ghlais. 'Pé buidhean daoine chuireas
reompa iad so do chur ar bhealach a leasa, is mór is
ionmholta iad. Is follus as an dtuairisg seo nach
díomhaoin do bhí na h-"Ingheana". Is mór an truagh,
ámhthach, ná fuilid siad taithightheach le húsáid na
Gaedhilge nídh-sa-mhó 'ná mar atáid. Acht tagann gach
áidhbhse le haimsir. Tá an Ghaedhilg aca d'á múineadh
do'n aos óg, nídh is fíor-mhaith uatha. Tá sain dá
dhéanamh go maith leis, mar is í rug craobh an aonaigh
léi i bhFeis Laighean agus Midhe ó na buidhnibh léighinn eile
'ná gearrchaile bheag do fuair a cuid oideasa ó bhan-
mhúinteoir d'Ingheanaibh na hÉireann. Ní maith do-
ghníd na hIngheana, an bhanntracht chlúiteach chéimeamhail
ortha so i dteangaidh bhréin na n-allmhurach gach éan-
uair. Dá gcloiseadh banntracht an tsean-tsaoghail
an Béarla d'á spreagadh go blasd mar ghioll ortha
féin, cad déarfaidís, cuir i gcás go dtuigfidís i
n-éan-chor é? Is dóigh go dtiocfaidh feabhas air seo,
le cungnamh Dé.
Leabhairíní Gaedhilge le haghaidh an tsluagh - IV.
Greann na Gaedhilge, an Chéad Chuid. Énrí Ua
Muirgheasa do sgríobh. Ar n-a chur amach ag
Connradh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath, 1901.
Pinginn.
Is mór is ionmholta fear an leabhair seo. Ní fada
ó bhí sé 'na thosnuightheoir agus anois atá sé 'na sgriúdaire
Gaedhilge. Caint íochtair na héireann atá 'san
leabhrán so agus í fá eagar mhaith. Tá foclóir i n-aghaidh
gach éinsgéilín i ndeireadh an leábhair fhuigfeas
furusda é ag lucht Gaedhilge d'fhoghluim. Tá leabhráin
bheaga do'n chineál so go mór ó'n tsluagh, agus tá súil
aca leo. Nára' fada go bhfeicthear an chéad cheann
eile aca.
Leabhairíní Gaedhilge le haghaidh an tsluaigh. - V.
Tadhg Gabha, duais-sgéal an Oireachtais, 1900.
Séamus Ua Dubhghaill do sgríobh. Ar n-a chur
amach ag Connradh na Gaedhilge, i mBaile Átha Cliath,
1901. Pinginn.
Is deas an sgéilín é seo. Go deimhin do'n ughdar,
dá bhféadfaidhe caint Bhaile Mhúirne, árd-chathrach na
hÉireann, do thaithighe annso, 'sé rud dob' ionráidhte
"Is seoig an sgéal é." Tá sé innste aige go han-
mhaith ó thúis go deireadh, agus tá ráidhteachais mhaithe ann
leis, mar sh. "Ar mhór-dtuathal," "A chuid breas-
taidheachta," "raibilíní bó," etc.. Tá dul na gramad-
aighe do leathtaoibh annso agus annsúd: "Gan a lochdaibh
féin," "ag séideadh na builg," "'n-áit ba chóra dhó
bheith," "treasna na páirceanna," acht is fánach sain
tar an leabhar go léir. N@i bhíonn sé do leathtaoibh ag
na sean-daoinibh, ámh, agus is fearr a lorg-san do
leanamhaint. Ní maith "Neillí", siúd is go rug sí
buaidh 'sa' deireadh. Cad déarfadh na sean-Ghaedhil le
n-a hainm agus Gobnait, Céarnait, Bláthnait, Cróchnait,
etc., aca?