Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhairle do'n aos óg
Title
Comhairle do'n aos óg
Author(s)
Ní fios,
Pen Name
F. an C.
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Aibreán 22, 1899 Comhairle do'n aos óg An tseachtmhain seo tharainn, thugamar comhairle do na tuismightheóiribh (.i. do na haithreachaibh agus do na máithreachaibh). Dubhramar leó gurab ortha atá an Ghaedhilg do choimead ar bun, agus gurab amhlaidh coimhead- far ar bun í le hí labhairt le n-a gcloinn agus le n-a chur d'fhiachaibh ar a gcloinn í labhairt leó féin agus le n-a chéile. Ní mhaireann teanga ar aon nós eile. Acht is baoghlach linn go bhfuil mórán daoine gur leisg leó an chomhairle sin do dhéanamh. Tá an náire agus an tarcaisne ag mar- caigheacht ortha comh fada soin nach bhfuil de chroidhe ionnta feasda iad do chaitheamh d'a muin. Ní'l leigheas ortha nó go leagfar náire le náire agus tarcaisne le tarcaisne. Acht is féidir do'n aos óg a leas féin do dhéanamh. Níor chrom an t-aos óg a muinéal do'n bheirt mharcach úd go fóill. Tuigeann an t-aos óg ar fud na hÉireann anois gur mór an sógh agus an onóir dhóibh teanga a sinn- sear do labhairt. Tá na mílte aca ghá foghlaim as na leabhraibh. Acht ní dhéanfaidh na leabhra an gnó ar fad dóibh. Dá mbeadh a bhfuil de leabhraibh Gaedhilge i nÉirinn de ghlan-mheabhair chinn aca, ní bheadh ar a gcumas ina dhiaidh sin Gaedhilg do labhairt agus ní bheadh an Ghaedhilg ina teangaidh bheó aca. Teasduigheann rud amháin eile uatha, is é sin taithighe nó cleachtadh agus ní bhfuighidh siad an rud soin acht ó na daoinibh ag a bhfuil sé cheana. Cia hiad na daoine seo? Is iad na sean-daoine úd fuair gnás agus ceart na Gaedhilge ó na daoinibh chuaidh rómpa. Caithfid an t-aos óg dul i gcomhluadar na seandaoine agus a chur d'impidhe agus d'athchuingidh ortha, má's éigin, Gaedhilg do labhairt leó. Ní hé sin é amháin, acht caithfidh siad cluas aireach do chur ortha féin ag éisteacht le caint na sean-daoine, chum go mbéaraidh siad brigh agus blas na Gaedhilge leó ó'n lucht soin amháin ag a bhfuil an Ghaedhilg go bríoghmhar blasda aca. Ní'l fear óg ná bean óg i nÉirinn, d'a fheabhas a gcuid Gaedhilge, nach rachaidh i sochar dóibh an chomhairle sin do dhéanamh. Is fíor do'n Easpog Ó Domhnaill (go saoghluighe Dia é!) an rud adubhairt sé sa litir úd do bhí sa CHLAIDHEAMH SOLUIS tá seachtmhain ó shoin ann, gurab iad na sean- daoine a bhfuil Gaedhilg aca fíor-uaisle dúthchais na hÉireann agus gur teanga uasal an Ghaedhilg atá aca. Tháinig tuairisg Ghaedhilge chugainn ar an gcruin- niughadh mór so a bhí i mBéilfeirsde an tseachtmhain seo ghabh tharainn agus óráid Ghaedhilge leis, a thug S.S. ua Dubhghaill uaidh. Ní raibh sligh againn faraoir iad do chur sa páipeur an turus so, ó's rud beag fada iad, agus bhí urmhór de'n pháipeur i gcló againn cheana. Cuir- fear isteach san cheud uimhir eile iad, le congnadh Dé. Támuid buidheach de na cáirdibh maithe a sgríobh chugainn iad. - F. an C.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services