An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Aibreán 22, 1899
Comhairle do'n aos óg
An tseachtmhain seo tharainn, thugamar comhairle do
na tuismightheóiribh (.i. do na haithreachaibh agus do na
máithreachaibh). Dubhramar leó gurab ortha atá an
Ghaedhilg do choimead ar bun, agus gurab amhlaidh coimhead-
far ar bun í le hí labhairt le n-a gcloinn agus le n-a chur
d'fhiachaibh ar a gcloinn í labhairt leó féin agus le n-a chéile.
Ní mhaireann teanga ar aon nós eile. Acht is baoghlach
linn go bhfuil mórán daoine gur leisg leó an chomhairle
sin do dhéanamh. Tá an náire agus an tarcaisne ag mar-
caigheacht ortha comh fada soin nach bhfuil de chroidhe
ionnta feasda iad do chaitheamh d'a muin. Ní'l leigheas
ortha nó go leagfar náire le náire agus tarcaisne le
tarcaisne.
Acht is féidir do'n aos óg a leas féin do dhéanamh.
Níor chrom an t-aos óg a muinéal do'n bheirt mharcach
úd go fóill. Tuigeann an t-aos óg ar fud na hÉireann
anois gur mór an sógh agus an onóir dhóibh teanga a sinn-
sear do labhairt. Tá na mílte aca ghá foghlaim as na
leabhraibh. Acht ní dhéanfaidh na leabhra an gnó ar fad
dóibh. Dá mbeadh a bhfuil de leabhraibh Gaedhilge i
nÉirinn de ghlan-mheabhair chinn aca, ní bheadh ar a
gcumas ina dhiaidh sin Gaedhilg do labhairt agus ní bheadh
an Ghaedhilg ina teangaidh bheó aca.
Teasduigheann rud amháin eile uatha, is é sin taithighe
nó cleachtadh agus ní bhfuighidh siad an rud soin acht ó na
daoinibh ag a bhfuil sé cheana. Cia hiad na daoine
seo? Is iad na sean-daoine úd fuair gnás agus ceart
na Gaedhilge ó na daoinibh chuaidh rómpa. Caithfid an
t-aos óg dul i gcomhluadar na seandaoine agus a chur
d'impidhe agus d'athchuingidh ortha, má's éigin, Gaedhilg
do labhairt leó. Ní hé sin é amháin, acht caithfidh siad
cluas aireach do chur ortha féin ag éisteacht le caint
na sean-daoine, chum go mbéaraidh siad brigh agus blas na
Gaedhilge leó ó'n lucht soin amháin ag a bhfuil an
Ghaedhilg go bríoghmhar blasda aca. Ní'l fear óg ná
bean óg i nÉirinn, d'a fheabhas a gcuid Gaedhilge, nach
rachaidh i sochar dóibh an chomhairle sin do dhéanamh. Is
fíor do'n Easpog Ó Domhnaill (go saoghluighe Dia é!)
an rud adubhairt sé sa litir úd do bhí sa CHLAIDHEAMH
SOLUIS tá seachtmhain ó shoin ann, gurab iad na sean-
daoine a bhfuil Gaedhilg aca fíor-uaisle dúthchais na
hÉireann agus gur teanga uasal an Ghaedhilg atá aca.
Tháinig tuairisg Ghaedhilge chugainn ar an gcruin-
niughadh mór so a bhí i mBéilfeirsde an tseachtmhain seo
ghabh tharainn agus óráid Ghaedhilge leis, a thug S.S. ua
Dubhghaill uaidh. Ní raibh sligh againn faraoir iad do
chur sa páipeur an turus so, ó's rud beag fada iad,
agus bhí urmhór de'n pháipeur i gcló againn cheana. Cuir-
fear isteach san cheud uimhir eile iad, le congnadh Dé.
Támuid buidheach de na cáirdibh maithe a sgríobh chugainn
iad. - F. an C.