Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht. Tuireadh Phádráig Uí Shíothcháin.
Title
Filidheacht. Tuireadh Phádráig Uí Shíothcháin.
Author(s)
Ó Concobhair, Seaghán,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TUIREADH PHÁDRAIG UÍ SHÍOTHCHÁIN. Seaghán O Concobhair, cct. [Mar d'aithris Pádraig O Réagáin, atá 'na chomhnaidhe ar Mhóin-na-Pearsan, i bPar- óiste Bhaile-na-Móna, i gContae Chorcaighe, é. Tímcheall da-fhicid bliadhan ó shoin do ceapadh an t-abhrán so.] Mo bhrón is mo dheacair is marbh do thárlais; A Phádraig na gcarad is saith liom ar lár tu; A fhir ghrádhmhair gheanamhail bhanamhail ghal- ánta, De shíol na bhfear do bhí fairsing fial fáil- teach. Fáilteach fairsing é do sheasamh 'sa' dúthaigh, Do gach baintrigh na leanbh do-gheabhadh na siubhalta; Na cúrsaí dealbha 's na bailtibh so is dúithch' leo; Is dóibh is daithnid do mharbhadh, a phrionnsa. A phrionnsa na bhfear mbreagh dob' áilne gníomhartha, De mhaithibh na sáir-fhear ins gach ít 'na mbídís, Bochta ar fán ba ghnáth do dhíon dóibh, Ag cosaibh do chláir gan cháim i síth agat. Agat féin do bhí fairsinge rachmas is réim ceart, Ag daob ime 's bainne níor cheal duit i n-aon-chor, Bhí ór buidhe ag t'athair le sgaipeadh gan léan duit; 'S ó bhís id' leanbh ní thugais sgannail dod' ghaoltaibh. Do ghaolta, mar mheasaim, níor sgannail duit féin iad, Ní bhfuarais easmailt ó'd bhanaltrain ghlegil; Do dhearbhráithreacha tar fairrge tá le sealad od' fhéachaint Fá dhéin do mhairbh ní chasaid i n-éinfheacht. I n-éinfeacht ba mhinic iad ag imirt 's ag pléireacht An cúigear cloinne úd i mire 's i dtréine, Ar an bhfaithche níor bh'fhurus dóibh cluithche do staonadh, Ar leamhnacht mhilis 's feoil tuilthe gach féile. Féile 's foighne, roinnt, is daondacht, Do bhís gan cladhaireacht ar deighilt ó'n tsaoghal so; Claon ná cleasa, níor chleachtais do dhéanadh; A stór, i bhflaitheas go raibh t'anam go glé- geal.
Ba ghlé-geal canta 's ba ghreanta do mhéinn mhaith; Ní bréag dam aithris ná gur mhaith iad do thréithe; Bhí meidhir is meanmna id' chroidhe, 's id' bhéasaibh; Bhí meidhir is meanmna id' chroidhe, 's id' bhéasaibh;' 'S ar bheidhlinn mar mheasaim do sheinnis gan aon-locht. Lucht ceoil do spreagadh ba mhaith leo do théacht-sa, Agus buaichaillí an bhaile do sheasadh led' thaobh-sa; Tá cumha agus mairg ar aa n-aigneadh id' dhéidh-se; Gidh nach dóibh is daithnid acht dod' athair bocht féinig. É féin, is do mháthair, an bhean mhánla mhín tais Do thóg le grádh tu, 's thug sreabha a croidhe dhuit; Tá sí cráidhte, cásmhar, sgíosmhar, Ó leanas do cháirde, a Phádraig Uí Shíothcháin. Do síothcháin is d'fhad-fhulang do mhaitheas 's do mhór-ghníomhartha Ó Luan go Satharn im' theangain le bárr chroidhe dhuit. Fuarais-se barr ins na ballaibh gur ghabhais tríotha; 'S a bhráthair na gcarad is daithnid liom tu sínte. Sínte atáir mar chách, is do chuisle go tréith, Beidh do ghairm le fagháil go bráth ag t'athair id' dhéidh; Ní'l duine ins an áit ná gur cás leis tusa go tréith; Glóire na ngrás id' láthair is beannacht uaim féin. Uaim féin do deineadh an tuireadh so do'n cholúir chóraigh, Tá fá árd na lice úd curtha i mBaile-na- Móna; Mo mháthair is m'athair má chastar id' threo iad, Innis dóibh feasda nár thugas easmailt riamh fós dóibh. Dóibh féin is d'ár gcaraid tá curtha annsúd rómhat-sa, Gur mhór é a ngairm ins gach faithche d'á ngeabhaidís, A Dhia mhóir na bhflaitheas, 's a Mhaighdean ró-ghlórmhar, Go maithidh d'á n-anamanna' 's támaoid go b-r-ó-n-a-ch. (A chríoch sain.) Tadhg Ó Donnchudha
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services