Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. Tuireadh Phádráig Uí Shíothcháin.

Title
Filidheacht. Tuireadh Phádráig Uí Shíothcháin.
Author(s)
Ó Concobhair, Seaghán,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TUIREADH PHÁDRAIG UÍ SHÍOTHCHÁIN.



Seaghán O Concobhair, cct.



[Mar d'aithris Pádraig O Réagáin, atá
'na chomhnaidhe ar Mhóin-na-Pearsan, i bPar-
óiste Bhaile-na-Móna, i gContae Chorcaighe,
é. Tímcheall da-fhicid bliadhan ó shoin do
ceapadh an t-abhrán so.]




Mo bhrón is mo dheacair is marbh do thárlais;
A Phádraig na gcarad is saith liom ar lár tu;
A fhir ghrádhmhair gheanamhail bhanamhail ghal-
ánta,
De shíol na bhfear do bhí fairsing fial fáil-
teach.



Fáilteach fairsing é do sheasamh 'sa' dúthaigh,
Do gach baintrigh na leanbh do-gheabhadh na
siubhalta;
Na cúrsaí dealbha 's na bailtibh so is dúithch'
leo;
Is dóibh is daithnid do mharbhadh, a phrionnsa.



A phrionnsa na bhfear mbreagh dob' áilne
gníomhartha,
De mhaithibh na sáir-fhear ins gach ít 'na
mbídís,
Bochta ar fán ba ghnáth do dhíon dóibh,
Ag cosaibh do chláir gan cháim i síth agat.



Agat féin do bhí fairsinge rachmas is réim
ceart,
Ag daob ime 's bainne níor cheal duit i
n-aon-chor,
Bhí ór buidhe ag t'athair le sgaipeadh gan
léan duit;
'S ó bhís id' leanbh ní thugais sgannail dod'
ghaoltaibh.



Do ghaolta, mar mheasaim, níor sgannail
duit féin iad,
Ní bhfuarais easmailt ó'd bhanaltrain ghlegil;
Do dhearbhráithreacha tar fairrge tá le
sealad od' fhéachaint
Fá dhéin do mhairbh ní chasaid i n-éinfheacht.



I n-éinfeacht ba mhinic iad ag imirt 's ag
pléireacht
An cúigear cloinne úd i mire 's i dtréine,
Ar an bhfaithche níor bh'fhurus dóibh cluithche
do staonadh,
Ar leamhnacht mhilis 's feoil tuilthe gach féile.



Féile 's foighne, roinnt, is daondacht,
Do bhís gan cladhaireacht ar deighilt ó'n
tsaoghal so;
Claon ná cleasa, níor chleachtais do dhéanadh;
A stór, i bhflaitheas go raibh t'anam go glé-
geal.


L. 153


Ba ghlé-geal canta 's ba ghreanta do mhéinn
mhaith;
Ní bréag dam aithris ná gur mhaith iad do
thréithe;
Bhí meidhir is meanmna id' chroidhe, 's id'
bhéasaibh;
Bhí meidhir is meanmna id' chroidhe, 's id'
bhéasaibh;'
'S ar bheidhlinn mar mheasaim do sheinnis gan
aon-locht.



Lucht ceoil do spreagadh ba mhaith leo do
théacht-sa,
Agus buaichaillí an bhaile do sheasadh led'
thaobh-sa;
Tá cumha agus mairg ar aa n-aigneadh id' dhéidh-se;
Gidh nach dóibh is daithnid acht dod' athair
bocht féinig.



É féin, is do mháthair, an bhean mhánla mhín tais
Do thóg le grádh tu, 's thug sreabha a croidhe
dhuit;
Tá sí cráidhte, cásmhar, sgíosmhar,
Ó leanas do cháirde, a Phádraig Uí Shíothcháin.



Do síothcháin is d'fhad-fhulang do mhaitheas 's
do mhór-ghníomhartha
Ó Luan go Satharn im' theangain le bárr
chroidhe dhuit.
Fuarais-se barr ins na ballaibh gur ghabhais
tríotha;
'S a bhráthair na gcarad is daithnid liom tu
sínte.



Sínte atáir mar chách, is do chuisle go tréith,
Beidh do ghairm le fagháil go bráth ag t'athair
id' dhéidh;
Ní'l duine ins an áit ná gur cás leis tusa
go tréith;
Glóire na ngrás id' láthair is beannacht
uaim féin.



Uaim féin do deineadh an tuireadh so do'n
cholúir chóraigh,
Tá fá árd na lice úd curtha i mBaile-na-
Móna;
Mo mháthair is m'athair má chastar id' threo
iad,
Innis dóibh feasda nár thugas easmailt riamh
fós dóibh.



Dóibh féin is d'ár gcaraid tá curtha annsúd
rómhat-sa,
Gur mhór é a ngairm ins gach faithche d'á
ngeabhaidís,
A Dhia mhóir na bhflaitheas, 's a Mhaighdean
ró-ghlórmhar,
Go maithidh d'á n-anamanna' 's támaoid go
b-r-ó-n-a-ch.



(A chríoch sain.)



Tadhg Ó Donnchudha



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services