Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fabhaill-sgéalta.
Title
Fabhaill-sgéalta.
Author(s)
Féach aistritheoir,
Translator
Ó Laoghaire, Pádraig
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FABHAILL-SGÉALTA. 'Sé do chuir i nGaedhilg na fabhaill-sgéalta so Pádraig Ó Laoghaire (beannacht Dé le n-a anam). I n-"Éirinn Aontuighthe" do bhíodar fá chló an chéad- uair. AN SIONNACH AGUS AN GABHAR. Thuit sionnach isteach i bpoll mór i n-a raibh tobar. Ní raibh aon tsúil teacht as go bráth aige, oir bhí sé doimhin, nó gur casadh gabhar san tslighe, agus d'fhiarfuigh do'n t-Sionnach a' raibh an t-uisge maith le n-ól. "tá sé cómh maith sian," ar an Sionnach, "nár ólas om dhóithin de fós. Tair féin anuas agus blais é, déin, oir a leithéid níor bhlaisis riamh." Le linn do'n ghabhar léim síos, léim an Sionnach ar a mhuin agus do roich an áit thuas, agus do leig an gabhar thíos 'n-a dhiaidh, annsain d'ionntuigh ar an ngabhar agus adubhairt, "Dá mbeidheadh an oiread céille agat agus atá d'fhéasóig, ní beitheá chómh mór sain d'amadán agus dul síos 'sa' pholl sain gan cuimhniughadh ar dtús cionnus teacht as duit."
Breathnuigh go géar sul thógair éin-nídh ar láimh. AN FROG AGUS AN DAMH. Do chonnaic frog damh ag inbhior ar mhóinfhéar agus ba mhaith leis bheith cómh mór leis. "Feuch," ar seision, "ainmhidhe teannn toir- teamhail," agus do thosuigh ar a chroiceann críon d'at comh maith agus b'fheud se é, annsain d'feuch se ar a chuid cloinne agus d'fhiarfuigh díobh a' raibh se comh mór leis an damh. 'Sé dubhairt siad, acht nach raibh. "Cad is dóigh libh díom anois," ar seision leó, ag cur an-reacht air féin. "Is fada uaidh thu," ar siad-san. "Feuch anois arís, má 'sead," ar seision. D'at an rud bocht baoth an oiread sain gur phléasg air. Is ionann cás do'n fhrog agus d'á lán daoine ghníos dearmad creud is céim agus cuid dóibh. Badh mhaith leó cóir agus comhthrom uaisle bheith aca, agus chum go mbeidís mar sin is minic do ghníd iad féin beó bocht!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services