FABHAILL-SGÉALTA.
'Sé do chuir i nGaedhilg na fabhaill-sgéalta so
Pádraig Ó Laoghaire (beannacht Dé le n-a anam). I
n-"Éirinn Aontuighthe" do bhíodar fá chló an chéad-
uair.
AN SIONNACH AGUS AN GABHAR.
Thuit sionnach isteach i bpoll mór i n-a
raibh tobar. Ní raibh aon tsúil teacht as
go bráth aige, oir bhí sé doimhin, nó gur
casadh gabhar san tslighe, agus d'fhiarfuigh do'n
t-Sionnach a' raibh an t-uisge maith le n-ól.
"tá sé cómh maith sian," ar an Sionnach,
"nár ólas om dhóithin de fós. Tair féin
anuas agus blais é, déin, oir a leithéid níor
bhlaisis riamh." Le linn do'n ghabhar léim
síos, léim an Sionnach ar a mhuin agus do roich
an áit thuas, agus do leig an gabhar thíos 'n-a
dhiaidh, annsain d'ionntuigh ar an ngabhar agus
adubhairt, "Dá mbeidheadh an oiread céille
agat agus atá d'fhéasóig, ní beitheá chómh mór
sain d'amadán agus dul síos 'sa' pholl sain gan
cuimhniughadh ar dtús cionnus teacht as duit."
Breathnuigh go géar sul thógair éin-nídh
ar láimh.
AN FROG AGUS AN DAMH.
Do chonnaic frog damh ag inbhior ar
mhóinfhéar agus ba mhaith leis bheith cómh mór leis.
"Feuch," ar seision, "ainmhidhe teannn toir-
teamhail," agus do thosuigh ar a chroiceann críon
d'at comh maith agus b'fheud se é, annsain
d'feuch se ar a chuid cloinne agus d'fhiarfuigh
díobh a' raibh se comh mór leis an damh. 'Sé
dubhairt siad, acht nach raibh. "Cad is dóigh
libh díom anois," ar seision leó, ag cur
an-reacht air féin. "Is fada uaidh thu," ar
siad-san. "Feuch anois arís, má 'sead,"
ar seision. D'at an rud bocht baoth an
oiread sain gur phléasg air.
Is ionann cás do'n fhrog agus d'á lán daoine
ghníos dearmad creud is céim agus cuid dóibh.
Badh mhaith leó cóir agus comhthrom uaisle bheith
aca, agus chum go mbeidís mar sin is minic do
ghníd iad féin beó bocht!