Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Clodhanna Nua. Cláirseach na nGaedheal, an chéad chuid. Breandán Mac Ruaidhrí agus Seosamh Laoide do ghléas. Ar n-a chur amach ag Connradh na Gaedhilge, i mBaile Átha Cliath, 1901. Trí pingne. Tá deich smuit (nó píosaidhe) 'san leabhrán ceoil seo, mar atá, Máire Bhéil Átha hAmhnais, agus is truagh gan peata an mhaoir agam, do réir chlaisceadail bheirte, Péarla an bhrollaigh bháin, Seaghán Ó Duibhir an Ghleanna, Éamonn an chnuic, An Droighneán Donn,
Tighearna Mhaigheo, agus Dán-mholadh na Gaedhilge, do réir ghotha aonair, agus An Spailpín Fánach agus Caitilín Ní Uallacháin do réir chlaisceadail cheathrair. Tá gach éan-amhrán díobh 'san dá nótaidheacht .i. 'san tsean- nótaidheacht agus i nótaidheacht an tSol-fá. Ní gan locht atá an leabhrán so, fóiríor. Níor d'fhóbair ná go mbeadh an donas air i n-áit éigin, le méid an ghleithearáin do bhíodh ar an lucht eagair, 'gá chur i gcóir le haghaidh An Chlaidhimh Sholuis gach seachtmhain. Tighearna Mhaigheó an ceann is mó ar a bhfuil an donas so, as ucht gur leigeadh ar lár an uile cheathramha dhe acht an chéad cheann amháin! Ba chaillte an mhaise mar an gcéadna gan Soprano, Alto, Tenor agus Bass do chur i nGaedhilg. Go deimhin, ní deacair Gaedhilg do chur orra .i. Uachtar-chanas Soprano, Andórd Alto, Cobhlach Tenor, agus Fodhórd, Crónán nó Íoctar-chanas Bass; is dóigh linn gurab ionann Dórd agus Baritone. B'fhéidir go bhfuilid seo rud beag amugha, acht is féidir an rud do shocrughadh ar nós éigin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services