Clodhanna Nua.
Cláirseach na nGaedheal, an chéad chuid. Breandán
Mac Ruaidhrí agus Seosamh Laoide do ghléas. Ar n-a
chur amach ag Connradh na Gaedhilge, i mBaile Átha
Cliath, 1901. Trí pingne.
Tá deich smuit (nó píosaidhe) 'san leabhrán ceoil seo,
mar atá, Máire Bhéil Átha hAmhnais, agus is truagh gan
peata an mhaoir agam, do réir chlaisceadail bheirte,
Péarla an bhrollaigh bháin, Seaghán Ó Duibhir an
Ghleanna, Éamonn an chnuic, An Droighneán Donn,
Tighearna Mhaigheo, agus Dán-mholadh na Gaedhilge, do réir
ghotha aonair, agus An Spailpín Fánach agus Caitilín Ní
Uallacháin do réir chlaisceadail cheathrair. Tá gach
éan-amhrán díobh 'san dá nótaidheacht .i. 'san tsean-
nótaidheacht agus i nótaidheacht an tSol-fá. Ní gan
locht atá an leabhrán so, fóiríor. Níor d'fhóbair
ná go mbeadh an donas air i n-áit éigin, le méid an
ghleithearáin do bhíodh ar an lucht eagair, 'gá chur i
gcóir le haghaidh An Chlaidhimh Sholuis gach seachtmhain.
Tighearna Mhaigheó an ceann is mó ar a bhfuil an donas
so, as ucht gur leigeadh ar lár an uile cheathramha dhe
acht an chéad cheann amháin! Ba chaillte an mhaise mar
an gcéadna gan Soprano, Alto, Tenor agus Bass do chur
i nGaedhilg. Go deimhin, ní deacair Gaedhilg do chur
orra .i. Uachtar-chanas Soprano, Andórd Alto,
Cobhlach Tenor, agus Fodhórd, Crónán nó Íoctar-chanas
Bass; is dóigh linn gurab ionann Dórd agus Baritone.
B'fhéidir go bhfuilid seo rud beag amugha, acht is féidir
an rud do shocrughadh ar nós éigin.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11