Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tar Lear
Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tar Lear Féach go cruinn ar an áit go bhfuil an Rúise suidhte ar Dheilbh an Domhain. Tá sí curtha isteach nós díng ins an taobh thoir thuaidh de roinn na hEorpa agus síneann sí as sain soir go dtí an ceann thuaidh de'n Mhuir Suaimhnis (Pacific Ocean). Tá an Mhuir Thoir (Baltic) ar an dtaobh thiar di agus an Mhuir Reóite (Arctic) ar an dtaobh thuaidh di. Cuireann an leac oighre, dá réir sin, an glas uirthi lastoir ar feadh rátha, agus lastuaidh ar feadh na leath-bhliadhna.
Is cosamhail an Rúise le fathach go mbiaidh dhá phíoban aige agus an slaghdán agus an múchadh ag gabháil do ar feadh rátha i ndeireadh na bliadhna. Bíonn an fathach so ag gearán agus ag unfairt go dtagann taithneamh na gréine arís chum fhoirithinn air. Sin mar atá leis an Rúise. Tómhasann sí comh-fhaid comh-leathan, ocht milliún míle agus is é aireamh a h-aiteóirí céad agus fiche milliún. Teastuigheann dun- phoirt uaithe ar bhruach fairrgi nách mbeidh reóite i gcás go mbiaidh faill 'gá ceannuightheóiribh chum marguidh- eachta thar sáile. Bhí impire ar na Rúisinigh darab ainm Peadar Mór agus ní gan fáth a fuair sé an ainm. I dteannta a chródhacht bhí sé suas le seacht dtroighthe ar áirde agus chomh láidir sin i bpearsa go ndíreóchadh sé crudh chapaill amach na barra iarrain le n-a dheárnaibh. Bhí ciall aige leis. Thug sé cómhairle dá dhaoinibh ar leabaidh a bháis. "Dá mhéid an Rúise seo", ar seisean "beidh sí ró-chumhaing díbh, de bhrígh nach bhfuil slighe réidh agaibh chun na 'sáile. Leathaidh amach dá réir sin agus tabharfaidh an fhairrge anach díbh. Táid siad ag déanamh rud air ó shoin. Do cheap an Bhean-Impire Cáit bhorb, mhí-bhanamhail, druidim ó dheas fá dhein na Mara Torriann. Bhí taoiseach ó Éirinn aici darab ainm Mairiseal Ó Láise agus do bhris an fear comhraic seo ar na Turcaigh agus thiomáin as na Crimí iad, agus as imeal bhórdaibh na Mara Duibhe. Bhíodar ag comhlíonadh cómhairle Pheadair Mhóir acht níor thaithnigh an méid sin go maith le cúmhachtaibh eile na h-Eorpa. Bhí ead ortha as sain suas chum an Rúisinigh agus faitchíos ortha roimhis. Is iomdha fear tréan do marbhadh ó shoin mar gheall ar sin. Bheinn liosda do'n léightheóir - mar adeir an t-Ollamh diadha sáir-eolach, Céitinn - nó thuirseóchainn é, dá dtráchtfainn ar ghluaiseacht Bhonapart mhóir le n-a shluaightibh cosgarthacha go Moscó ar an mbéilthíoch, nó an dóighean, uathbhásach do rinneadh de'n cháthair áluinn sin ar Ár Borodina agus ruagadh na Rúisíneach ar an dtriall tar n-ais go Páiris thré sneachda a's doineann an gheimhridh. Chífea na Franncaigh ag filleadh abhaile tríd an tsneachda bán, go mall neamh-eaglach, coirighthe na gcípeadha ag triall ar aghaidh, nós téada teanna, lúbacha dubha, easba lóin ortha, agus do-shástacht, Bonapart mhór ar a gceann go gruaimeach borbach na Rúisínigh go bagarthach 'gá leanamhaint i gcómhair faill d'fhágháil ortha, agus an laoch tóirteamhail treannmhar, Mairiseal Ney i ndeireadh i mbearna an bhaoghail a ghunnaí móra ag buithridh gach tráthnóna. Is iongantach an t-eachtra é, acht fá mar adubhart, "bheinn liosda do'n leightheoir". Do b'é príomh-fháth an turuis seo le lagughadh an Rúisinigh sul d'fhásfadh a chúil fiacla. Ba bheag an maitheas é. Ní mó ná thráchtfadh ar an bhfear glugair úd do bhí 'na Impire ar na Francachaibh ní fada bliadhantaibh ó shoin. Mac dearbhrathar do garmhac do Bhonapart mhór do b'eadh é, acht ní raibh inntleacht a réamh-bhráthar aige. Rinne an gluigín seo connradh le Sasana, agus Turca, i gcómhair coisg do chur leis an Rúisíneach. Fuaradar leath-sgéal le troid leis. Buaileadh coga na Crimí dá dheasgaibh sin agus marbhuigheadh na mílte fear ann ar feadh trí bhliadhna. Cuireadh ar gcúl an Rúisíneach an chor sain - ní raibh a chúil-fhiacla fásta fós. I ndeireadh na dála is beag dá bhárr do bhí ag na congantóiribh mar tá smacht ag an Rúisíneach ar na Crimí agus a bhraith go h-uaibhreach ar an Muir Dhuibh agus cead aige chum triall ar an Muir Torrainn. Béidh na Turcaigh fá na smacht fós aige leis, acht tógfaidh sé a aimsir féin chuige. Thug sé a aghaidh soir go fóil. Tá tír mhór ghrianmhar thaithneamhach ins an domhan thoir. Sine a h-ainm. Tír bhláthmhar, sgótháluinn ná bhfear mbuidhe. Rinne an Rúisíneach bóthar iarrainn ó Shliabh Riffe go teórainnaibh na Síne. Bhí cúmhachta na hEorpa Thiar doithcheallach dorrdha, leis acht amháin an Fhrainge agus tá Cáirdeas Cogaidh idir an dá chúmhacht so indiu agus ní misde a radh gur láidir an bheirt iad. Tá dhá chéad míle fear aige i ngearracht aisdir gheárr do Phicín, príomhchathair na Síne. Tá ár gcara Seághan Buidhe ar baille-chrith. Fuair sé amach i n-urraidh go raibh an Rúisíneach ar tí Port Artúir do ghabháil. "Ar do bhás ná bain leis an ndaingean sain, ná buail bárr méire air, nó díolfair as," ar Seághan Buidhe. "Ní fuilir dá ríribh arú?" "De ghnó ataoi is dócha," ars an Rúisíneach. "Ar m'anam nach eadh", ar Seaghan. Níor leig an Rúisíneach aon nidh air ar feadh leath- bhliadhna. Bhuail sé fá dhein Phoirt Artúir arís. Bhí Seághan ag faire air. "Ná bac é, adeirim leat," ar seisean. D'fheach an Rúisineach go cruinn air, "mar mhagadh ataoi is dócha," ar seisean, ag bualadh isteach agus ag tógaint seilbhean. An beithir do ghairmthear air mar leas-ainm. Chuir sé dranntan as agus d'fhéach sé ar Sheághan bhocht. Thug seisean a bhóthar air. Tá ingne géara ar an mbeithir, croiceann righin, leatharach, corr- fhiacla fada atá fásta 'na stranuidhe láidre, agus guailne teanna agus cnámha reamhra. Cloisfeam trácht air ar ball. Conán Maol
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services