Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tar Lear

Title
Tar Lear
Author(s)
Conán Maol,
Pen Name
Conán Maol
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tar Lear



Féach go cruinn ar an áit go bhfuil an Rúise suidhte
ar Dheilbh an Domhain. Tá sí curtha isteach nós díng
ins an taobh thoir thuaidh de roinn na hEorpa agus síneann
sí as sain soir go dtí an ceann thuaidh de'n Mhuir
Suaimhnis (Pacific Ocean). Tá an Mhuir Thoir (Baltic)
ar an dtaobh thiar di agus an Mhuir Reóite (Arctic) ar an
dtaobh thuaidh di. Cuireann an leac oighre, dá réir sin,
an glas uirthi lastoir ar feadh rátha, agus lastuaidh ar
feadh na leath-bhliadhna.


L. 82


Is cosamhail an Rúise le fathach go mbiaidh dhá phíoban
aige agus an slaghdán agus an múchadh ag gabháil do ar feadh
rátha i ndeireadh na bliadhna.



Bíonn an fathach so ag gearán agus ag unfairt go
dtagann taithneamh na gréine arís chum fhoirithinn air.
Sin mar atá leis an Rúise. Tómhasann sí comh-fhaid
comh-leathan, ocht milliún míle agus is é aireamh a
h-aiteóirí céad agus fiche milliún. Teastuigheann dun-
phoirt uaithe ar bhruach fairrgi nách mbeidh reóite i gcás
go mbiaidh faill 'gá ceannuightheóiribh chum marguidh-
eachta thar sáile.



Bhí impire ar na Rúisinigh darab ainm Peadar Mór
agus ní gan fáth a fuair sé an ainm. I dteannta a
chródhacht bhí sé suas le seacht dtroighthe ar áirde agus chomh
láidir sin i bpearsa go ndíreóchadh sé crudh chapaill
amach na barra iarrain le n-a dheárnaibh.



Bhí ciall aige leis. Thug sé cómhairle dá dhaoinibh ar
leabaidh a bháis. "Dá mhéid an Rúise seo", ar seisean
"beidh sí ró-chumhaing díbh, de bhrígh nach bhfuil slighe réidh
agaibh chun na 'sáile. Leathaidh amach dá réir sin agus
tabharfaidh an fhairrge anach díbh. Táid siad ag
déanamh rud air ó shoin. Do cheap an Bhean-Impire
Cáit bhorb, mhí-bhanamhail, druidim ó dheas fá dhein na
Mara Torriann. Bhí taoiseach ó Éirinn aici darab
ainm Mairiseal Ó Láise agus do bhris an fear comhraic
seo ar na Turcaigh agus thiomáin as na Crimí iad, agus as
imeal bhórdaibh na Mara Duibhe. Bhíodar ag comhlíonadh
cómhairle Pheadair Mhóir acht níor thaithnigh an méid sin
go maith le cúmhachtaibh eile na h-Eorpa. Bhí ead ortha
as sain suas chum an Rúisinigh agus faitchíos ortha roimhis.
Is iomdha fear tréan do marbhadh ó shoin mar gheall ar
sin.



Bheinn liosda do'n léightheóir - mar adeir an t-Ollamh
diadha sáir-eolach, Céitinn - nó thuirseóchainn é, dá
dtráchtfainn ar ghluaiseacht Bhonapart mhóir le n-a
shluaightibh cosgarthacha go Moscó ar an mbéilthíoch,
nó an dóighean, uathbhásach do rinneadh de'n cháthair
áluinn sin ar Ár Borodina agus ruagadh na Rúisíneach
ar an dtriall tar n-ais go Páiris thré sneachda a's
doineann an gheimhridh.



Chífea na Franncaigh ag filleadh abhaile tríd an
tsneachda bán, go mall neamh-eaglach, coirighthe na
gcípeadha ag triall ar aghaidh, nós téada teanna,
lúbacha dubha, easba lóin ortha, agus do-shástacht, Bonapart
mhór ar a gceann go gruaimeach borbach na Rúisínigh
go bagarthach 'gá leanamhaint i gcómhair faill d'fhágháil
ortha, agus an laoch tóirteamhail treannmhar, Mairiseal Ney
i ndeireadh i mbearna an bhaoghail a ghunnaí móra ag
buithridh gach tráthnóna.



Is iongantach an t-eachtra é, acht fá mar adubhart,
"bheinn liosda do'n leightheoir". Do b'é príomh-fháth
an turuis seo le lagughadh an Rúisinigh sul d'fhásfadh
a chúil fiacla. Ba bheag an maitheas é.



Ní mó ná thráchtfadh ar an bhfear glugair úd do bhí
'na Impire ar na Francachaibh ní fada bliadhantaibh ó
shoin. Mac dearbhrathar do garmhac do Bhonapart mhór
do b'eadh é, acht ní raibh inntleacht a réamh-bhráthar
aige. Rinne an gluigín seo connradh le Sasana, agus
Turca, i gcómhair coisg do chur leis an Rúisíneach.
Fuaradar leath-sgéal le troid leis. Buaileadh coga
na Crimí dá dheasgaibh sin agus marbhuigheadh na mílte
fear ann ar feadh trí bhliadhna. Cuireadh ar gcúl an
Rúisíneach an chor sain - ní raibh a chúil-fhiacla fásta
fós. I ndeireadh na dála is beag dá bhárr do bhí ag
na congantóiribh mar tá smacht ag an Rúisíneach ar
na Crimí agus a bhraith go h-uaibhreach ar an Muir Dhuibh agus
cead aige chum triall ar an Muir Torrainn. Béidh
na Turcaigh fá na smacht fós aige leis, acht tógfaidh
sé a aimsir féin chuige. Thug sé a aghaidh soir go fóil.
Tá tír mhór ghrianmhar thaithneamhach ins an domhan
thoir. Sine a h-ainm. Tír bhláthmhar, sgótháluinn ná
bhfear mbuidhe. Rinne an Rúisíneach bóthar iarrainn ó
Shliabh Riffe go teórainnaibh na Síne. Bhí cúmhachta na
hEorpa Thiar doithcheallach dorrdha, leis acht amháin an
Fhrainge agus tá Cáirdeas Cogaidh idir an dá chúmhacht so
indiu agus ní misde a radh gur láidir an bheirt iad. Tá
dhá chéad míle fear aige i ngearracht aisdir gheárr do
Phicín, príomhchathair na Síne. Tá ár gcara Seághan
Buidhe ar baille-chrith. Fuair sé amach i n-urraidh go
raibh an Rúisíneach ar tí Port Artúir do ghabháil.
"Ar do bhás ná bain leis an ndaingean sain, ná buail
bárr méire air, nó díolfair as," ar Seághan Buidhe.



"Ní fuilir dá ríribh arú?" "De ghnó ataoi is dócha,"
ars an Rúisíneach. "Ar m'anam nach eadh", ar Seaghan.
Níor leig an Rúisíneach aon nidh air ar feadh leath-
bhliadhna. Bhuail sé fá dhein Phoirt Artúir arís. Bhí
Seághan ag faire air. "Ná bac é, adeirim leat," ar
seisean. D'fheach an Rúisineach go cruinn air, "mar
mhagadh ataoi is dócha," ar seisean, ag bualadh isteach
agus ag tógaint seilbhean. An beithir do ghairmthear air
mar leas-ainm. Chuir sé dranntan as agus d'fhéach sé ar
Sheághan bhocht. Thug seisean a bhóthar air. Tá ingne
géara ar an mbeithir, croiceann righin, leatharach, corr-
fhiacla fada atá fásta 'na stranuidhe láidre, agus guailne
teanna agus cnámha reamhra. Cloisfeam trácht air ar
ball.



Conán Maol

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services