Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht. Isibhéal Inghean Eóghain.
Title
Filidheacht. Isibhéal Inghean Eóghain.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ISIBÉAL INGHEAN EOGHAIN. Ag dul i gcomhnaidhe do'n ghréin, Is brónach mo sgéal, Ag tógáil as béal margaidh, Ceó ar mo radharc, Leóga! ní breág, Is dólás 'na déidh a mhearuigh mé: Bólacht ná spré, Ná seórt ar an t-saoghal, Níor mhó liom ná péarla thairbheach; Acht do chómhradh beag séimh, Go dtógfadh sé mé As cómhnas, dá mbéidhinn marbh ann. Stadfaidh mé níos mó, De m'agallaidh ceóil, Mhearuigh sí go mór m'intinn; Lean mise de'n ól, Fada go leór, 'S ní thainic liom mo stór a chinntiughadh; Acht anois dá bhfuighinn póg, Ó'n ainnir ghil óig, Lé go dtaitinfeadh mo ghlórtha cinn léi, 'Sí sgaith na mban óg, Béal tanaidh mar an rós, 'Sí Isibéal 'nghean Eoghain cinnte. Tá dhá chích chruinne sáimh', Nár milleadh riamh lé láimh, Lé hionga ná lé bárr méara; Tá an cum aicí is sáimh, Nach bhfuil íseal 's nach árd, Acht mar lilidh ghach lá gréine; Is mian liom a bheith a trácht Air chaoineadas na mná A bhfuil a píob 's a bráighe gléigeal; Is líonmhar atá Ag daoinibh d'á rádh, Go mb'aoibhinn ar ndáil déanta. Tá ógánach séimh dóigheamhail 'na déidh, Cóirighthe 'réir a acfuinne, 'S níor mhór leis mar spré, Órdughadh ó chléir, Ar nós a bheith léithe ag cleasaidheacht, 'S nach mór an doill radhairc Dó a bheith 'na déidh, Óig-bhean na céibhe bachallaighe, Ná leóga! go mbéidhinn Pósta ar an ghéig, Lé fada acht mar'b é an chéim bacghail seo. Sgríobh mé an t-abhrán seo, a réir mar chluin mé, ó Liam Ó Domhnaill as Rann na Feairste, condae Dhúin-na-nGall. D. O M.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services