Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. Isibhéal Inghean Eóghain.

Title
Filidheacht. Isibhéal Inghean Eóghain.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 134


ISIBÉAL INGHEAN EOGHAIN.



Ag dul i gcomhnaidhe do'n ghréin,
Is brónach mo sgéal,
Ag tógáil as béal margaidh,
Ceó ar mo radharc,
Leóga! ní breág,
Is dólás 'na déidh a mhearuigh mé:
Bólacht ná spré,
Ná seórt ar an t-saoghal,
Níor mhó liom ná péarla thairbheach;
Acht do chómhradh beag séimh,
Go dtógfadh sé mé
As cómhnas, dá mbéidhinn marbh ann.



Stadfaidh mé níos mó,
De m'agallaidh ceóil,
Mhearuigh sí go mór m'intinn;
Lean mise de'n ól,
Fada go leór,
'S ní thainic liom mo stór a chinntiughadh;
Acht anois dá bhfuighinn póg,
Ó'n ainnir ghil óig,
Lé go dtaitinfeadh mo ghlórtha cinn léi,
'Sí sgaith na mban óg,
Béal tanaidh mar an rós,
'Sí Isibéal 'nghean Eoghain cinnte.



Tá dhá chích chruinne sáimh',
Nár milleadh riamh lé láimh,
Lé hionga ná lé bárr méara;
Tá an cum aicí is sáimh,
Nach bhfuil íseal 's nach árd,
Acht mar lilidh ghach lá gréine;
Is mian liom a bheith a trácht
Air chaoineadas na mná
A bhfuil a píob 's a bráighe gléigeal;
Is líonmhar atá
Ag daoinibh d'á rádh,
Go mb'aoibhinn ar ndáil déanta.



Tá ógánach séimh
dóigheamhail 'na déidh,
Cóirighthe 'réir a acfuinne,
'S níor mhór leis mar spré,
Órdughadh ó chléir,
Ar nós a bheith léithe ag cleasaidheacht,
'S nach mór an doill radhairc
Dó a bheith 'na déidh,
Óig-bhean na céibhe bachallaighe,
Ná leóga! go mbéidhinn
Pósta ar an ghéig,
Lé fada acht mar'b é an chéim bacghail seo.



Sgríobh mé an t-abhrán seo, a réir mar
chluin mé, ó Liam Ó Domhnaill as Rann na
Feairste, condae Dhúin-na-nGall.



D. O M.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services