Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht. Ar maidin.
Title
Filidheacht. Ar maidin.
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AR MAIDIN. Seo amhrán do chuireas síos ó Thadhg O Cruadhlaoich, táilliúir, atá n-a chomhnuidhe ag an Muileannn i mBaile Mhúirne. Aithneóchaidh na Gaedhilgeóirí an fonn ar an dtoirt: Ar maidin ar ndóin is mé breóite lag, Dul do'n chathair chum bróga nua thabhairt as, Do b'hí ceathanna deór Lem' leacain gan teórainn, Chionn flatha na Fódla bheith ag Seoirse ar naisg: Agus ó bhean an tighe godí an bhuadhairt sin ort? Do bhuail umam óig-fhear leóghanta deas; I bhfochair a shóird ba mheóin liom stad. Do bhí aige n-a phóca Ar mheamram nua Na ranna dhin Seón do Bhónaipeart. Agus ó bhean an tighe, etc. Nuair dhearcas-sa cóide Sheóin gan snas D'atharruigh mo shnódh is mo bhrón do sgaip; Mo mhisneach do thóg, Agus tapa mo dhrólann, Le haiteas na sgeólta nua do cheap. Agus ó bhean, etc. Do phreabas an ród go modhmarach mear, Is bhí cuideachta ghleóidhte im' chomhar gan stad; I dtabhairne an óil Le haiteas ár sgeóil, Do chaitheamar coróin nó dhó ar an bhfear. Agus ó bhean, etc. Nuair chaitheamar meón do phórtar mhaith, Agus dramanna teó go leór len' ais, Talamh ár ndóthain Béidh againn gan feoirlinn, Is Galla-phuic chróna a' rómhar na gclas. Agus ó bhean, etc. Acht d'atharruigh ar spórt chum bróin gan stad Le gazette ó'n bpóist do sheól 'nár measg, Ag aithris sgeólta I bhfearannaibh Fódla, Gur breabadh le hór ar mBónaipeart. Agus ó bhean, etc.
Seo feasda fá'n yoke 's is brón sinn seal, 'Nár mbochtaineacht mhóir, bíodh Iób 'nár measg Is gairid mar lón dóibh Fleadha agus póit, Le caitheamh seoch glóire gheóbham-na ar Neamh. Agus ó bhean an tighe godí an bhuadhairt sin ort? TADHG Ó DONNCHUDHA.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services