Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. Ar maidin.

Title
Filidheacht. Ar maidin.
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AR MAIDIN.



Seo amhrán do chuireas síos ó Thadhg O
Cruadhlaoich, táilliúir, atá n-a chomhnuidhe ag
an Muileannn i mBaile Mhúirne. Aithneóchaidh
na Gaedhilgeóirí an fonn ar an dtoirt:



Ar maidin ar ndóin is mé breóite lag,
Dul do'n chathair chum bróga nua thabhairt as,
Do b'hí ceathanna deór
Lem' leacain gan teórainn,
Chionn flatha na Fódla bheith ag Seoirse ar
naisg:
Agus ó bhean an tighe godí an bhuadhairt
sin ort?



Do bhuail umam óig-fhear leóghanta deas;
I bhfochair a shóird ba mheóin liom stad.
Do bhí aige n-a phóca
Ar mheamram nua
Na ranna dhin Seón do Bhónaipeart.
Agus ó bhean an tighe, etc.



Nuair dhearcas-sa cóide Sheóin gan snas
D'atharruigh mo shnódh is mo bhrón do sgaip;
Mo mhisneach do thóg,
Agus tapa mo dhrólann,
Le haiteas na sgeólta nua do cheap.
Agus ó bhean, etc.



Do phreabas an ród go modhmarach mear,
Is bhí cuideachta ghleóidhte im' chomhar gan
stad;
I dtabhairne an óil
Le haiteas ár sgeóil,
Do chaitheamar coróin nó dhó ar an bhfear.
Agus ó bhean, etc.



Nuair chaitheamar meón do phórtar mhaith,
Agus dramanna teó go leór len' ais,
Talamh ár ndóthain
Béidh againn gan feoirlinn,
Is Galla-phuic chróna a' rómhar na gclas.
Agus ó bhean, etc.



Acht d'atharruigh ar spórt chum bróin gan stad
Le gazette ó'n bpóist do sheól 'nár measg,
Ag aithris sgeólta
I bhfearannaibh Fódla,
Gur breabadh le hór ar mBónaipeart.
Agus ó bhean, etc.


L. 134


Seo feasda fá'n yoke 's is brón sinn seal,
'Nár mbochtaineacht mhóir, bíodh Iób 'nár
measg
Is gairid mar lón dóibh
Fleadha agus póit,
Le caitheamh seoch glóire gheóbham-na ar
Neamh.
Agus ó bhean an tighe godí an bhuadhairt
sin ort?



TADHG Ó DONNCHUDHA.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services