Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Fearghus Finn-Bhéil,
Pen Name
Fearghus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Béidh ar na Cómhairlibh nuadha breis mhór agus dhá mhiliún airgid sa mbliadhain do riaradh agus do chur i gcrích. Daoine gan taithighe ar ghnóthaibh phuiblidhe do riaradh is eadh an chuid is mó acu, acht tá súil againn go luighfidh siad go macánta agus go ciallmhar leis an obair a chuireadar rómpa. Ní h-é amháin gur coir dóibh gach aon phingin do'n airgead sain do chur i dtairbhe mhaith, acht ba cheart dóibh na costasaidhe troma so atá ar an ndúthaigh do laigheadughadh ins gach aon chuma is féidir é. Tá, mar aon rud amháin, isteach 's amach le miliún sa mbliadhain ag dul go Tighthibh na mBocht, agus geall le leath an airgid sin dá chaitheamh le tuarasdal agus le h-oifigibh do choimeád suas. Tá daoine ann agus adeirid gur mó an maitheas d'fhéadfaidhe dhéanamh leis an gceathramhadh cuid do'n airgead sain dá mbeadh súil na dhiaidh mar ba chóir. Pé bhail a bheidh orainn as so amach is feasach gur mór d'airgead na ndaoine a caitheadh go bóg fé riaradh na gCoisdi Móra. Ní bhfuil condae ná ceanntar i gCon- nachtaibh ná sa Mhumhain ná go bhfeicfeá oibreacha neamh- thairbheacha ann, bóithre agus droichid agus a leithéidí sin do rinneadh le h-airgead an chondae i n-áiteachaibh ná raibh aon riachtanas leo ná puinn úsáide 'ghá baint asta. Is amhlaidh cuirti na gnótha sain chum cinn, duine uasal bocht éigin 'ghá thabhairt fé láthair Choisde Mhóir an condae gur mhór a bhí a leithéid seo nó a leithéid siúd d'obair phuiblidhe ag teasdáil, go raibh leath-lámh ar an gceann sain do dhúthaigh dá uireasba. Chuirfeadh sé féin nó duine éigin ba leis isteach ar an obair a chríothnughadh go breágh slachtmhar ar a sé nó a seacht de mhíltibh púnt, agus dar ndóigh má bhí gaol nó cara dó sa Choisde ní h-eitheóchaidhe é. Do chonnac-sa féin cnoc garbh árd seasg dá threabhadh agus dá bhriseadh, mar dheadh go ndéanfaidhe talamh mín dé, agus na gleanntaibh fiaidhne dá bplanndughadh le crannaibh óga a bhí ithte ag na gabhraibh seachtmhain amháin 'na dhiaidh sin. Is iomdha míle púnt d'airgead na ndaoine mbocht a díoladh as na h-oibreachaibh ceudna sain. Is iomdha slighe d'fheádfadh na Comhairlí nuadha maitheas na Gaedhilge do chur chum cinn. Agus is dearbhtha ná béad ó chuid acu acht iarraidh ortha comaoin do chur uirthe dá bhféadfaduís sin do dhéanamh gan costas. Tá deimhniughadh ar sin cheana againn. Do gheall urmhór do lucht Cómhairle cathrach na Gaillimhe do Chonnradh na Gaedhilge ann ná glacfadh an Chómhairle aon tseirbhíseach ná beadh i n-ann Gaedhilg do labhairt. Tá siad chomh maith le na ngeallamhaint. An chéad oifigeach a bhí uatha chuireadar for-fhógra amach ná toghfaidhe aoinne acht duine go mbéadh Gaedhilg aige. Tá an Ghaedhilg dá labhairt ins gach aon chondae i gCúige Connacht agus i gCúige Mumhan. Fíor Éir- eannacha is eadh ar toghadh d'fhearaibh Chómhairle sa dá chúige, adeir siad féin. Ní bhfuil thar deichneabhar i gCómhairlibh na gCondae sin atá páirteach le Cóimh- cheangal na bhFeis, agus táid sin féin Gaedhealach go leor i slíghthibh eile. Dá mbéadh Connradh na Gaedhilge láidir ins gach aon chondae sa dá chúige seo ní bhfuil faitchíos orm a rádh go mbéadh dálta sgéil na Gaillimhe la h-aithris ó íochtar Mumhan go h-uachtar Connacht. Bhíodh daoine ag gearán go dtí seo, agus cúrsaidhe gearáin acu, nár bh'aon chabhair bheatha dhóibh an Ghaedhilg. Ní móide gur fada uainn an lá ná fuigheadh aoinne aon oifig fhóghanta i nÉirinn gan í. Fearghus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services