Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Fearghus Finn-Bhéil,
Pen Name
Fearghus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



Béidh ar na Cómhairlibh nuadha breis mhór agus dhá
mhiliún airgid sa mbliadhain do riaradh agus do chur
i gcrích. Daoine gan taithighe ar ghnóthaibh phuiblidhe do
riaradh is eadh an chuid is mó acu, acht tá súil againn
go luighfidh siad go macánta agus go ciallmhar leis an
obair a chuireadar rómpa. Ní h-é amháin gur coir dóibh
gach aon phingin do'n airgead sain do chur i dtairbhe
mhaith, acht ba cheart dóibh na costasaidhe troma so atá
ar an ndúthaigh do laigheadughadh ins gach aon chuma is
féidir é.



Tá, mar aon rud amháin, isteach 's amach le miliún sa
mbliadhain ag dul go Tighthibh na mBocht, agus geall le
leath an airgid sin dá chaitheamh le tuarasdal agus le
h-oifigibh do choimeád suas. Tá daoine ann agus adeirid
gur mó an maitheas d'fhéadfaidhe dhéanamh leis an
gceathramhadh cuid do'n airgead sain dá mbeadh súil
na dhiaidh mar ba chóir.



Pé bhail a bheidh orainn as so amach is feasach gur mór
d'airgead na ndaoine a caitheadh go bóg fé riaradh na
gCoisdi Móra. Ní bhfuil condae ná ceanntar i gCon-
nachtaibh ná sa Mhumhain ná go bhfeicfeá oibreacha neamh-
thairbheacha ann, bóithre agus droichid agus a leithéidí
sin do rinneadh le h-airgead an chondae i n-áiteachaibh
ná raibh aon riachtanas leo ná puinn úsáide 'ghá baint
asta. Is amhlaidh cuirti na gnótha sain chum cinn,
duine uasal bocht éigin 'ghá thabhairt fé láthair Choisde
Mhóir an condae gur mhór a bhí a leithéid seo nó a
leithéid siúd d'obair phuiblidhe ag teasdáil, go raibh
leath-lámh ar an gceann sain do dhúthaigh dá uireasba.
Chuirfeadh sé féin nó duine éigin ba leis isteach ar an
obair a chríothnughadh go breágh slachtmhar ar a sé nó a
seacht de mhíltibh púnt, agus dar ndóigh má bhí gaol nó
cara dó sa Choisde ní h-eitheóchaidhe é. Do chonnac-sa
féin cnoc garbh árd seasg dá threabhadh agus dá bhriseadh,
mar dheadh go ndéanfaidhe talamh mín dé, agus na
gleanntaibh fiaidhne dá bplanndughadh le crannaibh óga
a bhí ithte ag na gabhraibh seachtmhain amháin 'na dhiaidh
sin. Is iomdha míle púnt d'airgead na ndaoine mbocht
a díoladh as na h-oibreachaibh ceudna sain.



Is iomdha slighe d'fheádfadh na Comhairlí nuadha
maitheas na Gaedhilge do chur chum cinn. Agus is
dearbhtha ná béad ó chuid acu acht iarraidh ortha
comaoin do chur uirthe dá bhféadfaduís sin do
dhéanamh gan costas. Tá deimhniughadh ar sin cheana
againn. Do gheall urmhór do lucht Cómhairle cathrach
na Gaillimhe do Chonnradh na Gaedhilge ann ná glacfadh
an Chómhairle aon tseirbhíseach ná beadh i n-ann Gaedhilg
do labhairt. Tá siad chomh maith le na ngeallamhaint.
An chéad oifigeach a bhí uatha chuireadar for-fhógra
amach ná toghfaidhe aoinne acht duine go mbéadh
Gaedhilg aige.



Tá an Ghaedhilg dá labhairt ins gach aon chondae i
gCúige Connacht agus i gCúige Mumhan. Fíor Éir-
eannacha is eadh ar toghadh d'fhearaibh Chómhairle sa dá
chúige, adeir siad féin. Ní bhfuil thar deichneabhar i
gCómhairlibh na gCondae sin atá páirteach le Cóimh-
cheangal na bhFeis, agus táid sin féin Gaedhealach go
leor i slíghthibh eile. Dá mbéadh Connradh na Gaedhilge
láidir ins gach aon chondae sa dá chúige seo ní bhfuil
faitchíos orm a rádh go mbéadh dálta sgéil na Gaillimhe
la h-aithris ó íochtar Mumhan go h-uachtar Connacht.



Bhíodh daoine ag gearán go dtí seo, agus cúrsaidhe
gearáin acu, nár bh'aon chabhair bheatha dhóibh an Ghaedhilg.
Ní móide gur fada uainn an lá ná fuigheadh aoinne
aon oifig fhóghanta i nÉirinn gan í.



Fearghus Finn-Bhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services