Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cóimhfhreagairt.
Title
Cóimhfhreagairt.
Author(s)
Ó Briain, Pádruig,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CÓIMHFHREAGAIRT. "AN BHORAMHA LAIGHEAN" ETC. DEIMHNIUGHADH NA FÍRINNE. Chum Fir-eagair Irisleabhair na Gaedhilge. A Shaoi Ionmhuin, - Fág é so clodhbhuailte i n-Irisleabhar na Gaedhilge agus geallaim duit ná beidhead ad' bhodhradh as so amach. Ní'l mearbhal, mearughadh ná mear-chuimhne orm i dtaobh an chruinnighthe daoine bhí i dtigh an Ruiséalaigh tar éis teacht ó 'Merica dó. Bhí Dáithí Coimín, an Doch- túir Dubhghlas de h-Íde (An Craoibhinn Aoibhinn) agus morán daoine nach iad láithreach. Bhí cuid aca ag cur agus ag cúiteach ar bh'fheárr cumann nua (chum eolus ar an nGaedhilg do chraobhsgaoileadh) do chuir ar bun no leigint dó. Bhí aon duine amháin díobh go háirighthe go mór i n-a choinnibh, de bhrígh gur mheas sé ná tiucfadh aon tairbhe as. Timcheall seachtmhaine 'n-a dhiaidh sin bhí an cruinniughadh i seomraidhibh Máirtín Uí Cheallaigh, mar ar toghadh uachdarán, rúnaidhe, agus cisdeoir, agus is ann do tugadh an ainm "Connradh na Gaedhilge" ar an gcu- mann nua. Budh mhaith liom focal nó dhó do rádh mar gheall ar an Ruiséalach. Is 'mó leabhar agus sgríbhinn i nGaedhilg cuir sé i n-eagar agus d'fhoillsigh sé le deich mbliladhain fichead. Gach duine do chuala ag trácht ar na leabhair so, dubhradar gur bh'fhéidir leo iad do léigheadh go fuiriste agus do thuigsin go fóirlíonta, agus d'aontuigheas féin leo. Saoilim nach ceart bheith ró- dhian ar duine atá ag oibriughadh go dícheallach macánta ar son na Gaedhilge mar an Ruiséalach. I dtaobh Thaidhg Uí Mhurchudha, is deas clisde eolgai- seach an sgríbhneoir Gaedhilge é gan amhrus. Budh mhaith an nídh dá sgríobhfadh sé leabhar agus go bhfoillseochadh Connradh na Gaedhilge é chum go mbeidheadh sé mar shompla ag daoinibh óga atá ag foghluim Gaedhilge, ionnus go gcumfaidís a gcanamhain d'á réir. Beannacht leat go síor ó PHÁDRUIG Ó BRIAIN. [Ní deimhniughadh an litir seo ar éan-chor. Cruin- niughadh gan deimhniughadh gan cinnteacht an tionól do bhí i dtigh an Ruiséalaigh. Níor ceapadh éinní ann, agus d'á dhruim sin níor chóimhthionól de'n Chonnradh é. 'Pé sgéal é, do smaoin an Niallach ar an rud i bhfad roimhe sin. Má b'fhéidir le daoinibh éigin an leabhar do léigheadh go furusda, ní fhágann sain go raibh an Ghaedh- ilg i gceart ann. - F. an I.]
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services