Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cóimhfhreagairt.

Title
Cóimhfhreagairt.
Author(s)
Ó Briain, Pádruig,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CÓIMHFHREAGAIRT.



"AN BHORAMHA LAIGHEAN" ETC.



DEIMHNIUGHADH NA FÍRINNE.



Chum Fir-eagair Irisleabhair na Gaedhilge.



A Shaoi Ionmhuin, - Fág é so clodhbhuailte i n-Irisleabhar
na Gaedhilge agus geallaim duit ná beidhead ad' bhodhradh
as so amach.



Ní'l mearbhal, mearughadh ná mear-chuimhne orm i
dtaobh an chruinnighthe daoine bhí i dtigh an Ruiséalaigh
tar éis teacht ó 'Merica dó. Bhí Dáithí Coimín, an Doch-
túir Dubhghlas de h-Íde (An Craoibhinn Aoibhinn) agus morán
daoine nach iad láithreach. Bhí cuid aca ag cur agus ag
cúiteach ar bh'fheárr cumann nua (chum eolus ar an
nGaedhilg do chraobhsgaoileadh) do chuir ar bun no
leigint dó. Bhí aon duine amháin díobh go háirighthe go
mór i n-a choinnibh, de bhrígh gur mheas sé ná tiucfadh aon
tairbhe as. Timcheall seachtmhaine 'n-a dhiaidh sin bhí an
cruinniughadh i seomraidhibh Máirtín Uí Cheallaigh, mar
ar toghadh uachdarán, rúnaidhe, agus cisdeoir, agus is ann do
tugadh an ainm "Connradh na Gaedhilge" ar an gcu-
mann nua. Budh mhaith liom focal nó dhó do rádh mar
gheall ar an Ruiséalach. Is 'mó leabhar agus sgríbhinn i
nGaedhilg cuir sé i n-eagar agus d'fhoillsigh sé le deich
mbliladhain fichead. Gach duine do chuala ag trácht ar
na leabhair so, dubhradar gur bh'fhéidir leo iad do
léigheadh go fuiriste agus do thuigsin go fóirlíonta, agus
d'aontuigheas féin leo. Saoilim nach ceart bheith ró-
dhian ar duine atá ag oibriughadh go dícheallach macánta
ar son na Gaedhilge mar an Ruiséalach.



I dtaobh Thaidhg Uí Mhurchudha, is deas clisde eolgai-
seach an sgríbhneoir Gaedhilge é gan amhrus. Budh mhaith
an nídh dá sgríobhfadh sé leabhar agus go bhfoillseochadh
Connradh na Gaedhilge é chum go mbeidheadh sé mar
shompla ag daoinibh óga atá ag foghluim Gaedhilge,
ionnus go gcumfaidís a gcanamhain d'á réir.



Beannacht leat go síor ó



PHÁDRUIG Ó BRIAIN.



[Ní deimhniughadh an litir seo ar éan-chor. Cruin-
niughadh gan deimhniughadh gan cinnteacht an tionól do
bhí i dtigh an Ruiséalaigh. Níor ceapadh éinní ann, agus
d'á dhruim sin níor chóimhthionól de'n Chonnradh é. 'Pé
sgéal é, do smaoin an Niallach ar an rud i bhfad roimhe
sin. Má b'fhéidir le daoinibh éigin an leabhar do
léigheadh go furusda, ní fhágann sain go raibh an Ghaedh-
ilg i gceart ann. - F. an I.]



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services