Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Amhrán. Connspóid idir Ultach agus Connachtach.
Title
Amhrán. Connspóid idir Ultach agus Connachtach.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CONNSPÓID IDIR ULTACH AGUS CON- NACHTACH. An t-Ultach. A Shliabh Sneachta, nach aoibhinn duit, Ag éirghe 'mach ar maidin? 'S gur gile thú ná an fhaoileann; Thig cíb ort agus canach; Tá áirní ar an fhraochann, Is sugh-craobh ar na habair, Agus tobar glan fíoruisge Ag an tír ann do mhullach. An Connachtach. Ní haoibhne do'n Phápa, Ná do Mhághnus Ó Raighilligh, 'Tchidheann sé duan álainn, Gach lá breagh d'á n-éirigheann; Tá an chruithneacht bhuidhe ag fás ann, Chomh hárd leis na spéarthaibh, Agus baraille mór grán, Dar mo láimh! ar gach déis ann. An t-Ultach. A Mhucais, cidh gur ruadh thú, Is meadhrach a bheith ar do mhullach, An áit i bhfeicthear na cabhlaigh Ag dul timcheall na gcuanta; Bidheann an chuach bheag 'sa tsamhradh Ag seinm go huaibhreach, 'S nuair éirighim ar maidin, Sgaoileann tú an ghruaim díom.
An Connachtach. 'Sé mo dhuan-sa an duan aoibhinn Nach gcríonuigheann ins an gheimhreadh, Bidheann duilleabhar glas féile ann, Féil Brighde, ar bhárr sgafóg; Tá an bheachóg ins an tsíobadh Ag síor-chruinniughadh meala, 'S ní hionann é 's an Bhinn Bhuidhe, I mbidheann na caoirighd'á bhfeannadh. An t-Ultach. Tá biolar agus gleorann go leor fá'n Bhinn Bhradaigh, Agus seamróga feorthainn Ag fás ar gach sgraith ann; Bidheann lilí agus rós ann, Sgaith neoinín agus cartloinn, Agus sgaifte ban óg Ag gabháil cheoil fá na beanntaibh. An Connachtach. Dá bhfeicfeá-sa Sliabh Fraoigh, Lé héirghe na maidne, Ceath meala ar gach taobh di, Mar cheo bhaiste shamhraidh; Bidheann eachraidh ag dul i gcóistíbh, 'S fear foghlum' d'á gceannsughadh, Lucht an bhealaigh ag deánadh an eolais, Agus boiraigh óga ag breith gamhna. An t-Ultach. 'S a Mhághnuis Uí Raighilligh, Ó's éigean domh-sa a innsint, Do thráipleisc lé bréaga, Gur léigheadh thart timcheall; Rachaidh do cháil go Duan Éadain, Mar bhfuil spéis mhór ag Gaill ort, 'S béidh do chnámha ag na séiléaraidhe, Mar' séanaidh tú an chaint sin. An Connachtach. Is neamh-ionann liom Duan Mhéadhbha Agus pléisiúr Chúil' Áine, Bidheann cailíní ag labhairt ann, Agus féar ag buaibh dáir' ann; Gheabhaidh bodhrán an t-éisteacht, Agus créatúr a shláinte, Gheabhaidh an dall bocht a radharc ann, 'S fear na h-éan-choise a tháin-rith. Chuir mé an t-amhrán seo i gcionn a chéile mar fheiceas tú, ó ochtar daoine uilig, agus an t-iomlán acú ó Chondae Dhúin- na-nGall. D. Ó M. ["Duan" adeirthear i dTír Chonaill i n-ionad "dún." Ar do mhullach: ar d'uachtar (= gcuanta, huaibhreach, ghruaim díom)? Tháin-rith: tá "shean-roith" 'sa' sgrí- bhinn. - F. an I.]
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services