Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhrán. Connspóid idir Ultach agus Connachtach.

Title
Amhrán. Connspóid idir Ultach agus Connachtach.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 121


CONNSPÓID IDIR ULTACH AGUS CON-
NACHTACH.



An t-Ultach.



A Shliabh Sneachta, nach aoibhinn duit,
Ag éirghe 'mach ar maidin?
'S gur gile thú ná an fhaoileann;
Thig cíb ort agus canach;
Tá áirní ar an fhraochann,
Is sugh-craobh ar na habair,
Agus tobar glan fíoruisge
Ag an tír ann do mhullach.



An Connachtach.



Ní haoibhne do'n Phápa,
Ná do Mhághnus Ó Raighilligh,
'Tchidheann sé duan álainn,
Gach lá breagh d'á n-éirigheann;
Tá an chruithneacht bhuidhe ag fás ann,
Chomh hárd leis na spéarthaibh,
Agus baraille mór grán,
Dar mo láimh! ar gach déis ann.



An t-Ultach.



A Mhucais, cidh gur ruadh thú,
Is meadhrach a bheith ar do mhullach,
An áit i bhfeicthear na cabhlaigh
Ag dul timcheall na gcuanta;
Bidheann an chuach bheag 'sa tsamhradh
Ag seinm go huaibhreach,
'S nuair éirighim ar maidin,
Sgaoileann tú an ghruaim díom.


L. 122


An Connachtach.



'Sé mo dhuan-sa an duan aoibhinn
Nach gcríonuigheann ins an gheimhreadh,
Bidheann duilleabhar glas féile ann,
Féil Brighde, ar bhárr sgafóg;
Tá an bheachóg ins an tsíobadh
Ag síor-chruinniughadh meala,
'S ní hionann é 's an Bhinn Bhuidhe,
I mbidheann na caoirighd'á bhfeannadh.



An t-Ultach.



Tá biolar agus gleorann
go leor fá'n Bhinn Bhradaigh,
Agus seamróga feorthainn
Ag fás ar gach sgraith ann;
Bidheann lilí agus rós ann,
Sgaith neoinín agus cartloinn,
Agus sgaifte ban óg
Ag gabháil cheoil fá na beanntaibh.



An Connachtach.



Dá bhfeicfeá-sa Sliabh Fraoigh,
Lé héirghe na maidne,
Ceath meala ar gach taobh di,
Mar cheo bhaiste shamhraidh;
Bidheann eachraidh ag dul i gcóistíbh,
'S fear foghlum' d'á gceannsughadh,
Lucht an bhealaigh ag deánadh an eolais,
Agus boiraigh óga ag breith gamhna.



An t-Ultach.



'S a Mhághnuis Uí Raighilligh,
Ó's éigean domh-sa a innsint,
Do thráipleisc lé bréaga,
Gur léigheadh thart timcheall;
Rachaidh do cháil go Duan Éadain,
Mar bhfuil spéis mhór ag Gaill ort,
'S béidh do chnámha ag na séiléaraidhe,
Mar' séanaidh tú an chaint sin.



An Connachtach.



Is neamh-ionann liom Duan Mhéadhbha
Agus pléisiúr Chúil' Áine,
Bidheann cailíní ag labhairt ann,
Agus féar ag buaibh dáir' ann;
Gheabhaidh bodhrán an t-éisteacht,
Agus créatúr a shláinte,
Gheabhaidh an dall bocht a radharc ann,
'S fear na h-éan-choise a tháin-rith.



Chuir mé an t-amhrán seo i gcionn a
chéile mar fheiceas tú, ó ochtar daoine
uilig, agus an t-iomlán acú ó Chondae Dhúin-
na-nGall.



D. Ó M.



["Duan" adeirthear i dTír Chonaill i n-ionad "dún."
Ar do mhullach: ar d'uachtar (= gcuanta, huaibhreach,
ghruaim díom)? Tháin-rith: tá "shean-roith" 'sa' sgrí-
bhinn. - F. an I.]

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services