Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Buile Oisín i ndiaidh na Féinne.
Title
Buile Oisín i ndiaidh na Féinne.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BUILE OISÍN I NDIAIDH NA FÉINNE. Fionn fairsing fial, Ceann gaisge bhfear bhFáil, Rí mórdhálach caomh Fá mór ag díol dámh. A chroidhe osgailte mear, Is é ba mhaith re luadh; Fonn fír-ghlic fial, Fáidh fá mór buadh.
Fá glan gorm a rosg, A fholt mar an ór buidhe; Sgéimh an Ríogh fá buan Is a ghruadh mar an gcaoir. Gach bean lán d'á shearc; A chneas mar an gcailc mbáin; Mac Muirne fá caomh, Fionn rí na n-arm n-áigh. Trí chéad orgán binn I dtimcheall Fhinn go bhfuil, Is trí chéd unga óir Do chionn gach ceoil díobh sin. Dob' é uaigneas mo thriaith, Nuair do bhámair féin ann, Caith-eagar gan bhrón Fá ól fhear nár bh'fhann. Do-chonnarc féin rem' linn Ag Fionn, flaith gach n-óil, Deich gcéad corn go n-a bhfleasgaibh Fá n-a gcneasaibh óir. Do bhí dá bhruighin déag - Fá lór a mhéad i ndún - Ag mac inghine Thaidhg Ó Almhain na bhFiann n-úr. Do bhí dá chéad do theinntibh Go cinnte ann gach tigh; Fear is céad gan ghainne Fó gach teine dhíobh sin. An tráth do thógtaoi fíoch Na laoch sin le fearg, Do choisgeadh Fionn le héan-uair, cidh go madh mhór a fhearg. Níor thug mo Rí do thruagh Ná diúltadh do shaith; Uch! ba mhaith gach ceann D'ar ghabh Fionn na bhflaith.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services