Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Buile Oisín i ndiaidh na Féinne.

Title
Buile Oisín i ndiaidh na Féinne.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 120


BUILE OISÍN I NDIAIDH NA FÉINNE.



Fionn fairsing fial,
Ceann gaisge bhfear bhFáil,
Rí mórdhálach caomh
Fá mór ag díol dámh.



A chroidhe osgailte mear,
Is é ba mhaith re luadh;
Fonn fír-ghlic fial,
Fáidh fá mór buadh.


L. 121


Fá glan gorm a rosg,
A fholt mar an ór buidhe;
Sgéimh an Ríogh fá buan
Is a ghruadh mar an gcaoir.



Gach bean lán d'á shearc;
A chneas mar an gcailc mbáin;
Mac Muirne fá caomh,
Fionn rí na n-arm n-áigh.



Trí chéad orgán binn
I dtimcheall Fhinn go bhfuil,
Is trí chéd unga óir
Do chionn gach ceoil díobh sin.



Dob' é uaigneas mo thriaith,
Nuair do bhámair féin ann,
Caith-eagar gan bhrón
Fá ól fhear nár bh'fhann.



Do-chonnarc féin rem' linn
Ag Fionn, flaith gach n-óil,
Deich gcéad corn go n-a bhfleasgaibh
Fá n-a gcneasaibh óir.



Do bhí dá bhruighin déag -
Fá lór a mhéad i ndún -
Ag mac inghine Thaidhg
Ó Almhain na bhFiann n-úr.



Do bhí dá chéad do theinntibh
Go cinnte ann gach tigh;
Fear is céad gan ghainne
Fó gach teine dhíobh sin.



An tráth do thógtaoi fíoch
Na laoch sin le fearg,
Do choisgeadh Fionn le héan-uair,
cidh go madh mhór a fhearg.



Níor thug mo Rí do thruagh
Ná diúltadh do shaith;
Uch! ba mhaith gach ceann
D'ar ghabh Fionn na bhflaith.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services