Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Caint Sgurtha - Sgéilíní ó Chill Choca.
Title
Caint Sgurtha - Sgéilíní ó Chill Choca.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Collector
Ua Briain, S. G.
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SGÉILÍNÍ Ó CHILL CHOCA. Scoileanna Críostamhla, Cill-Choca, Co. Chill-dhara. A fhir an Irisleabhair, D'iarradh orm na sgeulta beaga seo d'aith- sgríobhadh agus an litriughadh a dheasughadh. Táim dhá gcur chughat féachaint a' bhféadfá iad a chur 'san Irisleabhar. 'sé Seághan Ua Briain, feirmeoir atá 'na chómhnuidhe ar na líoda, tuairim míle go leith ar an dtaobh thoir de Shráid na Cathrach i gConntae an Chláir, a sgríobh ar dtúis iad. Dearbhráthair dómh-sa 'seadh é agus chualaidh mé fhéin iad chómh minic agus ta ribe gruaige im' cheann. Muna bhfuilid oireamhnach do'n Irisleabhar nó muna bhfuil slighe agat dóibh cuir chugham ar n-ais iad, má 's é do thoil é, agus díolfad an costas asta. Táid curtha síos díreach mar d'airigheas ó bheul na seandaoine iad a bhíodh ar ragairne cois na teineadh 'san gheimhreadh nuair a bhidheas im' gharsún. Slán agus beannacht leat, S. G. UA BRIAIN. SGEULTA ar an nós a raibh Paráiste Cill- a-feara-bhuidhe i dtosach na haoise seo chuaidh tharainn. Do bhí Sagart neamhchoitchionnta 'san bparáiste seo tuairim trí fichid bliadhan nó deich mbliadhna agus trí fichid ó shoin, darab ainm an t-Athair Pádraig Mhé Guadháin. Deineadh Sagart de 'san bhFrainc agus chuaidh sé trí phríosúntacht agus trí thrioblóidhí móra sul ar tháinic sé go dtí an áit seo. Tá cuimhne mhaith fós annso air féin, ar a chuid ráiteachas, ar a mhíorúiltí agus ar chuid mhór d'ar thuit amach le n-a linn. I. - An bhean a chuir i gcóir an tae dhó. Is beag áit a raibh tae dá ól an t-am sin, acht ó bhí an t-Athair Padraig 'san bhFrainc agus ins na tíorthaibh amach bhí taithighe aige ar an dtae agus thugadh sé bl'luire dhe leis go gach tigh i mbíodh sé ag léigheadh Aifrinn ann. An cheud lá ar thug sé leis é, dubhairt sé le bean (mnaoi) an tighe an tae seo a chur i gcóir dhó. Cheap an bhean go mba sórt éigin duilisg a bhí ann. Do bheirigh sí é agus thug sí do'n tSagart bileoga (duilleoga) an tae ar phláta. D'fhiafraigh an Sagart di cá raibh an t-uisge a bheirigh é seo. "Do chaith mé amach é," ars' ise, "cheap mé nach raibh aon mhaith ann." "Ó! goidé an díoghbháil," ars an t-Athair Pádraig, "tá blúire eile dhe agam, agus nuair a bheireochaidh tú dham é, tabhair chugham an t-uisge."
II. - An bhean a bhíodh ag ól an tae a gan-fhios. Taréis an ama sain, nuair a tháinig taith- ighe ag mór-chuid ar tae d'ól, bhíodh na mná d'á ól a gan-fhios d'á bhfearaibh. Do bhíodh Sighle d'á ól an uile mhaidin nuair a théidheadh a fear amach ag obair agus thugadh sí cuid dhe do leasmhac bheag a bhí aici, ar son gan é innsint d'á athair. Tháinig lá fliuch agus níor chuaidh sé féin ag obair ar aon chor acht d'fhan sé istigh. I gceann tamaill bhí an leasmhac ag sáthadh cipín isteach agus amach ar pholl a bhí anns-an mballa agus dhá radh: "Bíonn arán agus tae ag Sighle Gach uile mhaidin, gach uile mhaidin, Ní dhom' dhaidí atáim 'á innsint Acht do pholl an bhalla, do pholl an bhalla." III. - Bliadhain na dTerrís. Timchioll an ama cheudna bhí na Terrí Ailt ann. Do thosnuigheadar ar intinn mhaith - saoirsecht a thabhairt do Éirinn, cíosanna d'ísliughadh, tuar saor a thabhairt d'fhearaibh oibre agus grabáil a chur síos. Leagadaois na tighthe i lár an lae ghil ar éinne a thogadh talamh duine eile, chuimilighdís cárda olna d'á ndromannaibh nochtuighthe 'san oidhche. Aon duine nach mbiadh sásta ar thuar a thabhairt uaidh saor, do bhainidís an croiceann d'á chuid talmhan, 'nós go gcaithfeadh sé é dheunadh nuair nach mbiadh aon mhaith eile annsin ins an talamh. Bhíodh rinncí aca ar na hailtibh, eudach bán ar dhuine aca agus é ag rinnce; b'é sin "Máthair Terrí" - "Terrí Ailt agus a Mháthair." B'é focal na faire a bhíodh aca "Cá bhfuil tú id' sheasamh?" "Ar an harp agus ceann an ríogh faoi." Bhídís ag bailiughadh airgid le haghaidh púdair agus gráin a cheannach ar son cosaint a dheunadh ar dhaoinibh macánta. Thagaidís so shiubhal oidhche go dtí na tighthe agus deiridís le fear an tighe, "Tabhair dhúinn luach púdair agus gráin, má's maith leat tú a choimeád slán agus cluthmhar id' leabaidh." Thángadar chum m'athar críonna oidhche agus thug sé suim airgid dóibh, mar níor mhaith leis iad a bheith 'na choinne. Acht is minic "nach dtéidheann neart ceart." Nuair chonncadar an chómhacht aca féin, luigheadar amach ar mhná d'fhuadach 'san oidhche "do dhailtínibh gan áird gan mhaith gan mhaoin, gan áis ná acra." Is 'mdhó duine a cuireadh i bpríosún i ngeall leis an obair sin. IV. - An cailín beag dílleachtaidhe agus na Terrís. Do bhí na Terrís le haghaidh cailín bhig dílleachtaidhe a bhí idtigh mo sheanathar do fhuadach leo oidhche áirighthe. Cuireadh í chum tighe mo sheanathar nuair cailleadh a hathair agus a máthair féin nó go mbiadh sí i n-aois a paisde beag féin talmhan do thógaint suas. Bhí cailín de'n chómharsain - Nóra Ní Mhaoil- domhna - ag faire do na Terrís go mbiadh an cailín beag dílleachtaidhe seo ag crúdh na mbó um thráthnóna. Ar lár an lae sin tháinig Antoine Ua Cléirigh chum mo sheanathar agus adubhairt, "Do chuir m'athair annso chughat mé 'á rádh leat go bhfuil Máire bheag Ní Bhriain seo agad le fuadhach nuair a bheidh sí ag crúdh na mbeitheach agus go mb'fearr dhuit í chur soir go dtí an Leacain roimh am chrúidhte." Do bhí mar sin; chuaidh an cailín beag go dtí an Leacain. Annsain cheap m'athair críonna go mb'fhéidir 'nár bh'fhíor i n-éan-chor é agus chuir sé teachtaire go tigh Mhaoildhomhna um thráthnóna. Is ann a bhí na Terrís le cruinniughadh agus bhí an teach leath-lán le fearaibh, cuid eile ag teacht 'na mbeirt agus 'na dtriúr.
Nuair a tháinig Nóra Ní Mhaoildhomhna a' crúdh na mbó leis na cailíníbh eile, mar ba ghnáthach léithe, agus nach raibh Máire bheag le fághail, chas sí a bhaile go dtí na Terrís agus níor thángadar i bhfeidhil an fhuadaigh i n-éan- chor. V. - Comhairle an Athar Pádraig do na Terrís. Dubhairt an t-Athair Pádraig leis na Terrís nuair bhíodar ag ceapadh Éire do shaoradh nach raibh lá Shacsana tabhartha go fóil, acht go mbiadh sí fós mar a bhiadh feir- meoir go mbiadh trí feirmeacha aige i bhfad óna chéile agus go mbiadh móinfhéar féir croithte amach aige ar gach feirm, lá breágh fóghmhair. I meodhan na lae do bhagair cioth báisdighe; do thosnuigh an feirmeoir agus a chongnadh ar cheann dos na móinfhéaraibh do thógaint. Thógadar an móinfhéar sin tirm. Chuadar annsin go dtí an tarna móinfhéar agus bhí a leath tógtha aca nuair tháinig an cioth mór uathbhásach agus cailleadh an tríomhadh móinfhéar ar fad. Is mar sin bheidh Sacsana nuair thiocfaidh an tóir uirri, ní bheidh sé ar gcumas di a cuid áiteanna go léir a choimeád. VI. - An cheud shearmóin Bhéarla tugadh san gCathair. Do bhí sagart mar dhearbhráthair ag an Athair Pádraig - an t-Athair Antoine. Tháinig sé do'n Chathair domhnach ag léigheadh Aifrinn. Do bhí cuid mhór fámairidhe galánta ag an Aifreann. Bhídís ag dul faoi an sáile, mar ba 'san tsaosúr é. Shaoil an t-Athair Antoine go mba cheart dó séarmóin Bhéarla a thabhairt uaidh ar son na ndaoine galánta seo. Thosnuigh sé ar an mBéarla acht nuair nár thuig muintir na háite aon fhocal de'n Bhéarla d'imthigheadar amach as Tigh an phobuil, 'na nduine agus 'na nduine nó nach raibh aige 'sa deireadh acht an dorn fá- mairidhe. Chuaidh sgeula do'n Athair Pádraig go Cill Mhuire cionnus d'éirigh leis an cheud searmóin Bhéarla agus nuair tháinig an t-Athair Antoine a bhaile bhí an t-Athair Pádraig ag magadh faoi ag rádh leis, "Cionnus d'éirigh leat indiu, a Athair." "Á! ná bac-sa liom," ars' eisean. VII. - An fear nar bhfurus a shásamh i mbeirbhiughadh a chuid ubh. Bhí fear annso a bhí an-dheacair i dtaobh é a shásamh i mbeirbhiughadh a chuid ubh. Ní fheudfadh éinne é shásamh. "Bainfidh mise an gearán de," arsa fear áirighthe lá. Chuir sé éadan na huibhe 'á rósdadh leis an teinidh agus níor bhac sé leis an éadan eile. Thug sé annsain an ubh do'n fhear eile agus an t-éadan cruaidh suas di. Do bhris sé an ubh agus nuair fuair sé cómh cruaidh í, d'fhiafraigh sé. "Cia bheirigh an ubh so, tá sí ró-chruaidh." "Mise," ars an fear eile, "agus muna bhfuil tú sásta leis an taobh sin, feuch ar an taobh eile," dá h-iompódh suas an taobh eile, a bhí 'na huisge agus 'na bainne. VIII. - Cailleach draoidheachta Bhéil Átha. Ní fada uainn Beul Átha, acht is fada fairsing an chuimhne atá fós ar Chailligh Bhéil Átha. Cailleach draoidheachta b'eadh í. Théidheadh sí taobh thiar de gach marcach a bhíodh ag dul thar an áth so de shiubhal oidhche. d'fháisgeadh sí an t-anam asta go dtuitidís marbh. Aon oidhche amháin bhí marcach ag dul thar an áth agus thug sé leis sgian. Nuair a bhí an chailleach d'á fhásgadh thug sé sáthadh do'n sgein di agus d'fhág sé sáithte innti í. "Bog agus sáthaigh arís," ars' an chailleach. "Ní bhogfad agus ní sháithfead," ars' eisean, agus do
thuit sí anuas 'na cnap fuar marbh ar an mbóthar. Is 'mdhó marcach do sháthaigh le sgein í roimhe sin, acht dá dtairneó'daois an sgian, ní mharbhóchadh an saoghal í.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services