SGÉILÍNÍ Ó CHILL CHOCA.
Scoileanna Críostamhla,
Cill-Choca, Co. Chill-dhara.
A fhir an Irisleabhair,
D'iarradh orm na sgeulta beaga seo d'aith-
sgríobhadh agus an litriughadh a dheasughadh. Táim dhá gcur
chughat féachaint a' bhféadfá iad a chur 'san Irisleabhar.
'sé Seághan Ua Briain, feirmeoir atá 'na chómhnuidhe ar
na líoda, tuairim míle go leith ar an dtaobh thoir de
Shráid na Cathrach i gConntae an Chláir, a sgríobh ar
dtúis iad. Dearbhráthair dómh-sa 'seadh é agus chualaidh
mé fhéin iad chómh minic agus ta ribe gruaige im' cheann.
Muna bhfuilid oireamhnach do'n Irisleabhar nó muna
bhfuil slighe agat dóibh cuir chugham ar n-ais iad, má
's é do thoil é, agus díolfad an costas asta.
Táid curtha síos díreach mar d'airigheas ó bheul na
seandaoine iad a bhíodh ar ragairne cois na teineadh
'san gheimhreadh nuair a bhidheas im' gharsún.
Slán agus beannacht leat,
S. G. UA BRIAIN.
SGEULTA ar an nós a raibh Paráiste Cill-
a-feara-bhuidhe i dtosach na haoise
seo chuaidh tharainn.
Do bhí Sagart neamhchoitchionnta 'san
bparáiste seo tuairim trí fichid bliadhan nó
deich mbliadhna agus trí fichid ó shoin, darab
ainm an t-Athair Pádraig Mhé Guadháin.
Deineadh Sagart de 'san bhFrainc agus chuaidh
sé trí phríosúntacht agus trí thrioblóidhí móra
sul ar tháinic sé go dtí an áit seo.
Tá cuimhne mhaith fós annso air féin, ar a
chuid ráiteachas, ar a mhíorúiltí agus ar chuid
mhór d'ar thuit amach le n-a linn.
I. - An bhean a chuir i gcóir an tae dhó.
Is beag áit a raibh tae dá ól an t-am sin,
acht ó bhí an t-Athair Padraig 'san bhFrainc
agus ins na tíorthaibh amach bhí taithighe aige ar
an dtae agus thugadh sé bl'luire dhe leis go gach
tigh i mbíodh sé ag léigheadh Aifrinn ann. An
cheud lá ar thug sé leis é, dubhairt sé le
bean (mnaoi) an tighe an tae seo a chur i
gcóir dhó. Cheap an bhean go mba sórt
éigin duilisg a bhí ann. Do bheirigh sí é agus
thug sí do'n tSagart bileoga (duilleoga)
an tae ar phláta.
D'fhiafraigh an Sagart di cá raibh an
t-uisge a bheirigh é seo.
"Do chaith mé amach é," ars' ise, "cheap
mé nach raibh aon mhaith ann."
"Ó! goidé an díoghbháil," ars an t-Athair
Pádraig, "tá blúire eile dhe agam, agus nuair
a bheireochaidh tú dham é, tabhair chugham an
t-uisge."
II. - An bhean a bhíodh ag ól an tae a
gan-fhios.
Taréis an ama sain, nuair a tháinig taith-
ighe ag mór-chuid ar tae d'ól, bhíodh na mná
d'á ól a gan-fhios d'á bhfearaibh. Do bhíodh
Sighle d'á ól an uile mhaidin nuair a théidheadh
a fear amach ag obair agus thugadh sí cuid dhe
do leasmhac bheag a bhí aici, ar son gan é
innsint d'á athair. Tháinig lá fliuch agus níor
chuaidh sé féin ag obair ar aon chor acht
d'fhan sé istigh. I gceann tamaill bhí an
leasmhac ag sáthadh cipín isteach agus amach ar
pholl a bhí anns-an mballa agus dhá radh:
"Bíonn arán agus tae ag Sighle
Gach uile mhaidin, gach uile mhaidin,
Ní dhom' dhaidí atáim 'á innsint
Acht do pholl an bhalla, do pholl an bhalla."
III. - Bliadhain na dTerrís.
Timchioll an ama cheudna bhí na Terrí Ailt
ann. Do thosnuigheadar ar intinn mhaith -
saoirsecht a thabhairt do Éirinn, cíosanna
d'ísliughadh, tuar saor a thabhairt d'fhearaibh
oibre agus grabáil a chur síos. Leagadaois
na tighthe i lár an lae ghil ar éinne a thogadh
talamh duine eile, chuimilighdís cárda olna
d'á ndromannaibh nochtuighthe 'san oidhche.
Aon duine nach mbiadh sásta ar thuar a
thabhairt uaidh saor, do bhainidís an croiceann
d'á chuid talmhan, 'nós go gcaithfeadh sé é
dheunadh nuair nach mbiadh aon mhaith eile
annsin ins an talamh.
Bhíodh rinncí aca ar na hailtibh, eudach
bán ar dhuine aca agus é ag rinnce; b'é sin
"Máthair Terrí" - "Terrí Ailt agus a Mháthair."
B'é focal na faire a bhíodh aca "Cá bhfuil
tú id' sheasamh?" "Ar an harp agus ceann an
ríogh faoi."
Bhídís ag bailiughadh airgid le haghaidh
púdair agus gráin a cheannach ar son cosaint a
dheunadh ar dhaoinibh macánta. Thagaidís
so shiubhal oidhche go dtí na tighthe agus deiridís
le fear an tighe, "Tabhair dhúinn luach
púdair agus gráin, má's maith leat tú a
choimeád slán agus cluthmhar id' leabaidh."
Thángadar chum m'athar críonna oidhche agus
thug sé suim airgid dóibh, mar níor mhaith
leis iad a bheith 'na choinne.
Acht is minic "nach dtéidheann neart
ceart." Nuair chonncadar an chómhacht aca
féin, luigheadar amach ar mhná d'fhuadach 'san
oidhche "do dhailtínibh gan áird gan mhaith
gan mhaoin, gan áis ná acra." Is 'mdhó
duine a cuireadh i bpríosún i ngeall leis an
obair sin.
IV. - An cailín beag dílleachtaidhe agus na
Terrís.
Do bhí na Terrís le haghaidh cailín bhig
dílleachtaidhe a bhí idtigh mo sheanathar do
fhuadach leo oidhche áirighthe. Cuireadh í chum
tighe mo sheanathar nuair cailleadh a hathair
agus a máthair féin nó go mbiadh sí i n-aois a
paisde beag féin talmhan do thógaint suas.
Bhí cailín de'n chómharsain - Nóra Ní Mhaoil-
domhna - ag faire do na Terrís go mbiadh an
cailín beag dílleachtaidhe seo ag crúdh na
mbó um thráthnóna.
Ar lár an lae sin tháinig Antoine Ua
Cléirigh chum mo sheanathar agus adubhairt, "Do
chuir m'athair annso chughat mé 'á rádh leat
go bhfuil Máire bheag Ní Bhriain seo agad le
fuadhach nuair a bheidh sí ag crúdh na mbeitheach
agus go mb'fearr dhuit í chur soir go dtí an
Leacain roimh am chrúidhte." Do bhí mar sin;
chuaidh an cailín beag go dtí an Leacain.
Annsain cheap m'athair críonna go mb'fhéidir
'nár bh'fhíor i n-éan-chor é agus chuir sé teachtaire
go tigh Mhaoildhomhna um thráthnóna. Is ann
a bhí na Terrís le cruinniughadh agus bhí an teach
leath-lán le fearaibh, cuid eile ag teacht 'na
mbeirt agus 'na dtriúr.
Nuair a tháinig Nóra Ní Mhaoildhomhna a'
crúdh na mbó leis na cailíníbh eile, mar ba
ghnáthach léithe, agus nach raibh Máire bheag le
fághail, chas sí a bhaile go dtí na Terrís agus
níor thángadar i bhfeidhil an fhuadaigh i n-éan-
chor.
V. - Comhairle an Athar Pádraig do na
Terrís.
Dubhairt an t-Athair Pádraig leis na
Terrís nuair bhíodar ag ceapadh Éire do
shaoradh nach raibh lá Shacsana tabhartha go
fóil, acht go mbiadh sí fós mar a bhiadh feir-
meoir go mbiadh trí feirmeacha aige i bhfad
óna chéile agus go mbiadh móinfhéar féir croithte
amach aige ar gach feirm, lá breágh fóghmhair.
I meodhan na lae do bhagair cioth báisdighe;
do thosnuigh an feirmeoir agus a chongnadh ar
cheann dos na móinfhéaraibh do thógaint.
Thógadar an móinfhéar sin tirm. Chuadar
annsin go dtí an tarna móinfhéar agus bhí a
leath tógtha aca nuair tháinig an cioth mór
uathbhásach agus cailleadh an tríomhadh móinfhéar
ar fad.
Is mar sin bheidh Sacsana nuair thiocfaidh
an tóir uirri, ní bheidh sé ar gcumas di a
cuid áiteanna go léir a choimeád.
VI. - An cheud shearmóin Bhéarla tugadh
san gCathair.
Do bhí sagart mar dhearbhráthair ag an Athair
Pádraig - an t-Athair Antoine. Tháinig
sé do'n Chathair domhnach ag léigheadh Aifrinn.
Do bhí cuid mhór fámairidhe galánta ag an
Aifreann. Bhídís ag dul faoi an sáile, mar
ba 'san tsaosúr é. Shaoil an t-Athair
Antoine go mba cheart dó séarmóin Bhéarla
a thabhairt uaidh ar son na ndaoine galánta
seo.
Thosnuigh sé ar an mBéarla acht nuair
nár thuig muintir na háite aon fhocal de'n
Bhéarla d'imthigheadar amach as Tigh an
phobuil, 'na nduine agus 'na nduine nó nach
raibh aige 'sa deireadh acht an dorn fá-
mairidhe.
Chuaidh sgeula do'n Athair Pádraig go
Cill Mhuire cionnus d'éirigh leis an cheud
searmóin Bhéarla agus nuair tháinig an t-Athair
Antoine a bhaile bhí an t-Athair Pádraig ag
magadh faoi ag rádh leis, "Cionnus d'éirigh
leat indiu, a Athair." "Á! ná bac-sa
liom," ars' eisean.
VII. - An fear nar bhfurus a shásamh i
mbeirbhiughadh a chuid ubh.
Bhí fear annso a bhí an-dheacair i dtaobh é
a shásamh i mbeirbhiughadh a chuid ubh. Ní
fheudfadh éinne é shásamh. "Bainfidh mise
an gearán de," arsa fear áirighthe lá. Chuir
sé éadan na huibhe 'á rósdadh leis an teinidh
agus níor bhac sé leis an éadan eile. Thug sé
annsain an ubh do'n fhear eile agus an t-éadan
cruaidh suas di. Do bhris sé an ubh agus nuair
fuair sé cómh cruaidh í, d'fhiafraigh sé. "Cia
bheirigh an ubh so, tá sí ró-chruaidh." "Mise,"
ars an fear eile, "agus muna bhfuil tú sásta
leis an taobh sin, feuch ar an taobh eile,"
dá h-iompódh suas an taobh eile, a bhí 'na
huisge agus 'na bainne.
VIII. - Cailleach draoidheachta Bhéil Átha.
Ní fada uainn Beul Átha, acht is fada
fairsing an chuimhne atá fós ar Chailligh
Bhéil Átha. Cailleach draoidheachta b'eadh í.
Théidheadh sí taobh thiar de gach marcach a
bhíodh ag dul thar an áth so de shiubhal oidhche.
d'fháisgeadh sí an t-anam asta go dtuitidís
marbh. Aon oidhche amháin bhí marcach ag dul
thar an áth agus thug sé leis sgian. Nuair a bhí
an chailleach d'á fhásgadh thug sé sáthadh do'n
sgein di agus d'fhág sé sáithte innti í. "Bog
agus sáthaigh arís," ars' an chailleach. "Ní
bhogfad agus ní sháithfead," ars' eisean, agus do
thuit sí anuas 'na cnap fuar marbh ar an
mbóthar.
Is 'mdhó marcach do sháthaigh le sgein í
roimhe sin, acht dá dtairneó'daois an sgian,
ní mharbhóchadh an saoghal í.