Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cóimhfhreagairt.
Title
Cóimhfhreagairt.
Author(s)
Ua Murchadha, Tadhg,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CÓIMHFHREAGAIRT. "AN BHORAMHA LAIGHEAN" D'fhear eagair Irisleabhair na Gaedhilge - Do chonnac mion-scrúdughadh ar an leabhar so "An Bhóramha Laighean" (fá mar a chuireas an fear eagair síos é) i n-Irisleabhar na míosa so. Tasbáineann an mion-scrúduightheóir a cheannsacht, a chneastacht, agus a dheigh-mhéin d'fhear eagair an leabhair seo. Is mór í cuid foidhne an mhion-scrúduightheóra le hughdar an leabhair so, agus a mhinicí cheana do cuireadh ar a shúilibh go soiléir do a dhaille ar nua-Ghaedhilge do sgríobhadh mar ba cheart. Dá mbeinn-se i n-ionad an mhion- scrúduightheóra, do bheinn ar athrach méine le hughdar an leabhair so. Dá mbeinn cliste ar mo pheann do chur ar siubhal do chuirfinn a ghéire i n-achrann 'sa' bheo aige ('sé sin, dá mb'fhéidir a leithéid do dhéanamh i n-aon chor), chum coisg do chur leis gan bheith ag milleadh ár dteangan. Gan amhras buailfidh sé cuaille cómhraic na comhchainte i gcoinnibh mion-scrúduigh- theóra an leabhair so mar is gnáth leis. Measaim go gcloisim cheana féin é ag cur uime mar sgiath chosanta ar a namhaid leabhair na sean-ughdar go huile, agus i gceartlár na sgéithe sin beid scríbheanna Sheathrúin Céitinn ag deallradh mar an ngréin chum a theasbáint do scoláiríbh Gaedhilge an domhain mhóir nach dtéidheann sé in an oiread agus aon fhocal ná aon ghnás amháin i leathtaoibh o mhódh sgríbhinn na sean-ughdar. Ní haon tairbhe dul chum suidhte leis an ughdar- thásaidhe so na nua-Ghaedhilge. Ní'l aon nídh is feárr do dhéanamh leis ná an cóimhgheárr do ghabháil chuige, mar do b'éigin do Sheaghán Pléimeann an sean-laoch úd na Gaedhilge do dheunamh leis, tá roinnt mhaith bliadhan anois ann. "Is fada í cuimhne an tsean-leinbh," mar adeir ár seandaoine; agus i gcéill an tsean-ráidh so b'fhéidir nár mhisde leat, dá gcuirfinn i n-umhail do léightheóiríbh óga Irisleabhair na haimsire so, acht ní gádh dham a chur i gcuimhne dhuit-se, go raibh cómhchaint ar siubhal ar feadh roinnt aimsire i sean-Irisleabhar na Gaedhilge idir Seaghán Pléimeann agus T. Ua Néill Russel ar phúncannaibh áirithe na nua-Ghaedhilge acht do b'í críoch an sgéil eatorra é gur bh'éigin do Sheaghán Pléimeann a rádh nách raibh riamh agus nách mbeadh le n-a shaoghal eólas aige ar Ghaedhilge do labhairt ná do sgríobhadh i ngnás Gaedhilge nádúrtha. Agus ó'n ló sain go dtí an ló so, ní'l aon iarracht d'á dtug sé ar nua-Ghaedhilge do labhairt nó do sgríobhadh nách bhfuil sé ag déanamh dearbhuighthe ar fhírinne bhréithre Sheagháin Phléimeann. Níor ghádh an tsuim ba lúgha do chur i sgríbhinníbh Gaedhilge an ughdarthásaidhe so, muna mbeadh go bhfuil mór-ghairm scoláire Gaedhilge amuigh air. Is mór é an dochar atá déanta d'ár dteangain ag lucht curtha amach na gairme sin, de bhrígh go bhfuil na mílte d'aos óg na hÉireann agus foloig ortha ag déanamh stuidéir air theangain ár sinnsear, agus beidh leabhair an ughdarthásaidhe so i measg na leabhar do bheidh aca, acht ní bheidh do thoradh ar a gcuid stuidéir ar na leabhraibh so acht mar a bheadh an dall ag treórughadh na ndall. Do b' fheárr de chrích ar ár dteangain í dhul i n-éag glan amach ná í bheith curtha i n-áird-réim 'na Gall- Ghaedhilge agus í gan cuma, gan crut, gan ceart-ghnás. Acht ní baoghal di, le congnamh Rí na ndúl aon taobh de'n dá dhroch-chrích seo de bhrígh go bhfuil spiorad Seagháin Pléimeann fós ag treórlughadh Irisleabhair na Gaedhilge agus ná raibh sé choidhche gan oidhre oireamhnach air um an Irisleabhar. Is mise, le mór-mheas, A Fhir eagair Do shearbhfhoghantaidhe umhal i gcúis na Gaedhilge, TADHG UA MURCHADHA. Trí agus trí fichid ceann, Sráid an Chinn Thuaidh, Corcach, 31/3/01. [A Thaidhg Uí Murchadha, a chara - Do bhíomar i gcás idir dhá chomhairle i dtaoibh na litre seo agat do leigean isteach .i. a dheise do bhí an Ghaedhilg innte d'aon-taoibh agus, do'n taoibh eile, a éachtaighe do chuiris géire do phinn i n-achrann 'sa' bheó ag fear eagair an leabhráin úd, cé nach maith leat é d'admháil dúinn. Tá eagla orainn go bhfuilir ró-dhian air. Má tá go ndéanann sé tuathail mhóra, ag sgríobhadh Gaedhilge dho, ní dóigh linn gur duine mío-mhacánta é 'na dhiaidh sin, agus suim mhór aige innte. Is truagh nach bhfuil oiread eolais aige uirthe agus atá teas-ghrádh aige dhi. - F. an I.]
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services