Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cóimhfhreagairt.

Title
Cóimhfhreagairt.
Author(s)
Ua Murchadha, Tadhg,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CÓIMHFHREAGAIRT.



"AN BHORAMHA LAIGHEAN"



D'fhear eagair Irisleabhair na Gaedhilge -



Do chonnac mion-scrúdughadh ar an leabhar so "An
Bhóramha Laighean" (fá mar a chuireas an fear eagair
síos é) i n-Irisleabhar na míosa so. Tasbáineann
an mion-scrúduightheóir a cheannsacht, a chneastacht,
agus a dheigh-mhéin d'fhear eagair an leabhair seo. Is mór í
cuid foidhne an mhion-scrúduightheóra le hughdar an
leabhair so, agus a mhinicí cheana do cuireadh ar a shúilibh
go soiléir do a dhaille ar nua-Ghaedhilge do sgríobhadh
mar ba cheart. Dá mbeinn-se i n-ionad an mhion-
scrúduightheóra, do bheinn ar athrach méine le hughdar
an leabhair so. Dá mbeinn cliste ar mo pheann do
chur ar siubhal do chuirfinn a ghéire i n-achrann 'sa'
bheo aige ('sé sin, dá mb'fhéidir a leithéid do dhéanamh
i n-aon chor), chum coisg do chur leis gan bheith ag
milleadh ár dteangan. Gan amhras buailfidh sé cuaille
cómhraic na comhchainte i gcoinnibh mion-scrúduigh-
theóra an leabhair so mar is gnáth leis. Measaim go
gcloisim cheana féin é ag cur uime mar sgiath chosanta
ar a namhaid leabhair na sean-ughdar go huile, agus i
gceartlár na sgéithe sin beid scríbheanna Sheathrúin
Céitinn ag deallradh mar an ngréin chum a theasbáint
do scoláiríbh Gaedhilge an domhain mhóir nach dtéidheann
sé in an oiread agus aon fhocal ná aon ghnás amháin i
leathtaoibh o mhódh sgríbhinn na sean-ughdar.



Ní haon tairbhe dul chum suidhte leis an ughdar-
thásaidhe so na nua-Ghaedhilge. Ní'l aon nídh is feárr do
dhéanamh leis ná an cóimhgheárr do ghabháil chuige, mar
do b'éigin do Sheaghán Pléimeann an sean-laoch úd na
Gaedhilge do dheunamh leis, tá roinnt mhaith bliadhan
anois ann. "Is fada í cuimhne an tsean-leinbh," mar
adeir ár seandaoine; agus i gcéill an tsean-ráidh so
b'fhéidir nár mhisde leat, dá gcuirfinn i n-umhail do
léightheóiríbh óga Irisleabhair na haimsire so, acht ní
gádh dham a chur i gcuimhne dhuit-se, go raibh cómhchaint
ar siubhal ar feadh roinnt aimsire i sean-Irisleabhar
na Gaedhilge idir Seaghán Pléimeann agus T. Ua Néill
Russel ar phúncannaibh áirithe na nua-Ghaedhilge acht
do b'í críoch an sgéil eatorra é gur bh'éigin do Sheaghán
Pléimeann a rádh nách raibh riamh agus nách mbeadh le n-a
shaoghal eólas aige ar Ghaedhilge do labhairt ná do
sgríobhadh i ngnás Gaedhilge nádúrtha. Agus ó'n ló
sain go dtí an ló so, ní'l aon iarracht d'á dtug sé
ar nua-Ghaedhilge do labhairt nó do sgríobhadh nách
bhfuil sé ag déanamh dearbhuighthe ar fhírinne bhréithre
Sheagháin Phléimeann.



Níor ghádh an tsuim ba lúgha do chur i sgríbhinníbh
Gaedhilge an ughdarthásaidhe so, muna mbeadh go bhfuil
mór-ghairm scoláire Gaedhilge amuigh air.



Is mór é an dochar atá déanta d'ár dteangain ag
lucht curtha amach na gairme sin, de bhrígh go bhfuil na
mílte d'aos óg na hÉireann agus foloig ortha ag déanamh
stuidéir air theangain ár sinnsear, agus beidh leabhair
an ughdarthásaidhe so i measg na leabhar do bheidh aca,
acht ní bheidh do thoradh ar a gcuid stuidéir ar na
leabhraibh so acht mar a bheadh an dall ag treórughadh
na ndall.



Do b' fheárr de chrích ar ár dteangain í dhul i n-éag
glan amach ná í bheith curtha i n-áird-réim 'na Gall-
Ghaedhilge agus í gan cuma, gan crut, gan ceart-ghnás.



Acht ní baoghal di, le congnamh Rí na ndúl aon taobh
de'n dá dhroch-chrích seo de bhrígh go bhfuil spiorad
Seagháin Pléimeann fós ag treórlughadh Irisleabhair
na Gaedhilge agus ná raibh sé choidhche gan oidhre oireamhnach
air um an Irisleabhar.



Is mise, le mór-mheas,
A Fhir eagair
Do shearbhfhoghantaidhe umhal i gcúis
na Gaedhilge,
TADHG UA MURCHADHA.



Trí agus trí fichid ceann, Sráid an Chinn Thuaidh, Corcach,
31/3/01.



[A Thaidhg Uí Murchadha, a chara - Do bhíomar i gcás
idir dhá chomhairle i dtaoibh na litre seo agat do
leigean isteach .i. a dheise do bhí an Ghaedhilg innte
d'aon-taoibh agus, do'n taoibh eile, a éachtaighe do chuiris
géire do phinn i n-achrann 'sa' bheó ag fear eagair an
leabhráin úd, cé nach maith leat é d'admháil dúinn.
Tá eagla orainn go bhfuilir ró-dhian air. Má tá go
ndéanann sé tuathail mhóra, ag sgríobhadh Gaedhilge
dho, ní dóigh linn gur duine mío-mhacánta é 'na dhiaidh
sin, agus suim mhór aige innte. Is truagh nach bhfuil
oiread eolais aige uirthe agus atá teas-ghrádh aige dhi. -
F. an I.]



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services