Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Filidheacht. An Smachtín Crón.
Title
Filidheacht. An Smachtín Crón.
Author(s)
O Coileáin, Seaghán,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN SMACHTÍN CRÓN. Seaghán O Coileáin, cct. Tráth indé 's me ar mearaighe Ag siubhal liom féin in ngarrdha, Do dhearcas uaim i nglas-choill Stuaire chailín óig; Ba ghlonnrach éin ar chrannaoibh, Puic is bruic ar stródh Is éisg ag tíocht i nglaisíbh, Ag éisteacht le n-a nglór. Ba bhúclach péarlach cas buidhe A dlúth-fholt léi go halt síos; Ba tiugh mar fhéar an teas-mhaighe A lomra-fhlíos an óir; Bhí luisne na gcaor 'na geal-ghnaoi 's gile na géis' 'na snódh; Gluise 'na claon-rosg beadaidhe 's ba dheirge a gruadh ná 'n rós. Do dhruideas-sa léi gan stad puinn 'S do leigeas go haobh mo hat' dhíom Is d'fhiosruigh mé go tais tím De'n chaomh-bhean chneas-chaoin chóir: An tu Hélen tséimh an bhean-rí Thug ár na Traoi 's na dtreon, Nó Déirdre mhaordha bean Naois Dob' áilne gné faoi dhó? An tu Bláthnait bhéal-tais bheadaidhe Thug go taobh Mhis bannaoi Gur thuit an laoch thug ann í, Curaidh Mac Dáire leo, No 'n ríoghan do chuir go preasaidhe An draoi le rannaigheacht óil, Thug maoin gan mhoill tar glais-linn Is Gaoidhil fá rachtaoibh seoil? An tu Aoife chlaon an bhean tsidhe Chlaoidh Clann Lir le healadhain, No Médea thréig a daidín 'S do chuaidh do'n Ghréig ar bórd, No Íris bhí ar sealaigheacht Na cumann cléibh ag Ióbh, No Clíodna dhíogadh cannaoi 'S do bhíodh ist-oidhche ar stródh? An tusa bé na mbas mín Do rith i gcéin fá neart Fhinn Gur thuit an laoch do lean í Le hOsgar tréan san ngleo,
No'n ríoghan nár ghéill dón chneasaigheacht 'S do chuir Actéon a clódh Ríoghan na rae 's na gealaighe 'S do bhí i gcoilltibh cnódh? D'fhreagair mé an gheal-chíoch Nach de dhream tar lear í Acht d'fhlathaibh uaisle Sean-Ghaoidheal D'úr-fhuil Éibhir Mhóir; Gur fada bhí a maith-bhuidhean 'Na ríghthibh Mumhan i gc'róin Go trúpach tréadach dath-íoghair Go téacht na nGall tar bóis. TADHG.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services