Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidheacht. An Smachtín Crón.

Title
Filidheacht. An Smachtín Crón.
Author(s)
O Coileáin, Seaghán,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 90


AN SMACHTÍN CRÓN.



Seaghán O Coileáin, cct.



Tráth indé 's me ar mearaighe
Ag siubhal liom féin in ngarrdha,
Do dhearcas uaim i nglas-choill
Stuaire chailín óig;
Ba ghlonnrach éin ar chrannaoibh,
Puic is bruic ar stródh
Is éisg ag tíocht i nglaisíbh,
Ag éisteacht le n-a nglór.



Ba bhúclach péarlach cas buidhe
A dlúth-fholt léi go halt síos;
Ba tiugh mar fhéar an teas-mhaighe
A lomra-fhlíos an óir;
Bhí luisne na gcaor 'na geal-ghnaoi
's gile na géis' 'na snódh;
Gluise 'na claon-rosg beadaidhe
's ba dheirge a gruadh ná 'n rós.



Do dhruideas-sa léi gan stad puinn
'S do leigeas go haobh mo hat' dhíom
Is d'fhiosruigh mé go tais tím
De'n chaomh-bhean chneas-chaoin chóir:
An tu Hélen tséimh an bhean-rí
Thug ár na Traoi 's na dtreon,
Nó Déirdre mhaordha bean Naois
Dob' áilne gné faoi dhó?



An tu Bláthnait bhéal-tais bheadaidhe
Thug go taobh Mhis bannaoi
Gur thuit an laoch thug ann í,
Curaidh Mac Dáire leo,
No 'n ríoghan do chuir go preasaidhe
An draoi le rannaigheacht óil,
Thug maoin gan mhoill tar glais-linn
Is Gaoidhil fá rachtaoibh seoil?



An tu Aoife chlaon an bhean tsidhe
Chlaoidh Clann Lir le healadhain,
No Médea thréig a daidín
'S do chuaidh do'n Ghréig ar bórd,
No Íris bhí ar sealaigheacht
Na cumann cléibh ag Ióbh,
No Clíodna dhíogadh cannaoi
'S do bhíodh ist-oidhche ar stródh?



An tusa bé na mbas mín
Do rith i gcéin fá neart Fhinn
Gur thuit an laoch do lean í
Le hOsgar tréan san ngleo,


L. 91


No'n ríoghan nár ghéill dón chneasaigheacht
'S do chuir Actéon a clódh
Ríoghan na rae 's na gealaighe
'S do bhí i gcoilltibh cnódh?



D'fhreagair mé an gheal-chíoch
Nach de dhream tar lear í
Acht d'fhlathaibh uaisle Sean-Ghaoidheal
D'úr-fhuil Éibhir Mhóir;
Gur fada bhí a maith-bhuidhean
'Na ríghthibh Mumhan i gc'róin
Go trúpach tréadach dath-íoghair
Go téacht na nGall tar bóis.



TADHG.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services