Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tIarla Ruadh Mhagmhathghamhna.
Title
An tIarla Ruadh Mhagmhathghamhna.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN t-IARLA RUADH MHAGMHATHGHAMHNA. An t-Iarla Ruadh MagMhathghamhna, chuir se fios ar a lán daoine uaisle. Chuir se fios ar Ghearlánach Bhaile na Ruaidhe. Rinn an t-Iarla Ruadh an poll aige dorus a' phárluis le haghaidh an Ghearlánaigh leigint síos ann. Bhí an cailin ag gabháil cheoil ar fud an tighe: "Grádh mo chroidhe an sgadán," adeir sí, "nár gabhadh ariamh ar a chuid." D'imthigh an Gearlánach a bhaile, agus sgríobh an t-Iarla Ruadh 'uige Rígh Sasanaigh fá'n Ghearlánach agus tugadh go Sasanaigh e. Bhí se ionn i bpríosun. Cha rabh se i bhfad ann go gcuala se Turcach ag gabháil thríd an tsráid gach aon maidin, ag cur dubhshláin an fhear ar bith. Chuala an Gearlánach an fear ag caint. D'fhiostruigh se de'n fhear a bhí ag tabhairt aire do'n phríosun goidé bhí se 'rádh. D'ársuigh an fear dó goidé bhi se 'rádh. D'ársuigh an fear dó goidé bhí se 'rádh, go rabh se ag gabháil suas agus anuas an tsráid an bhfuigheadh se aon dhuine a d'fhéachfadh e. Dubhairt an Gearlánach, dhá mbéadh se ar bhiadh na hÉirinn aon mhí amháin, go bhféachfadh se aon Turcach ar an domhan. Thainic an Rí chuige. "Goidé an biadh 'a mhaith leat a fhágháil?" ars' an Rí. "Arán coirce a bruithfidhe le teinidh mhónadh is bainne gamhnaigh bhlighfidhe 'san oidhche 'ól ar maidin." "Geobha tú sin," ars' an Rí. Fuair an Rí dó e. Cha rabh se acht coicthighis go dtí gur dhubhairt se go bhféachfadh se an Turcach. Dubhairt an rí dhul 'un a' steóir is cloidheamh a thoghadh. Chuaidh an Gearlánach 'un an steóir agus bheir se ar an chloidheamh. Bheir se air agus chroith se e agus bhris se e. Ní'l aon chloidheamh ar bheir se air nár bhris se e. "Dhá mbéadh mo shean-chloidheamh atá insa' mbaile agam, dheanfainn leis." Chuir an Rí fear i gcoinne an chloidhimh. Chuaidh an Rí anonn agus thug se an cloidheamh anonn 'uig an Ghearlánach. Thoisigh an troid is chaith se an cionn de'n Turcach. Dubhairt an Rí leis, dhá ngearrfadh se sac olna le aon bhuille amháin, go mbearfadh
se a phárdun dó. D'imthigh an t-Iarla Ruadh is chuir se barra iarainn istigh'sa' tsac. Chuaidh an Gearlánach isteach agus bhí an sac olna i mullach ar bhinnse. D'amhairc an Gearlánach ar an Rígh agus ar gach aon dhuine dh'a rabh istigh. Tharraing se an buille is thiomáin se thríd an tsac e gur ghreimigh se insa' mbloc e. "'Nois," adeir an Rí, "tá do phárdun agat. Ársuigh damh god chuige ar amhair' tú orm sol a dtug tú an buille?" "Dhá dtiobfadh an buille orm-sa," ars' an Gearlánach, "chaithfinn an cionn díot-sa agus d'á rabh istigh." "Ó, má tá," ars' an Rí, "an fear a chuir mo chionn-sa i gcontabhairt, bainfear an cionn de ar an mbimide!" Baineadh an cionn de'n Iarla Ruadh ar an mbimide.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services