AN t-IARLA RUADH MHAGMHATHGHAMHNA.
An t-Iarla Ruadh MagMhathghamhna, chuir
se fios ar a lán daoine uaisle. Chuir se
fios ar Ghearlánach Bhaile na Ruaidhe.
Rinn an t-Iarla Ruadh an poll aige
dorus a' phárluis le haghaidh an Ghearlánaigh
leigint síos ann.
Bhí an cailin ag gabháil cheoil ar fud an
tighe: "Grádh mo chroidhe an sgadán," adeir
sí, "nár gabhadh ariamh ar a chuid."
D'imthigh an Gearlánach a bhaile, agus sgríobh
an t-Iarla Ruadh 'uige Rígh Sasanaigh fá'n
Ghearlánach agus tugadh go Sasanaigh e.
Bhí se ionn i bpríosun. Cha rabh se i bhfad
ann go gcuala se Turcach ag gabháil thríd an
tsráid gach aon maidin, ag cur dubhshláin
an fhear ar bith. Chuala an Gearlánach an
fear ag caint. D'fhiostruigh se de'n fhear
a bhí ag tabhairt aire do'n phríosun goidé bhí
se 'rádh. D'ársuigh an fear dó goidé bhi se
'rádh. D'ársuigh an fear dó goidé bhí se
'rádh, go rabh se ag gabháil suas agus anuas
an tsráid an bhfuigheadh se aon dhuine a
d'fhéachfadh e.
Dubhairt an Gearlánach, dhá mbéadh se ar
bhiadh na hÉirinn aon mhí amháin, go bhféachfadh
se aon Turcach ar an domhan. Thainic an
Rí chuige.
"Goidé an biadh 'a mhaith leat a fhágháil?"
ars' an Rí.
"Arán coirce a bruithfidhe le teinidh
mhónadh is bainne gamhnaigh bhlighfidhe 'san
oidhche 'ól ar maidin."
"Geobha tú sin," ars' an Rí. Fuair an
Rí dó e.
Cha rabh se acht coicthighis go dtí gur
dhubhairt se go bhféachfadh se an Turcach.
Dubhairt an rí dhul 'un a' steóir is cloidheamh
a thoghadh. Chuaidh an Gearlánach 'un an
steóir agus bheir se ar an chloidheamh. Bheir se
air agus chroith se e agus bhris se e. Ní'l aon
chloidheamh ar bheir se air nár bhris se e.
"Dhá mbéadh mo shean-chloidheamh atá insa'
mbaile agam, dheanfainn leis."
Chuir an Rí fear i gcoinne an chloidhimh.
Chuaidh an Rí anonn agus thug se an cloidheamh
anonn 'uig an Ghearlánach. Thoisigh an troid
is chaith se an cionn de'n Turcach.
Dubhairt an Rí leis, dhá ngearrfadh se
sac olna le aon bhuille amháin, go mbearfadh
se a phárdun dó. D'imthigh an t-Iarla Ruadh
is chuir se barra iarainn istigh'sa' tsac.
Chuaidh an Gearlánach isteach agus bhí an sac
olna i mullach ar bhinnse. D'amhairc an
Gearlánach ar an Rígh agus ar gach aon dhuine
dh'a rabh istigh. Tharraing se an buille is
thiomáin se thríd an tsac e gur ghreimigh se
insa' mbloc e.
"'Nois," adeir an Rí, "tá do phárdun
agat. Ársuigh damh god chuige ar amhair'
tú orm sol a dtug tú an buille?"
"Dhá dtiobfadh an buille orm-sa," ars' an
Gearlánach, "chaithfinn an cionn díot-sa agus
d'á rabh istigh."
"Ó, má tá," ars' an Rí, "an fear a chuir
mo chionn-sa i gcontabhairt, bainfear an
cionn de ar an mbimide!"
Baineadh an cionn de'n Iarla Ruadh ar an
mbimide.