Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis Laighean agus Midhe.
Title
Feis Laighean agus Midhe.
Author(s)
Ní Fhaircheallaigh, Aighnéas,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FEIS LAIGHEAN AGUS MIDHE. Seo é an sgéal 'ga bhfuair Eibhlín Ní Shúileabháin as Mullach i mBreifne Ua Ragh- allaigh an duais ar a shon: SEAGHÁN I N-OILEÁN AN ÓIR. Bhí rí agus bainríoghan fad ó shoin. Bhí mac amháin aca 'rabh Seaghán air. Bhí Seaghán ag ithe breic- feasta aon lá amháin. Ar sei- sean le n-a dháidh: "Is mithid mo chuid do thabhairt damh." "O! a Sheagháin! ní'l sinn sáruighthe dhíot go fóil." Annsin, d'éirigh a dháid i n-a sheasamh agus líon sé dhá mhála óir dó. D'imthigh Seaghán go rabh sé ag bruach Fairrge Ioruadh. Nuair a bhí sé annsin thóg sé cláite mór. Thóg sé dhá fhichid luing ar an bhfairrge. Bhí sé ag imtheacht gur imthigh anluing fá dheireadh uaidh. Bhí sé lá amháin i n-a sheasamh i mullach ar chloidhe agus gloine le n-a shúil ag amharc uaidh ar an bhfairrge. Thainic fear beag caol ruadh 'rabh cáibín dtrí coirnéal air. "Dia dhuit, a Sheagháin," ar seisean. "Dia agus Murie dhuit," arsa Seaghán. "Goidé atá tú a chuartughadh," ars' an fear ruadh. "Bhí dhá fhichid luing agam ar an bhfairrge," ar sé, "d'imthigh siad uaim agus cha n-fhaicim iad ag pilleadh." "Goidé bhearthá dhamh-sa, dá mbeirinn ar ais iad?" ars' an fear ruadh. "Ní'l dadaidh agam anois lé thabhairt duit," arsa Seaghán, "tá mé pighinn-fholamh".
"An dtiucthá liom nuair a bheadh seacht mbliadhna istigh?" "Rachad, maiseadh," arsa Seaghán. Nuair a bhí na seacht mbliadhna istigh, thainic an fear ruadh i gcoinne Seagháin. "An dtiucthá liom anois, a Sheagháin?" "M'fhíorc, muisin," arsa Seaghán, "cha dtéidhim, tá an iomad tráchta agam anois ar an bhfairrge." Leis sin, chuir an fear ruadh na luinge uilic (uile) síos in-sa' bhfairrge. "Anois, a Sheagháin, an dtiucthá liom?" "Caithfead dul ag feicsint mo dháid agus mo mháthar. Tá mo dháid i n-a rígh agus mo mháthair in-a bainríoghain agus iad an-saidhbhir." "Racha
mise leat, a Sheagháin." Leis sin, chuaidh siad chuig a dháid agus bhí fáilte mór i gcoinne Seagháin. D'ársaigh sé an sgéal do n-a dháid go rabh an fear ruadh ag iarraidh a thabhairt leis. "Goidé an t-ádhbhar nach deachaidh tú leis? Má bhriseann tú ar d'fhocal, briseann tú ar do chlú!" Leis sin, d'éirigh siad i n-a seasamh agus d'fhág siad beannacht le n-a dháid agus le n-a mháthair agus shiubhail an cúpla go rabh siad ar Fairrge Ioruadh, go rabh siad thall ag Oileán an Óir. D'fhág an fear ruadh Seaghán i n-a sheasamh annsina gus d'imthigh sé uaidh. Bhí Seaghán sáruighthe ag siubhal suas agus anuas. Fa dheireadh thug sé fá ndear teach beag baoigeach (baoideach) go rabh trí péarsa ar fhad ann. Bhuail Seaghán isteach chuig an tigh beag agus bhí seanduine i n-a shuidhe 'sa' gcoirnéal ag caitheamh tobac. "Dia dhuit," arsa Seaghán. "Dia agus Muire dhuit," ars' an seanduine, "tar anuas agus suidh agus tion do sgísge". Chuaidh Seaghán suas agus shuidh sé síos ins an gcoirnéal. "B'fhéidir go bhfuil ocras ort," ars' an seanduine. "Tá," arsa Seaghán, "agus tart." Leis sin, d'éirigh an seanduine i n-a sheasamh agus fuair sé a shuipéar dhó agus liobaidh le luighe ann. D'fhan sé annsin go rabh trí mhí istigh aige. Ar seisean, lá amháin, leis an seanduine: "Racha
mé go bhfeicidh mé thuilleadh do'n oileán." "Ná tion," ars' an seanduine, "tír fá sás (geasa) an tír seo, agus thíos ag an mbaile mór tá na daoine ag seasamh ar an sráid agus is na tighthibh agus cha dtig leóf labhairt ná dadaidh dhéanamh." Leis sin, d'éirigh Seaghán i n-a sheasamh agus chuaidh sé síos chuig an mbaile mór go bhfeiceadh sé an rabh an seanduine ag ársaighe na fírinne. "'Sé an fhirinne bhí an seanduine dh'ár- saighe dhamh," arsa Seaghán. Chuaidh sé suas ar an oileán níos fuide agus chas caisleán mór dhó agus chuaidh sé isteach ann agus bhí teine mhaith ann agus cathaoir gach uile thaoibh do'n teinidh. Shuidh sé síos agus chuir sé geolán ar a phíopa. Thainic cailín áluinn geanamhail aníos as an bpárlús. Dhearc sí an-ghrinn air. "Dia dhuit," arsa Seaghán léithi. "Is maith dhuit féin gur labhair tú; mur (muna) mbéadh comh ro-ghasta is labhair tú, bhéadh dálta na ndaoine atá 'sa mbaile mór ort."
Leis sin, shuidh sí síos 'sa' gcathaoir agus chuaidh Seaghán agus í féin ag caint agus rinne siad suas cleamhnas le n-a chéile. Thainic seanduine mór as an bpárlús agus d'amhairc sé an-ghrinn ar Sheaghán agus chraith an cailín óg a cionn air agus shiubhail sé ar ais. Pósadh Seaghán agus an cailín óg lá ar n-a bhárach. Bhí Seaghán agus í fhéin le chéile go raibh beirt mhac agus beirt inghean aca. Arsa Seaghán, lá amháin, léithi: "Racha
mé go bhfeicidh mé mo dháid agus mháthair. Tá mo dháid i n-a rígh agus mo mháthair i n-a bainríoghain agus tá siad an-saidhbhir agus racha
mé go bhfeice mé iad." "Má théid," ar sise, "ná bí acht sé lá ar siubhal." Leis sin, rug sí ar bhuidéal beag go rabh rud eicean (éigin) ann agus rug sí ar chleite agus chuimil sé d'á chlár éadain é agus do n-a chosaibh agus do n-a lámhaibh. D'fhág sé beannacht léithi agus chuaidh sé chuig a dháid. Nuair do bhí an seachtar lá istigh char phill sé agus lean sí é go tigh a dháid agus d'ársaigh sí an sgéal do n-a dháid. Dubhairt an dáid léithi: "Is fada ó bhí Seaghán againn roimhe agus char mhothaigh sé an aimsear ag dul thart." D'éirigh sí fhéin agus Seaghán i n-a seasamh agus a ceathrar páisde agus d'fhág siad beannacht le n-a dháid agus le n-a mháthair agus shiubhail siad go rabh siad ag bruach na fairrge aríst. Shuidh siad síos ar an bhféar ghlas ag tionadh a sgísge. Chuir sí a lámh i n-a póca agus bhuain sí cíor óir as agus chuir sí cionn Seagháin ar a glúin gur chíor sí a chiall agus a mheabhrughadh as. D'éirigh sí i n-a seasamh; thug sí na ceathrar páisde léithi agus d'imthigh sí trasna ar Fairrge Ioruadh agus d'fhág sí Seaghán annsin. D'éirigh Seaghán i n-a sheasamh agus bhí sé suas agus anuas go deacha sé chuig cros-ród agus cha rabh a fhios aige goidé an áit a bhí sé gur chas triúr fear air agus an triúr ag troid. "Goidé a bfuil sibh ag troid ar a shon?" arsa Seaghán. "Mise an fear as sine aca," arsa fear aca, "agus tá an clóca dorchadais orm. Seo an dara fear agus tá na bróga lúthmhaire air. Seo an treas fear agus tá an chloidheamh géaradais aige." "Tabhair thusa an clóca dorchadais dhamh- sa; tabhair thusa na bróga lúthmhaire damh, agus tabhair thusa an cloidheamh géaradais dhamh." Nuair fuair Seaghán iad, d'fhág sé bean- nacht leóf agus dubhairt sé leóf gan a bheith ag troid. Shiubhail sé trasna ar an bhfairrge aríst chuig an teach beag baoigeach (baoideach) i rabh an seanduine i n-a shuidhe 'sa' gcoir- néal. "Dia dhuit," arsa Seaghán leis an sean- duine. "Dia agus Muire dhuit!" "An bhfuil sgéal ar bith úr agat," arsa Seaghán. "Ní'l," ars an seanduine, "acht thainic fear cosamhail leat isteach dhá nó trí bliadhna ó shoin agus bhí an tír uilic fa gheasaidh- eacht go dtí go dtainic sé agus fuair sé an bhainríoghan óg agus chuaidh sé a bhaile go tigh a dháid agus char phill sé ó shoin agus tá sí ag dul dh'á pósadh i mbárach ar a dhá bhuille dhéag le rígh eile." "Tá go maith," arsa Sesaghán, "is mithid damh-sa bheith ag imtheacht."
D'éirigh Seaghán i n-a sheasamh agus d'fhág sé beannacht leis an seanduine agus chuaidh sé suas chuig an gcaisleán. Bhí sealbhán mór fear uasal in-sa' bpárlús. D'orduigh sé dhóibh bheith ag imtheacht agus char imthigh siad dhó. Rug sé ar an gcloidheamh géaradais agus chaith sé a gcinn do shealbhán mhaith aca. D'éirigh fear amháin i n-a sheasamh. "B'fhéidir gur tusa an fear do bhí pósta ag an bhainríoghain so roimhe." "Is cuma dhuit," arsa Seaghán leis, "acht tugaidh bhar mairbh libh." Chuaidh Seaghán isteach i bpárlús eile agus bhí sé lán do ríghthibh óga agus bhí an rí óg a bhí ag dul dh'á phósadh le n-a bhean ann. D'orduigh sé dhó bheith ag imtheacht. Chuaidh sé suas gur chraith sé lámh le n-a bhean agus le n-a cheathrar páisde. Agus chuir siad síos an citeal agus rinnea- dar tae, agus mur (muna) rabh siad sásta go rabh síbh-se. Do sgríobhas síos an sgéal so, focal ar fhocal, díreach mar d' innis Eibhlín Ní Shúileabháin é. Rinneas mo dhícheall ar an bhfuaim chirt do chur i n-umhail agus gan bhacadh leis an ngramadaigh ar chor ar bith. Do réir a mínighthe féin chuireas síos na nótaí. AIGNÉAS NÍ FHAIRCHEALLAIGH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services