FEIS LAIGHEAN AGUS MIDHE.
Seo é an sgéal 'ga bhfuair Eibhlín Ní
Shúileabháin as Mullach i mBreifne Ua Ragh-
allaigh an duais ar a shon:
SEAGHÁN I N-OILEÁN AN ÓIR.
Bhí rí agus bainríoghan fad ó shoin.
Bhí mac amháin aca 'rabh
Seaghán air. Bhí Seaghán
ag ithe breic-
feasta aon lá
amháin. Ar sei-
sean le n-a dháidh: "Is
mithid mo chuid do
thabhairt damh."
"O! a Sheagháin! ní'l sinn sáruighthe dhíot
go fóil."
Annsin, d'éirigh a dháid i n-a sheasamh agus
líon sé dhá mhála óir dó. D'imthigh Seaghán
go rabh sé ag bruach Fairrge Ioruadh. Nuair
a bhí sé annsin thóg sé cláite mór. Thóg
sé dhá fhichid luing ar an bhfairrge. Bhí sé
ag imtheacht gur imthigh anluing fá dheireadh
uaidh. Bhí sé lá amháin i n-a sheasamh i
mullach ar chloidhe agus gloine le n-a shúil ag
amharc uaidh ar an bhfairrge. Thainic fear
beag caol ruadh 'rabh cáibín dtrí coirnéal
air.
"Dia dhuit, a Sheagháin," ar seisean.
"Dia agus Murie dhuit," arsa Seaghán.
"Goidé atá tú a chuartughadh," ars' an
fear ruadh.
"Bhí dhá fhichid luing agam ar an bhfairrge,"
ar sé, "d'imthigh siad uaim agus cha n-fhaicim
iad ag pilleadh."
"Goidé bhearthá dhamh-sa, dá mbeirinn ar
ais iad?" ars' an fear ruadh.
"Ní'l dadaidh agam anois lé thabhairt duit,"
arsa Seaghán, "tá mé pighinn-fholamh".
"An dtiucthá liom nuair a bheadh seacht
mbliadhna istigh?"
"Rachad, maiseadh," arsa Seaghán.
Nuair a bhí na seacht mbliadhna istigh,
thainic an fear ruadh i gcoinne Seagháin.
"An dtiucthá liom anois, a Sheagháin?"
"M'fhíorc, muisin," arsa Seaghán, "cha
dtéidhim, tá an iomad tráchta agam anois
ar an bhfairrge."
Leis sin, chuir an fear ruadh na luinge
uilic (uile) síos in-sa' bhfairrge.
"Anois, a Sheagháin, an dtiucthá liom?"
"Caithfead dul ag feicsint mo dháid agus
mo mháthar. Tá mo dháid i n-a rígh agus mo
mháthair in-a bainríoghain agus iad an-saidhbhir."
"Racha<idh> mise leat, a Sheagháin."
Leis sin, chuaidh siad chuig a dháid agus bhí
fáilte mór i gcoinne Seagháin. D'ársaigh
sé an sgéal do n-a dháid go rabh an fear
ruadh ag iarraidh a thabhairt leis.
"Goidé an t-ádhbhar nach deachaidh tú leis?
Má bhriseann tú ar d'fhocal, briseann tú ar
do chlú!"
Leis sin, d'éirigh siad i n-a seasamh agus
d'fhág siad beannacht le n-a dháid agus le n-a
mháthair agus shiubhail an cúpla go rabh siad ar
Fairrge Ioruadh, go rabh siad thall ag
Oileán an Óir.
D'fhág an fear ruadh Seaghán i n-a sheasamh
annsina gus d'imthigh sé uaidh.
Bhí Seaghán sáruighthe ag siubhal suas agus
anuas. Fa dheireadh thug sé fá ndear teach
beag baoigeach (baoideach) go rabh trí
péarsa ar fhad ann.
Bhuail Seaghán isteach chuig an tigh beag agus
bhí seanduine i n-a shuidhe 'sa' gcoirnéal ag
caitheamh tobac.
"Dia dhuit," arsa Seaghán.
"Dia agus Muire dhuit," ars' an seanduine,
"tar anuas agus suidh agus tion do sgísge".
Chuaidh Seaghán suas agus shuidh sé síos ins an
gcoirnéal.
"B'fhéidir go bhfuil ocras ort," ars' an
seanduine.
"Tá," arsa Seaghán, "agus tart."
Leis sin, d'éirigh an seanduine i n-a
sheasamh agus fuair sé a shuipéar dhó agus liobaidh
le luighe ann. D'fhan sé annsin go rabh trí
mhí istigh aige. Ar seisean, lá amháin, leis
an seanduine: "Racha<idh> mé go bhfeicidh
mé thuilleadh do'n oileán."
"Ná tion," ars' an seanduine, "tír fá
sás (geasa) an tír seo, agus thíos ag an mbaile
mór tá na daoine ag seasamh ar an sráid agus
is na tighthibh agus cha dtig leóf labhairt ná
dadaidh dhéanamh."
Leis sin, d'éirigh Seaghán i n-a sheasamh agus
chuaidh sé síos chuig an mbaile mór go
bhfeiceadh sé an rabh an seanduine ag
ársaighe na fírinne.
"'Sé an fhirinne bhí an seanduine dh'ár-
saighe dhamh," arsa Seaghán.
Chuaidh sé suas ar an oileán níos fuide agus
chas caisleán mór dhó agus chuaidh sé isteach ann
agus bhí teine mhaith ann agus cathaoir gach uile
thaoibh do'n teinidh.
Shuidh sé síos agus chuir sé geolán ar a
phíopa. Thainic cailín áluinn geanamhail
aníos as an bpárlús. Dhearc sí an-ghrinn
air.
"Dia dhuit," arsa Seaghán léithi.
"Is maith dhuit féin gur labhair tú;
mur (muna) mbéadh comh ro-ghasta is
labhair tú, bhéadh dálta na ndaoine atá 'sa
mbaile mór ort."
Leis sin, shuidh sí síos 'sa' gcathaoir agus
chuaidh Seaghán agus í féin ag caint agus rinne
siad suas cleamhnas le n-a chéile.
Thainic seanduine mór as an bpárlús agus
d'amhairc sé an-ghrinn ar Sheaghán agus chraith
an cailín óg a cionn air agus shiubhail sé ar ais.
Pósadh Seaghán agus an cailín óg lá ar n-a
bhárach. Bhí Seaghán agus í fhéin le chéile go raibh
beirt mhac agus beirt inghean aca.
Arsa Seaghán, lá amháin, léithi: "Racha<idh>
mé go bhfeicidh mé mo dháid agus mháthair.
Tá mo dháid i n-a rígh agus mo mháthair i n-a
bainríoghain agus tá siad an-saidhbhir agus racha<idh>
mé go bhfeice mé iad."
"Má théid," ar sise, "ná bí acht sé lá ar
siubhal." Leis sin, rug sí ar bhuidéal beag
go rabh rud eicean (éigin) ann agus rug sí
ar chleite agus chuimil sé d'á chlár éadain é agus do
n-a chosaibh agus do n-a lámhaibh.
D'fhág sé beannacht léithi agus chuaidh sé chuig
a dháid. Nuair do bhí an seachtar lá istigh
char phill sé agus lean sí é go tigh a dháid agus
d'ársaigh sí an sgéal do n-a dháid.
Dubhairt an dáid léithi: "Is fada ó bhí
Seaghán againn roimhe agus char mhothaigh sé an
aimsear ag dul thart."
D'éirigh sí fhéin agus Seaghán i n-a seasamh
agus a ceathrar páisde agus d'fhág siad beannacht
le n-a dháid agus le n-a mháthair agus shiubhail siad
go rabh siad ag bruach na fairrge aríst.
Shuidh siad síos ar an bhféar ghlas ag
tionadh a sgísge.
Chuir sí a lámh i n-a póca agus bhuain sí cíor
óir as agus chuir sí cionn Seagháin ar a glúin
gur chíor sí a chiall agus a mheabhrughadh as.
D'éirigh sí i n-a seasamh; thug sí na
ceathrar páisde léithi agus d'imthigh sí trasna
ar Fairrge Ioruadh agus d'fhág sí Seaghán
annsin.
D'éirigh Seaghán i n-a sheasamh agus bhí sé suas
agus anuas go deacha sé chuig cros-ród agus cha
rabh a fhios aige goidé an áit a bhí sé gur
chas triúr fear air agus an triúr ag troid.
"Goidé a bfuil sibh ag troid ar a shon?"
arsa Seaghán.
"Mise an fear as sine aca," arsa fear
aca, "agus tá an clóca dorchadais orm.
Seo an dara fear agus tá na bróga lúthmhaire
air. Seo an treas fear agus tá an chloidheamh
géaradais aige."
"Tabhair thusa an clóca dorchadais dhamh-
sa; tabhair thusa na bróga lúthmhaire damh,
agus tabhair thusa an cloidheamh géaradais dhamh."
Nuair fuair Seaghán iad, d'fhág sé bean-
nacht leóf agus dubhairt sé leóf gan a bheith
ag troid.
Shiubhail sé trasna ar an bhfairrge aríst
chuig an teach beag baoigeach (baoideach) i
rabh an seanduine i n-a shuidhe 'sa' gcoir-
néal.
"Dia dhuit," arsa Seaghán leis an sean-
duine.
"Dia agus Muire dhuit!"
"An bhfuil sgéal ar bith úr agat," arsa
Seaghán.
"Ní'l," ars an seanduine, "acht thainic
fear cosamhail leat isteach dhá nó trí
bliadhna ó shoin agus bhí an tír uilic fa gheasaidh-
eacht go dtí go dtainic sé agus fuair sé an
bhainríoghan óg agus chuaidh sé a bhaile go tigh a
dháid agus char phill sé ó shoin agus tá sí ag dul
dh'á pósadh i mbárach ar a dhá bhuille dhéag
le rígh eile."
"Tá go maith," arsa Sesaghán, "is mithid
damh-sa bheith ag imtheacht."
D'éirigh Seaghán i n-a sheasamh agus d'fhág sé
beannacht leis an seanduine agus chuaidh sé
suas chuig an gcaisleán. Bhí sealbhán
mór fear uasal in-sa' bpárlús.
D'orduigh sé dhóibh bheith ag imtheacht agus char
imthigh siad dhó. Rug sé ar an gcloidheamh
géaradais agus chaith sé a gcinn do shealbhán
mhaith aca.
D'éirigh fear amháin i n-a sheasamh.
"B'fhéidir gur tusa an fear do bhí pósta
ag an bhainríoghain so roimhe."
"Is cuma dhuit," arsa Seaghán leis, "acht
tugaidh bhar mairbh libh."
Chuaidh Seaghán isteach i bpárlús eile agus
bhí sé lán do ríghthibh óga agus bhí an rí óg a bhí
ag dul dh'á phósadh le n-a bhean ann.
D'orduigh sé dhó bheith ag imtheacht.
Chuaidh sé suas gur chraith sé lámh le n-a
bhean agus le n-a cheathrar páisde.
Agus chuir siad síos an citeal agus rinnea-
dar tae, agus mur (muna) rabh siad sásta go
rabh síbh-se.
Do sgríobhas síos an sgéal so, focal ar fhocal,
díreach mar d' innis Eibhlín Ní Shúileabháin é. Rinneas
mo dhícheall ar an bhfuaim chirt do chur i n-umhail agus gan
bhacadh leis an ngramadaigh ar chor ar bith. Do réir a
mínighthe féin chuireas síos na nótaí.
AIGNÉAS NÍ FHAIRCHEALLAIGH.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11