Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Caint Sgurtha - Grádh agus Crádh.
Title
Caint Sgurtha - Grádh agus Crádh.
Author(s)
Ní Fhaircheallaigh, Aighnéas,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
GRÁDH AGUS CRÁDH. Suas le céad bliadhan ó shoin do bhí duine dar bh'ainm an Caiptín Ua Raghallaigh i n-a chomhnuidhe i Muintir Chonnacht, triocha céad atá i ngar do Loch Reamhair i gcondae an Chabháin. Caiptín Sacsanach do b'eadh é, gé gur dhuine do threibh Uí Raghallaigh do bhí ann. B'fhéidir go bhfuil sé chomh maith dhom sul a rachad níos fuide leis an sgéal an ní aisteach soin do mhíniughadh. Do thuit amach i n-aimsir Shibéala bain- ríoghan gur iompuigh cuid do threibh Uí Raghallaigh i n-a Sacsanchaibh. Do thréig- eadar a muinntear agus a gcreideamh agus níor bh'fhada dhóibh mar soin go rabhadar chomh Sacsanach leis na Sacsanchaibh féin. Do rinneadar amhlaidh chum a ndúithche d'fhaghbháil ó bhainrioghain na Sacsan agsus ba bheag an meas do bhíodh ag na fíor-Ghaedhealaibh orra ó shoin
i leith. "Ua Raghallaigh na bainríoghna" tugadh ar gach duine aca agus do lean an t-ainm céadna d'á gcloinn ó aois go h-aois anuas go dtí an aimsear atá ann indiu. Ní dhearna, ámh, acht corr-dhuine aca ionntódh ar an gcuma soin, buidheachas mór le Dia is na flaitheasaibh ar a shon, agus dá laighead iad an uair úd, is lugha iad anois, óir is tearc duine d'á sliocht atá ar shlighidh na bréige le n-ar linn-ne chum na talmhan do sheal- bhughadh agus chum pléisiúire d'fhaghbháil as an saidhbhreas do cheannuigh a sinnsir ar luach a gcreidimh agus a dtír-ghrádha do shéanadh. Bíodh soin mar atá, bhí an Caiptín ar na daoinibh ba chumhachtaighe d'á raibh 'sa gcondae an uair úd. Do cailleadh a bhean acht d'fhág sí inghean i n-a diaidh agus b'é Eibhlíse an t-ainm do bhí uirri-sean. D'fhás sí suas i n-a cailín bhreagh shlachtmhar nó gur dheise cruth agus déanamh í ioná aon chailín d'á raibh i mBreifne thoir thiar, thíos thuas. Do bhí duine do shean-phór Uí Raghallaigh i n-a chomh- nuidhe láimh le Murmod ar an taoibh eile do Loch Reamhair agus bhí sean-aithne ag Eibhlíse air agus tárla go dtugadar grádh d'á chéile agus gur bh'amhlaidh do bhí ar feadh tamaill do bhliadhnaibh. Níor thaithnigh sin le hathair Eibhlíse chuige ioná ar aon chor, óir do bhí fuath aige ar gach duine d'á shloinneadh féin d'ár lean do'n tshean-chreideamh agus go h-áirithe ar mhuinntir Chonaill Uí Raghallaigh, as ucht gur bh'iad-san do bhéadh i n-a dtaoiseachaibh os cionn treibhe Uí Raghallaigh, dá mbéadh a gceart aca. Acht cheana, le dul ar aghaidh leis an sgéal, bhí Eibhlíse ag dul isteach i n-a ficheadh bliadhain nuair thárla an sgéal atá d'á sgríobhadh agam annso. Lá samhraidh d'á raibh an ghrian ag lonnradh ar an dúthaigh do bhí inghean Uí Raghallaigh amuigh i n-a h-aonar i mbáidín mbeag ar Loch Reamhair. Níor bh'iongnadh í bheith ag pléidhe leis na maidíbh rámha; ba mhinic dí ag á dhéanamh soin agus ag caitheamh an lae go léir ar an loch. Do chuireadh sí suas do'n obair anois agus arís agus do thógbhadh sí a ceann le breathnughadh ar na spéarthaibh - áit nach raibh fiú an néill le feicsin innte. Do bhí teas an lae thar nach mór agus bhí síth beag gaoithe ag séideadh tarsna an locha. Do bhí solas na gréine ag súgradh leis an bhfraoch thuas ar mhullach an tshléibhe éirigheas láimh leis an mbaile mbeag ó thuaidh. An ghaoth do bhí ag séideadh an tráth soin d'osgail sí dlaoi ómrach do ghruaig an chailín nó go raibh sí ag tuitim ar a brághaid, agus an ghrian do bhí ag taithneamh do sgairt a solas ar a gné agus ar na súlaibh glasa aici gur bh'amhlaidh do bhí sí ioná cosamhail le maighdin mhara nó le mnaoi ó Thír na n-óg. D'fhan sí mar soin i bhfad aon uair amháin ag féachain ar an ngréin agus ag síor-mhachtnamh go nár airigh sí curach d'á chur amach ar an uisge ó thuaidh. Ní raibh acht aon fhear amháin 'gá iomramh agus do rinne sé ar oileán bheag do bhí suidhte i ngar do'n áit i n-a raibh Eibhlíse féin, acht do chuaidh sé i dtír a gan fhios dí. Ag ceann tamaill do chrom sí arís, ámh, ar iomramh do dhéanamh agus ar an am gcéadna do thosuigh sí ar ghabháil fhuinn. Ba bhinne ná ceól na héanlaithe fuaim a gotha mar do b'iad puirt a sean agus a sinnsear do ghabh sí. Abhrán i ndiaidh abhráin thug sí uaithi go dtárla sí ar an rann so: - "Suidhfead síos ar chnoc go h-árd Agus geabhad go córach cleite im' láimh; Má gheibhim toil go sgríobhad mo sháith Ar ghníomhartha suilt 's ar mhaith mo ghrádha." Ní luaithe do bhí críoch leis an méid sin ná chualathas glór 'san oileán ag déanamh aithrise ar a glór: -
"Ar neóin nuair théidhim ar thaoibh Suidhe Finn Fá bhrón i gcéin 's gan aon dom' bhuidhin, Cia sheólfadh aon-mhac Dé im' líon Acht stór mo chléibh bé 'nÉirinn í." Ar n-a chlos sin dí do sgannruigheadh an cailín gur thuit na maidí rámha as a lámhaibh. thug sí a haghaidh ar an oileán agus a súile ar leathadh le hiongantas. Acht, níor bh'fhada gur thosuigh sí ar mhiongháire do dhéanamh agus gan chosamhlacht fhaitcheasa ar bith uirri. "Ó! an tusa atá ann, a Chonaill," adubhairt sí; "acht nár bh'iad na focla céadna no bhí againn, adéarainn gur mac alla do bhí ann." "Is mise atá ann, a chuisle; dar ndóigh, ní duine eile." Leis sin tháinig óigfhear amach ó sgáth na gcrann do bhí ag fás ar an oileán. Do sheas sé ar bhruach an uisge agus do shín sé a lámh chuici go dtug sé congnamh dhí le teacht i dtír. Do léim sí amach go mear aibéil agus do rinne Conall an bád do cheangailt do chraoibh chrainn do bhí le n' ais. "Gabhaim párdún agat, a Eibhlíse, fá gur chuireas isteach ar do chuid smuainte, acht ní raibh aon neart agam air. Bhí an aimsear ag imtheacht agus gan acht cúpla uair agam le feicsint mo stóirín." Do ghabh uathbhás inghean Uí Raghallaigh an fhaid do bhí sí ag éisteacht leis, agus do bhí sgeón i n-a súlaibh nuair d'fhreagair sí: - "Nach bhfuil an fad céadna 'sna laeth- eanntaibh do láthair, a mh'anam, agus do bhí le ciantaibh - agus cad chuige go mbéadh imshníomh ar mo bheathaidh féin fá ghiorracht na haim- sire?" Do chrom Conall a cheann agus d'fhéach sé go tuirseach truaighmhéileach ar a aon-mhnaoi féin agus 'sé adubhairt sé: - "Ní fhuil sé i ndán dúinn ar mbeatha do chaitheamh i bhfochair a chéile agus 'sé as dóigh liom ioná gur fearr dúinn sgaramhaint anocht. Do chonnarcas d'athair indiu agus tá an sgéal go díreach glan mar shaoileas go mbéadh." Do thréig dath an róis a gruadhna ann- soin agus d'ionntuigh sí chomh bán le sneachta ar gclos na bhfocal soin dí, agus do b'amhlaidh d'airigh sí í féin ioná dá mbeádh nasg iarainn ag fásgadh agus ag luighe go trom timcheall ar a croidhe. D'fhanadar i n-a dtost i bhfad agus ba chráidhte dubrónach a n-inntinn agus a n-anam ó sgáil a sgaramhna. Do thosuigh éinín ar seinm ceóil 'sa gcoill fá thuaidh. Acht an fhuaim sin amháin agus búith- readh na mbó mbainne mágcuaird ní raibh aon ghleó ag cur isteach ar sholamnacht na huaire sin. Nuair bhíos fuineadh na gréine thart tig ciúineas i n-aimsir an eadarsholuis agus i n-éinfheacht le ciúineas an domhain nádúrtha tig socracht agus síothcháin i gcroidhe an duine. Acht níor bh'amhlaidh do'n bheirt do bhí ag amharc amach ar an loch agus suas ar na spéar- thaibh leath-as-tiar. Níor shaoileadar i n-aon chor gur dheas í an dúthaigh aca-san. Ba chuma leo, an uair sin, áilne agus deise an domhain, óir do bhí smúid ar a n-inntinn, agus a n-anma fá bhrón aca. "Tud! tud!" do chuir pléasgadh géar tapaidh isteach ar a smuaintibh fá dheireadh. Rug Eibhlíse ar láimh Chonaill agus í ag criothnughadh. "Caidé sin?" Ná bíodh aon eagla ort! Fuaim ghunna is eadh é sin. Nach aisteach í an uair seo do'n lá? Acht b'fhéidir gur duine é atá ag iarraidh a shuipéir do bhaint amach 'sa gcoill ar slighidh éigin. Béidh maor d'athar-sa ar lorg an bhochtáin gan mhoill agus is deallrathach
go dtiubhra sé seal 'sa bpríosún mar gheall ar an éan úd do mharbhadh." "Go bhfóiridh Dia ar an duine mbocht, má's mar soin atá an sgéal," ar Eibhlíse. Annsin adubhairt sí: - "Tá néall éigin ag tuitim orm agus gan aon leigheas agam air." "'Sé néall ár sgaramhna atá ann." "Tud! tud! arís, agus gan aon deireadh leis an bhfuaim do'n chor so. Ní raibh an gleó chomh mór agus do bhí do'n turus eile. Capall do bhí ar sodar d'airigheadar gur bh'eadh é. Do thosuigh sé ar dhul cos i n-áirde i gceann tamaill. Annsin, do chuaidh an fhuaim i laige go nár chualadar í chuige ná ar aon chor. Do bhí an iomarca bhróin orra, ámh, chum suime do chur 'sna neithibh do thuit amach i n-a dtimcheall agus do chromadar ar chomhchaint do dhéanamh arís. Is iomdha rud ar thrácht- adar air - ar an tír bhoicht seo agus ar a crádhadh - ar a ngrádh d'á chéile agus ar a gcruadh-chás - ar na laethibh sona do chuaidh thart agus ar an aimsir do bhí le teacht. Do bhí a fhios ag Eibhlíse go raibh sé curtha roimhe ag Conall dul tar lear agus go bhfanfadh sé ann go mbéadh éirghe amach i nÉirinn. Níor chuir sí i n-a aghaidh, óir ba mhisneamhail an cailín í. Do bhí súil aici go dtiubhradh a h-athair cead dóibh le dul i gcleamhnas agus níor mhaith le ceachtar aca gan a bheannacht d'fhaghbháil uaidh. Rud eile dhe - do bhí an t-airgead níos fairsinge tar sáile an tráth soin ioná atá le n-ár linn-ne agus do bhí Conall ag tnúth le roinnt óir do chnuasughadh chum aithfhillte ar an gcaiptín agus a rádh leis: - "Táim chomh saidhbhir leat-sa anois!" "Dá mbéinn im' fhear shaidhbhir," ar sé le hEibhlíse, "ní bhéadh an oiread soin gráine aige orm agus atá. Dubhairt sé liom indiu nár cheart ná oireamhnach do dhuine bhocht suarach mar mise bheith id dhiaidh-se - agus a rádh go bhfuil an talamh chéadna do bhí ag mo shinnsear aige-sean." Do bhí Conall ag dul i bhfeirg acht do chuir sé cosg air féin i n-am. "Gabhaim párdún agat, a mhúirnín mo chroidhe istigh, fá'n méid sin do rádh, acht, táim corruighthe rud beag im' inntinn indiu agus gan ar mo chumas srian do chur lem' theangaidh." "Ní nach iongnadh liom, a Chonaill." Mar soin dóibh ag déanamh iarrachta ar shólás do thabhairt d'á chéile gur éirigh an ghealach go geal fuar os a gcionn. Dá ailneacht Loch Reamhair agus a chomhar- sanacht 'san ló fá sholas na gréine, bíonn an áit úd i bhfad agus i bhfad níos deise ist-oidhche nuair bhíos an ghealach 'sna spéarthaibh agus gach rud go ciúin socair. Samhluigheann an loch ar a leithéid sin d'aimsir mar loch gloine agus domhan eile faoi - an ghealach, na réalta, na crainn agus uile. "Caidé sin?" ar Eibhlíse go hobann. "Och! ochón! och! ó!" Déirigh caoineadh ó Mhuintir Chonnacht taoibh ó dheas, agus do thosuigh sé ar dhul i méid gur bh' amhlaidh do bhí sé ioná mar chaoineadh os cionn na marbh. Do ghabh eagla Eibhlíse as ucht go raibh a fhios aici nach raibh duine 'sa triocha céad i mbaoghal bháis an tráth soin. "Caithfead dul a bhaile anois, a Chonaill; tá eagla an domhain orm go bhfuil rud éigin as an mbealach." "Ó! tarraing do shuaimhneas ort, a stóirín. Is í seo ár gcoinne dhéidheanach agus tá a fhios ag Dia amháinn a' bhfeicfimid a chéile arís a choidhche." Do chluinidís an caoineadh anois agus arís i n-a dhiaidh sin agus gach uair d'á gcuala inghean Uí Raghallaigh é do thosuigh sí ar chrith. D'fhágbhadar slán agus céileabhradh 'gá chéile 'sa deireadh agus do chuir Conall a aon-bhean
fá choimirce Dé an uair úd agus choidhche. Do chuaidh sí isteach 'sa mbád agus do ghlac sí na maidí i n-a lámhaibh agus a croicdhe go trom dubhach aici. D'fhan Conall Ua Raghallaigh ag féachain uirri go ndeachaidh sí i dtír i ngar d'á baile féin. D'éirigh fearg i n-a chroidhe ag smuaineadh dhó ar a gcruadh-chás. "Féach mise," adubhairt sé leis féin, "go raibh an triocha céad so ag mo mhuinntir agus nach bhféadaim dul go dtí a teach féin le n-a feicsint. Caithfidh mé teacht annso le n-a aghaidh sin mar bhitheamhnach gan áird, gan chlú, agus b'fhéidir nach bhfeicfead í ar an gcuma soin féin i n-a dhiaidh seo. Ó! a Dhia, a Dhia! cá fhad a bhéimid d'ár gcrádhadh agus d'ár sgriosadh 'sa tír seo, nó an í do thoil-se do chlann féin a bheith gan saidhbhreas an tsaoghail seo!" Do bhí Eibhlíse ag déanamh ar an tigh nuair chonnaic sí a sean-bhuime chuici agus í ag bualadh bos agus ag béiceadh ar a láin-dícheall: - "Ó! a leinbh mo chroidhe is a chailín na féile! Céard do thuit orainn indiu! Ó! mo mhaighistir bocht! mo mhaighistir féin! Ochón! ochón indiu!" "Cad atá ort? Innis domh é, i n-ainm Dé." Níor fhéad an inghean, ámh, aon fhreagra d'fhaghbháil uaithi acht caint bhriste agus a leithéid sin do chaoineadh. D'fhág sí a buime mar a raibh sí agus do rith sí suas go dtí an teach agus a cosa ag cromadh fúithi le méid a faitcheasa. Do bhí sgata daoine bailighthe thart tim- cheall an dorais. Do rinneadh bealach dí agus isteach an dorus léithi, a súile ar leathadh le méid an uathbháis agus na himeagla do bhí uirri. Do stad sí go hobann 'sa halla. Ar a haghaidh go díreach do chonnaic sí rud éigin i n-a luighe ar an urlár. Duine marbh, agus é sínte amach fá bhrat, do bhí ann. Do chrom sí síos agus thóg sí an brat gan focal do rádh. An Caiptín Ua Raghallaigh do bhí faoi, agus poll i n-a chliabh agus an fhuil ag sileadh uaidh. "A athair! a athair!" do sgread sí, agus ar an bhfocal do thuit si síos le n-a ais 'n-a pleist. Cúpla lá i n-a dhiaidh sin, do bhí coisde crónaire os cionn an Chaiptín agus as ucht na fiadhnaise tugadh ann, do b'é an breitheamhnas thug na coisdeóirí uatha ioná go raibh Conall Ua Raghallaigh cionntach le bás an Chaiptín. Oidhche an mharbhtha do ghabh buachaillí an ríogh leó é. Do chuireadar é 'sa bpríosún óir do bhí gach rud i n-a aghaidh. Do bhí a fhios ag an domhan go léir nach dtiubhradh an Caiptín cead dó le pósadh do dhéanamh le n-a inghin. Do chuala na searbhfhoghantaidhthe imreasán eatorra an lá céadna agus - rud níos measa i n-a aghaidh - fuarathas a ghunna i ngar do'n tigh agus é folamh. Rud eile dhe - as gunna do'n tsórt soin tháinig an piléar do mharbh an Caiptín. Ní raibh amhras ar bith acht i dtaoibh aon neith amháin. Do goideadh as an tigh, an oidhche chéadna, suim mhór airgid agus páipéirí do bhain le feirm tháinig isteach ar lámhaibh an Chaiptín féin cúpla bliadhan roimhe sin. Do chuir sé feirmeóir amach as a thigh agus as a chuid talmhan - é féin agus a chlann - agus é sin gan mhórán cíosa aige air. Thug an fear soin mionna go mbéadha dhíoghaltas aige fós as ucht a ndearna an tighearna talmhan air. Do chuaidh a chlann go hAimeiriocá agus do chuaidh sé féin go Condae na Midhe ag iarraidh oibre le déanamh, agus ó shoin i leith ní tháinig tásg ná tuairisg uaidh go Muintir Chonnacht. Níor fríth airgead ioná páipéirí ar Chonall, acht, mar soin féin, ba chosmhail go
gcrochfaidhe é i ndeireadh na dála, mar gheall ar an gCaiptín do mharbhadh. Do bhí Eibhlíse beagnach as a meabhair le méid a bróin i ndiaidh a hathar agus le hiomad a himshníomha i dtaoibh Chonaill. Do thuit brais tinnis uirri ionnus nach raibh sí i n-innmhe fiadhnaise do thabhairt os comhair an choisde chrónaire. Do bhí cúirt an dlighidh le bheith ar siubhal i gcionn mhíosa agus conall le bheith dá fhromhadh ann ag an mbreitheamhain agus an gcoisde, agus ar n-éirghe d'Eibhlíse ó n-a leabaidh thinnis, do thosuigh sí ar chuartughadh amach comharthaí neimhchionntachta a grádha. Níor bh'fhuruisde sin do dhéanamh agus gach ní ag dul i n-a coinne. Fuair sí cúntas ar an bhfeirmeóir úd, acht, ní raibh aon mhaithe dhí ann. Chonnarcathas é 'san Mhuilionn Chearr uair an chluig i ndiaidh an mharbhtha do dhéanamh agus do bhí a lán daoine réidh le n-a dhearbhadh soin. Do bhí lá na cúirte ag teacht timcheall agus do bhí inghean Uí Raghallaigh, aon lá amháin, ag siubhal le h-ais Locha Reamhair. Do bhí sí ag smuaineadh agus ag síor-smuaineadh ar gach ní d'á dtárla agus, fá dheireadh, do bhreathnuigh sí ar an oileán mar ar sgar sí le Conall. D'éirigh gach ní d'ár thuit amach an oidhche dhubrónach úd os comhair a hinntne - fuaim an ghunna, caoineadh na mban, agus, rud eile - do chuimhnigh sí go hobann ar an bhfuaim eile do chuala sí an oidhche chéadna - fuaim chapaill ag sul cos i n-áirde. "Buidheachas agus mór-bhuidheachas leat, a thighearna, is tusa do chuir an tuitim amach úd im' chuimhne arís. Do chuaidh an ní sin as mo mheabhair ar fad go nuige seo." D'fhill sí ar a hais chum na stáblaí do bhí ar chúlaibh an tighe agus d'iarr sí ar shean- searbhfhoghantaidhe do bhí ann ag déanamh fhritheóilte ar na capallaibh gabháil i leith chuici gan mhoill. "Tá na capaill go léir ar foghnamh agat, a Phádruig!" "Tá, do láthair, a bhean-uasal, buidheachas le Dia, acht, is beag nár cailleadh Bran i ndiaidh an mhaighistir bhoicht. 'Sé an capall do b'fhearr leis d'á raibh aige. Cha dtiubhradh sé ar trí céad púnt é, ar m'anam! agus moladh do Dhia, d'airigh an chréatúir bhocht go raibh tiubaiste orainn an oidhche dhubh úd, go sábháilidh Dia sinn!" Do phreab croidhe Eibhlíse ar n-a chlos soin dí. "Ar airigh tú aon rud aisteach i n-a thaoibh an oidhche sin?" Do bhain an sean-fhear a hata de agus do ghearr sé an chroch chéasta air fein roimh freagra do thabhairt ar an gceist dó. "Ní maith liom bheith ag caint fa n-a leithéid sin. Croch Chríost d'ár gcoimeád ó gach uile olc, acht, d'airigh mé go ró-mhaith rud éigin as bealach leis an gcapall gcéadna ar an aimsir sin." "Ba mhaith liom a chloisint gach d'ár thuit amach. Ná bíodh aon fhaitcheas ort fa'n sgéal d'innsint domh ó thús go deireadh!" Do ghearr Pádruig comhartha na croiche air féin an dara huair agus do thosuigh sé ar an sgéal d'innsin mar leanas: - "Bhí mé féin i mBeirdsine (.i. i mBaile Locha Reamhair) ag déanamh teach- taireachta le haghaidh an mhaighisdir - beannacht Dé le n-a anam - nuair thuit an tiubaiste air. Cha rabhas 'sa mbaile go raibh sé go han-déidheanach 'san oidhche agus mar soin, leis an sgannradh agus uile, thárla nach deachaidh me go dtí na stáblaí mar ba ghnáthach dhomh a dhéanamh cibé uair thiocfainn a bhaile. Bhí sé an-dorcha roimh fáinneadh an lae ar maidin lá ar n-a bhárach
agus bhí tórradh an Chaiptín bhoict - go dtuga Dia trócaire d'á anam - ar siubhal againn 'sa tigh mhór. Chuala mé annsin, agus chuala daoine nach mé freisin, fuaim mar dá mbéadh capall ar sodar. Stop sí go tapaidh mar soin agus char chuireamar aon tshuim ann go deachaidh mé chomh fada leis na stáblaíbh agus céard do bhí ann acht Bran agus é ag crith agus ag cur allus agus a chuid súile ag preabadh as a cheann le huathbhás, mar adéarthá. Ba bheag nár thuit mé féin le faitcheas, óir bhíos cinnte go bhfaca an capall bocht taidhbhse nó taise feadhna h-oidhche." Do chuir Pádruig comhartha na croiche air féin arís agus do bhreathnuigh sé go héasgaidh i n-a thimcheall sul mar lean sé ar an sgéal: - "Féach! a bhean-uasal! Is dearbhtha atáim go dtáinig d'athair-se ar a ais ó shluagh na marbh le gnó éigin do dhéanamh agus go deachaidh sé ar dhruim a chapaill féin le n-a aghaidh sin. Is dóigh liom go raibh sé ag teacht ar a ais le crích do chur ar obair éigin bhí fá lámhaibh aige sul a ndeachaidh sé as an saoghal so. Bhí grádh ag an gcaiptín riamh do'n chapall úd agus grádh aige-sesan dó. Do thaisbeán an beathach bocht a ghrádh, ar aon chuma, mar thug sé congnamh d'á mhaighistir 'san ghnó soin - cibé ar domhan é! Sin é a bhfuil agam le rádh i n-a thaoibh agus gabhaim párdún agat, a leinbh, fá nach dubhras an mhéid sin leat go nuige seo. Níor mhaith liom imshníomh do chur ort-sa, agus sin gan aon tairbhe dhuit." "Nár bh'é an truagh nar innsis an sgéal soin domh roimhe seo, acht, "is fearr mall ná ró-mhall"." Annsin, do mhínigh sí do'n tshean-fhear nár thaidhbhse nó thaise do bhí ann, do réir a baramhla-sa, acht duine 'ga raibh baint aige leis an gcaiptín do mharbhadh. Do chroith seisean a cheann agus do dhún sé a bhéal gan focal do rádh i n-a haghaidh, acht, d'airigh sí go maith nár chreid sé a ndubhairt sí leis. "Níor bh'fhéidir gur thaidhbhse do bhí ann" ars' ise arís, "óir chualas féin fuaim an chapaill agus é ag dul ar chroidhe a dhíchill; bhí sé ag déanamh ar an Mhuilionn Chearr leis." "B'fhéidir sin, b'fhéidir sin," ar Pádruig, agus, leis sin, do chuaidh Eibhlíse ag triall ar a buime chum comhairle do chur i n-a hucht. Táinig lá na cúirte timcheall agus do dearbhadh gach ní d'ár cuireadh i leith Mhic Uí Raghallaigh. Annsin, d'fhiafruigh duine éigin, "Cá bhfuil inghean Uí Raghallaigh; bhí sí le fiadhnaise do thabhairt annso indiu. Cá bhfuil sí?" Ní raibh sí i láthair, tráth, acht, d'éirigh a buime agus í ag sileadh deór agud adubhairt: - "Tá mo leanbh uasal, a thighearna, as a meabhair ó'n trioblóid agus ó'n trom-ualach do bhí uirri." Ní raibh duine do bhí ag éisteacht léithi nach raibh truagh aige do'n chailín óg áluinn do bhí fá bhrón gan chomhartha shóláis aici ó dhuine ioná ó dhaonnacht. "Ó! a Dhia, a Dhia!" adubhairt Conall Ua Raghallaigh, ag féachain ar na spéarthaibh; "cad do rinneamar chum an díoghaltais seo do thuilleadh." "Acht cheana, thánag-sa," ars an tshean- bhean, "le fiadhnaise do thabhairt i n-a háit; d'innis sí an sgéal domh ó thús go deireadh sul mar d'imthigh sí le craobhachaibh." Níor leigeadh dhí an ní sin do dhéanamh, ámh, agus do b'é críoch ansgéil ioná go dtug an coisde a bharamail go raibh Conall Ua Raghallaigh cionntach le bás an Chaiptín agus m'fhocal daoibh nach raibh súil tirim 'sa gcúirt an lá soin.
Do bhí an breitheamh le breitheamhnas bháis do thabhairt air, acht, go díreach glan mar do bhí sé ag cur an bhairéidín duibh ar a cheann do rith fear isteach 'sa seómra agus é ag cur alluis. Thug sé sméideadh do'n bhreitheamh agus do stad seisean do'n obair do bhí idir lámhaibh aige. Sean-fhear do b'eadh é. Do b'fhurus an oiread soin do thabhairt fá deara, mar do bhí na ruic le feicsin ar a éadan agus an ghruag bhán ag tuitim anuas ar a mhuineál, ar ndul sias ar bhord na mionna dhó. Do cuireadh an leabhar i n-a láimh: Níor fhéad sé fiú an fhocail do rádh go ceann tamaill. Annsin do thosuigh sé ar an sgéal chéadna d'innis Pádruig d' Eibhlíse, óir b'é Pádruig féin do bhí ann. Nuair do bhí críoch leis d'ionntuigh sé ar an neithibh do thuit amach ó shoin anuas d'innsin: - "Nuair bhreathnuigh mé go cruinn ar gach taoibh do'n cheist, dubhras liom féin gur bh'fhéidir i ndiaidh gach uile neith an ceart a bheith ag mo mhaighistreás i n-a ndubhairt sí liom i dtaoibh an chapaill. Bhí m' aigneadh socair agam gan mhoill agus leis sin chuadhas go dtí an Muilionn Cearr a gan-fhios d'éinneach. Fuaras sgéala i gcomhursanacht an bhail sin i dtaoibh an fheilmeóra do cuireadh amach as a thigh cúpla bliadhan ó shoin. Bhí sé imthighthe go hAimeiriocá, acht, fuair mé an páipéar so i n-a sheómra. Féach! Is páipéar bhaineas leis an bhfeirm úd é. Rinne sé dearmad air, is dócha. Chuala mé ó roinnt mhaith dhaoine go bhfaca- thas 'san Mhuilionn chearr é fa chionn uaire i ndiaidh aimsire marbhtha mo mhaighisdir. 'Sé sin le rádh gur bh'fhéidir dó "alibí" do dhearbhadh dá ngeabhthaoi é. Tháinig mé ar m'ais a bhaile agus dubhras im' aigneadh féin agus mé ag smuaineadh ar gach d'á dtárla: - "Má tá capall ar dhruim na talmhan a dtig leis a dhéanamh soin, 'sé Bran é." Chuaidh mé, leis sin, ar a mhuin agus as go bráth linn. Bhíomar 'san Mhuilionn Chearr cúig nóim- int roimh an uair agus mo lámh dhaoibh nach bhfuil capall eile 'sa gcruinne do dhéanfadh é taoibh istigh do'n aimsir chéadna." Ar n-a chlos soin dóibh d'éirigh "hurrú" 'sa gcúirt agus do thosuigheadar ar bhualadh bos agus ar dhéanamh comh-gháirdeachais le chéile as ucht na sgéala soin. Níor bh'fhada, i n-a dhiaidh sin, gur saoradh Conall, agus an oidhche d'fhill sé ar a ais chum a dhúithche do lasadh teinte cnámh ag na daoinibh ar gach cnoc 'sa gcondae le n-a mbród agus a lúthgháir do thaisbeánt d'á dtaois- each ionmhuin féin - acht, ba chum a le Conall bhocht an gáirdeachas soin agus a chroidhe go trom aithmhéileach aige. Níor chuir sé aon tshuim i rud ar bith do'n tshaghas soin. "Ag so an gleó 's an brón is baoithe; Ag so an tuirse 's an doilghe is daoire." Ba mhian liom críoc mhaith do chur leis an sgéal so. Dob' áil liom a rádh gur phós Conall agus Eibhlíse a chéile agus gur chaitheadar a laethe go deireadh a saoghail i n-éinfheacht, gan doilgheas, gan chrádh - acht, mo léan agus mo mhairg nach mar shaoiltear cinntear i gcomhnuidhe, ar an ngleann dubrónach so. Do chuaidh Conall d'fheicsin a ghrádha, acht, níor aithin sí é. Do chaitheadh sí an lá ag dul anonn agus anall agus í ag baint pamhsaor agus ag gabháil fhuinn. D'éirigheadh na deóra i súlaibh Chonaill gach tráth d'á gcloiseadh sé an t-amharc so d'fhulang fá dheireadh. D'fág sé slán agus céileabhradh ag a aon-mhnaoi le dul 'san arm le haghaidh troda do dhéanamh ar son Éireann. Do thuit sé i gcath Bhaile na hInse suas
le céad bliadhain ó shoin agus níor fhan a ghrádh i bhfad i n-a dhiaidh. Do cuireadh í ar an oileán áluinn úd i gceart-lár an locha agus 'sé mar deir siad ioná go mbíonn óig-bhean ag dul thall agus i bhfus trasna an locha fá sholas na gealaighe agus í ag gabháil fhuinn: - "Dom is dleacht a leacht do líonadh, Dom is eól a sgeól do sgaoileadh, Dom is dual a ruaig do ríomhadh, Ó's dom is cóir a ghlóir do chaoineadh." AIGNÉAS NÍ FHAIRCHEALLAIGH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services