Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caint Sgurtha - Grádh agus Crádh.

Title
Caint Sgurtha - Grádh agus Crádh.
Author(s)
Ní Fhaircheallaigh, Aighnéas,
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh (Lloyd, Joseph H.)
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

GRÁDH AGUS CRÁDH.



Suas le céad bliadhan ó shoin do bhí
duine dar bh'ainm an Caiptín Ua
Raghallaigh i n-a chomhnuidhe i Muintir
Chonnacht, triocha céad atá i ngar do Loch
Reamhair i gcondae an Chabháin. Caiptín
Sacsanach do b'eadh é, gé gur dhuine do
threibh Uí Raghallaigh do bhí ann. B'fhéidir
go bhfuil sé chomh maith dhom sul a rachad níos
fuide leis an sgéal an ní aisteach soin do
mhíniughadh.



Do thuit amach i n-aimsir Shibéala bain-
ríoghan gur iompuigh cuid do threibh Uí
Raghallaigh i n-a Sacsanchaibh. Do thréig-
eadar a muinntear agus a gcreideamh agus níor
bh'fhada dhóibh mar soin go rabhadar chomh
Sacsanach leis na Sacsanchaibh féin. Do
rinneadar amhlaidh chum a ndúithche d'fhaghbháil
ó bhainrioghain na Sacsan agsus ba bheag an meas
do bhíodh ag na fíor-Ghaedhealaibh orra ó shoin


L. 71


i leith. "Ua Raghallaigh na bainríoghna"
tugadh ar gach duine aca agus do lean an
t-ainm céadna d'á gcloinn ó aois go h-aois
anuas go dtí an aimsear atá ann indiu.
Ní dhearna, ámh, acht corr-dhuine aca ionntódh
ar an gcuma soin, buidheachas mór le Dia
is na flaitheasaibh ar a shon, agus dá laighead
iad an uair úd, is lugha iad anois, óir is tearc
duine d'á sliocht atá ar shlighidh na bréige
le n-ar linn-ne chum na talmhan do sheal-
bhughadh agus chum pléisiúire d'fhaghbháil as an
saidhbhreas do cheannuigh a sinnsir ar luach a
gcreidimh agus a dtír-ghrádha do shéanadh.



Bíodh soin mar atá, bhí an Caiptín ar na
daoinibh ba chumhachtaighe d'á raibh 'sa gcondae
an uair úd. Do cailleadh a bhean acht
d'fhág sí inghean i n-a diaidh agus b'é Eibhlíse an
t-ainm do bhí uirri-sean. D'fhás sí suas i
n-a cailín bhreagh shlachtmhar nó gur dheise
cruth agus déanamh í ioná aon chailín d'á raibh i
mBreifne thoir thiar, thíos thuas. Do bhí
duine do shean-phór Uí Raghallaigh i n-a chomh-
nuidhe láimh le Murmod ar an taoibh eile do
Loch Reamhair agus bhí sean-aithne ag Eibhlíse air
agus tárla go dtugadar grádh d'á chéile agus
gur bh'amhlaidh do bhí ar feadh tamaill do
bhliadhnaibh. Níor thaithnigh sin le hathair
Eibhlíse chuige ioná ar aon chor, óir do bhí
fuath aige ar gach duine d'á shloinneadh
féin d'ár lean do'n tshean-chreideamh agus go
h-áirithe ar mhuinntir Chonaill Uí Raghallaigh,
as ucht gur bh'iad-san do bhéadh i n-a
dtaoiseachaibh os cionn treibhe Uí Raghallaigh,
dá mbéadh a gceart aca. Acht cheana, le
dul ar aghaidh leis an sgéal, bhí Eibhlíse ag
dul isteach i n-a ficheadh bliadhain nuair
thárla an sgéal atá d'á sgríobhadh agam
annso.



Lá samhraidh d'á raibh an ghrian ag lonnradh
ar an dúthaigh do bhí inghean Uí Raghallaigh
amuigh i n-a h-aonar i mbáidín mbeag ar
Loch Reamhair. Níor bh'iongnadh í bheith ag
pléidhe leis na maidíbh rámha; ba mhinic
dí ag á dhéanamh soin agus ag caitheamh an lae
go léir ar an loch.



Do chuireadh sí suas do'n obair anois
agus arís agus do thógbhadh sí a ceann le breathnughadh
ar na spéarthaibh - áit nach raibh fiú an néill
le feicsin innte. Do bhí teas an lae thar
nach mór agus bhí síth beag gaoithe ag séideadh
tarsna an locha. Do bhí solas na gréine ag
súgradh leis an bhfraoch thuas ar mhullach an
tshléibhe éirigheas láimh leis an mbaile mbeag
ó thuaidh.



An ghaoth do bhí ag séideadh an tráth soin
d'osgail sí dlaoi ómrach do ghruaig an chailín
nó go raibh sí ag tuitim ar a brághaid, agus an
ghrian do bhí ag taithneamh do sgairt a solas
ar a gné agus ar na súlaibh glasa aici gur
bh'amhlaidh do bhí sí ioná cosamhail le maighdin
mhara nó le mnaoi ó Thír na n-óg. D'fhan sí
mar soin i bhfad aon uair amháin ag féachain
ar an ngréin agus ag síor-mhachtnamh go nár
airigh sí curach d'á chur amach ar an uisge ó
thuaidh. Ní raibh acht aon fhear amháin 'gá
iomramh agus do rinne sé ar oileán bheag do
bhí suidhte i ngar do'n áit i n-a raibh Eibhlíse
féin, acht do chuaidh sé i dtír a gan fhios dí.
Ag ceann tamaill do chrom sí arís, ámh, ar
iomramh do dhéanamh agus ar an am gcéadna do
thosuigh sí ar ghabháil fhuinn. Ba bhinne ná
ceól na héanlaithe fuaim a gotha mar do
b'iad puirt a sean agus a sinnsear do ghabh sí.
Abhrán i ndiaidh abhráin thug sí uaithi go
dtárla sí ar an rann so: -



"Suidhfead síos ar chnoc go h-árd
Agus geabhad go córach cleite im' láimh;
Má gheibhim toil go sgríobhad mo sháith
Ar ghníomhartha suilt 's ar mhaith mo ghrádha."



Ní luaithe do bhí críoch leis an méid sin
ná chualathas glór 'san oileán ag déanamh
aithrise ar a glór: -


L. 72


"Ar neóin nuair théidhim ar thaoibh Suidhe Finn
Fá bhrón i gcéin 's gan aon dom' bhuidhin,
Cia sheólfadh aon-mhac Dé im' líon
Acht stór mo chléibh bé 'nÉirinn í."



Ar n-a chlos sin dí do sgannruigheadh an
cailín gur thuit na maidí rámha as a lámhaibh.
thug sí a haghaidh ar an oileán agus a súile ar
leathadh le hiongantas. Acht, níor bh'fhada
gur thosuigh sí ar mhiongháire do dhéanamh agus
gan chosamhlacht fhaitcheasa ar bith uirri.



"Ó! an tusa atá ann, a Chonaill,"
adubhairt sí; "acht nár bh'iad na focla
céadna no bhí againn, adéarainn gur mac
alla do bhí ann."



"Is mise atá ann, a chuisle; dar ndóigh,
ní duine eile." Leis sin tháinig óigfhear
amach ó sgáth na gcrann do bhí ag fás ar an
oileán. Do sheas sé ar bhruach an uisge agus
do shín sé a lámh chuici go dtug sé congnamh
dhí le teacht i dtír. Do léim sí amach go
mear aibéil agus do rinne Conall an bád do
cheangailt do chraoibh chrainn do bhí le n'
ais.



"Gabhaim párdún agat, a Eibhlíse, fá gur
chuireas isteach ar do chuid smuainte, acht
ní raibh aon neart agam air. Bhí an
aimsear ag imtheacht agus gan acht cúpla uair
agam le feicsint mo stóirín."



Do ghabh uathbhás inghean Uí Raghallaigh an
fhaid do bhí sí ag éisteacht leis, agus do bhí
sgeón i n-a súlaibh nuair d'fhreagair sí: -



"Nach bhfuil an fad céadna 'sna laeth-
eanntaibh do láthair, a mh'anam, agus do bhí le
ciantaibh - agus cad chuige go mbéadh imshníomh
ar mo bheathaidh féin fá ghiorracht na haim-
sire?"



Do chrom Conall a cheann agus d'fhéach sé
go tuirseach truaighmhéileach ar a aon-mhnaoi
féin agus 'sé adubhairt sé: -



"Ní fhuil sé i ndán dúinn ar mbeatha do
chaitheamh i bhfochair a chéile agus 'sé as dóigh
liom ioná gur fearr dúinn sgaramhaint
anocht. Do chonnarcas d'athair indiu agus tá
an sgéal go díreach glan mar shaoileas go
mbéadh."



Do thréig dath an róis a gruadhna ann-
soin agus d'ionntuigh sí chomh bán le sneachta
ar gclos na bhfocal soin dí, agus do b'amhlaidh
d'airigh sí í féin ioná dá mbeádh nasg iarainn
ag fásgadh agus ag luighe go trom timcheall ar
a croidhe.



D'fhanadar i n-a dtost i bhfad agus ba
chráidhte dubrónach a n-inntinn agus a n-anam
ó sgáil a sgaramhna.



Do thosuigh éinín ar seinm ceóil 'sa gcoill
fá thuaidh. Acht an fhuaim sin amháin agus búith-
readh na mbó mbainne mágcuaird ní raibh
aon ghleó ag cur isteach ar sholamnacht na
huaire sin.



Nuair bhíos fuineadh na gréine thart tig
ciúineas i n-aimsir an eadarsholuis agus i
n-éinfheacht le ciúineas an domhain nádúrtha
tig socracht agus síothcháin i gcroidhe an duine.
Acht níor bh'amhlaidh do'n bheirt do bhí ag
amharc amach ar an loch agus suas ar na spéar-
thaibh leath-as-tiar.



Níor shaoileadar i n-aon chor gur dheas í
an dúthaigh aca-san. Ba chuma leo, an uair
sin, áilne agus deise an domhain, óir do bhí
smúid ar a n-inntinn, agus a n-anma fá bhrón
aca.



"Tud! tud!" do chuir pléasgadh géar
tapaidh isteach ar a smuaintibh fá dheireadh.



Rug Eibhlíse ar láimh Chonaill agus í ag
criothnughadh.



"Caidé sin?"



Ná bíodh aon eagla ort! Fuaim ghunna
is eadh é sin. Nach aisteach í an uair seo
do'n lá? Acht b'fhéidir gur duine é atá ag
iarraidh a shuipéir do bhaint amach 'sa gcoill
ar slighidh éigin. Béidh maor d'athar-sa ar
lorg an bhochtáin gan mhoill agus is deallrathach


L. 73


go dtiubhra sé seal 'sa bpríosún mar gheall
ar an éan úd do mharbhadh."



"Go bhfóiridh Dia ar an duine mbocht,
má's mar soin atá an sgéal," ar Eibhlíse.
Annsin adubhairt sí: - "Tá néall éigin ag
tuitim orm agus gan aon leigheas agam air."



"'Sé néall ár sgaramhna atá ann."



"Tud! tud! arís, agus gan aon deireadh leis
an bhfuaim do'n chor so. Ní raibh an gleó
chomh mór agus do bhí do'n turus eile. Capall
do bhí ar sodar d'airigheadar gur bh'eadh é.
Do thosuigh sé ar dhul cos i n-áirde i gceann
tamaill. Annsin, do chuaidh an fhuaim i
laige go nár chualadar í chuige ná ar aon
chor.



Do bhí an iomarca bhróin orra, ámh, chum
suime do chur 'sna neithibh do thuit amach i
n-a dtimcheall agus do chromadar ar chomhchaint
do dhéanamh arís. Is iomdha rud ar thrácht-
adar air - ar an tír bhoicht seo agus ar a
crádhadh - ar a ngrádh d'á chéile agus ar a
gcruadh-chás - ar na laethibh sona do chuaidh
thart agus ar an aimsir do bhí le teacht. Do bhí a
fhios ag Eibhlíse go raibh sé curtha roimhe ag
Conall dul tar lear agus go bhfanfadh sé ann
go mbéadh éirghe amach i nÉirinn. Níor chuir
sí i n-a aghaidh, óir ba mhisneamhail an cailín
í. Do bhí súil aici go dtiubhradh a h-athair
cead dóibh le dul i gcleamhnas agus níor mhaith
le ceachtar aca gan a bheannacht d'fhaghbháil
uaidh. Rud eile dhe - do bhí an t-airgead
níos fairsinge tar sáile an tráth soin ioná
atá le n-ár linn-ne agus do bhí Conall ag tnúth
le roinnt óir do chnuasughadh chum aithfhillte
ar an gcaiptín agus a rádh leis: - "Táim chomh
saidhbhir leat-sa anois!"



"Dá mbéinn im' fhear shaidhbhir," ar sé le
hEibhlíse, "ní bhéadh an oiread soin gráine
aige orm agus atá. Dubhairt sé liom indiu
nár cheart ná oireamhnach do dhuine bhocht
suarach mar mise bheith id dhiaidh-se - agus a rádh
go bhfuil an talamh chéadna do bhí ag mo
shinnsear aige-sean."



Do bhí Conall ag dul i bhfeirg acht do
chuir sé cosg air féin i n-am.



"Gabhaim párdún agat, a mhúirnín mo
chroidhe istigh, fá'n méid sin do rádh, acht,
táim corruighthe rud beag im' inntinn indiu
agus gan ar mo chumas srian do chur lem'
theangaidh."



"Ní nach iongnadh liom, a Chonaill."



Mar soin dóibh ag déanamh iarrachta ar
shólás do thabhairt d'á chéile gur éirigh an
ghealach go geal fuar os a gcionn.



Dá ailneacht Loch Reamhair agus a chomhar-
sanacht 'san ló fá sholas na gréine, bíonn an
áit úd i bhfad agus i bhfad níos deise ist-oidhche
nuair bhíos an ghealach 'sna spéarthaibh agus gach
rud go ciúin socair.



Samhluigheann an loch ar a leithéid sin
d'aimsir mar loch gloine agus domhan eile faoi
- an ghealach, na réalta, na crainn agus uile.



"Caidé sin?" ar Eibhlíse go hobann.
"Och! ochón! och! ó!" Déirigh caoineadh
ó Mhuintir Chonnacht taoibh ó dheas, agus do
thosuigh sé ar dhul i méid gur bh' amhlaidh do
bhí sé ioná mar chaoineadh os cionn na marbh.



Do ghabh eagla Eibhlíse as ucht go raibh a
fhios aici nach raibh duine 'sa triocha céad i
mbaoghal bháis an tráth soin.



"Caithfead dul a bhaile anois, a Chonaill;
tá eagla an domhain orm go bhfuil rud
éigin as an mbealach."



"Ó! tarraing do shuaimhneas ort, a
stóirín. Is í seo ár gcoinne dhéidheanach agus
tá a fhios ag Dia amháinn a' bhfeicfimid a chéile
arís a choidhche."



Do chluinidís an caoineadh anois agus arís i
n-a dhiaidh sin agus gach uair d'á gcuala inghean
Uí Raghallaigh é do thosuigh sí ar chrith.



D'fhágbhadar slán agus céileabhradh 'gá chéile
'sa deireadh agus do chuir Conall a aon-bhean


L. 74


fá choimirce Dé an uair úd agus choidhche. Do
chuaidh sí isteach 'sa mbád agus do ghlac sí na
maidí i n-a lámhaibh agus a croicdhe go trom
dubhach aici.



D'fhan Conall Ua Raghallaigh ag féachain
uirri go ndeachaidh sí i dtír i ngar d'á
baile féin. D'éirigh fearg i n-a chroidhe ag
smuaineadh dhó ar a gcruadh-chás. "Féach
mise," adubhairt sé leis féin, "go raibh an
triocha céad so ag mo mhuinntir agus nach
bhféadaim dul go dtí a teach féin le n-a
feicsint. Caithfidh mé teacht annso le n-a
aghaidh sin mar bhitheamhnach gan áird, gan
chlú, agus b'fhéidir nach bhfeicfead í ar an gcuma
soin féin i n-a dhiaidh seo. Ó! a Dhia, a
Dhia! cá fhad a bhéimid d'ár gcrádhadh agus
d'ár sgriosadh 'sa tír seo, nó an í do
thoil-se do chlann féin a bheith gan saidhbhreas
an tsaoghail seo!"



Do bhí Eibhlíse ag déanamh ar an tigh nuair
chonnaic sí a sean-bhuime chuici agus í ag bualadh
bos agus ag béiceadh ar a láin-dícheall: -



"Ó! a leinbh mo chroidhe is a chailín na
féile! Céard do thuit orainn indiu! Ó!
mo mhaighistir bocht! mo mhaighistir féin!
Ochón! ochón indiu!"



"Cad atá ort? Innis domh é, i n-ainm
Dé." Níor fhéad an inghean, ámh, aon
fhreagra d'fhaghbháil uaithi acht caint bhriste
agus a leithéid sin do chaoineadh. D'fhág sí a
buime mar a raibh sí agus do rith sí suas go
dtí an teach agus a cosa ag cromadh fúithi le
méid a faitcheasa.



Do bhí sgata daoine bailighthe thart tim-
cheall an dorais. Do rinneadh bealach dí agus
isteach an dorus léithi, a súile ar leathadh
le méid an uathbháis agus na himeagla do bhí
uirri. Do stad sí go hobann 'sa halla.
Ar a haghaidh go díreach do chonnaic sí rud
éigin i n-a luighe ar an urlár. Duine marbh,
agus é sínte amach fá bhrat, do bhí ann.



Do chrom sí síos agus thóg sí an brat gan
focal do rádh.



An Caiptín Ua Raghallaigh do bhí faoi, agus
poll i n-a chliabh agus an fhuil ag sileadh uaidh.



"A athair! a athair!" do sgread sí, agus ar
an bhfocal do thuit si síos le n-a ais 'n-a
pleist.



Cúpla lá i n-a dhiaidh sin, do bhí coisde
crónaire os cionn an Chaiptín agus as ucht na
fiadhnaise tugadh ann, do b'é an breitheamhnas
thug na coisdeóirí uatha ioná go raibh Conall
Ua Raghallaigh cionntach le bás an Chaiptín.
Oidhche an mharbhtha do ghabh buachaillí an ríogh
leó é. Do chuireadar é 'sa bpríosún óir
do bhí gach rud i n-a aghaidh. Do bhí a fhios ag
an domhan go léir nach dtiubhradh an Caiptín
cead dó le pósadh do dhéanamh le n-a inghin.
Do chuala na searbhfhoghantaidhthe imreasán
eatorra an lá céadna agus - rud níos measa
i n-a aghaidh - fuarathas a ghunna i ngar do'n
tigh agus é folamh. Rud eile dhe - as gunna
do'n tsórt soin tháinig an piléar do
mharbh an Caiptín. Ní raibh amhras ar bith
acht i dtaoibh aon neith amháin. Do goideadh
as an tigh, an oidhche chéadna, suim mhór
airgid agus páipéirí do bhain le feirm tháinig
isteach ar lámhaibh an Chaiptín féin cúpla
bliadhan roimhe sin. Do chuir sé feirmeóir
amach as a thigh agus as a chuid talmhan - é féin
agus a chlann - agus é sin gan mhórán cíosa aige
air.



Thug an fear soin mionna go mbéadha
dhíoghaltas aige fós as ucht a ndearna an
tighearna talmhan air. Do chuaidh a chlann
go hAimeiriocá agus do chuaidh sé féin go
Condae na Midhe ag iarraidh oibre le
déanamh, agus ó shoin i leith ní tháinig tásg ná
tuairisg uaidh go Muintir Chonnacht.



Níor fríth airgead ioná páipéirí ar
Chonall, acht, mar soin féin, ba chosmhail go


L. 75


gcrochfaidhe é i ndeireadh na dála, mar
gheall ar an gCaiptín do mharbhadh.



Do bhí Eibhlíse beagnach as a meabhair le
méid a bróin i ndiaidh a hathar agus le hiomad
a himshníomha i dtaoibh Chonaill. Do thuit
brais tinnis uirri ionnus nach raibh sí i n-innmhe
fiadhnaise do thabhairt os comhair an choisde
chrónaire. Do bhí cúirt an dlighidh le bheith
ar siubhal i gcionn mhíosa agus conall le bheith
dá fhromhadh ann ag an mbreitheamhain agus an
gcoisde, agus ar n-éirghe d'Eibhlíse ó n-a leabaidh
thinnis, do thosuigh sí ar chuartughadh amach
comharthaí neimhchionntachta a grádha. Níor
bh'fhuruisde sin do dhéanamh agus gach ní ag
dul i n-a coinne. Fuair sí cúntas ar an
bhfeirmeóir úd, acht, ní raibh aon mhaithe dhí
ann. Chonnarcathas é 'san Mhuilionn Chearr
uair an chluig i ndiaidh an mharbhtha do
dhéanamh agus do bhí a lán daoine réidh le n-a
dhearbhadh soin.



Do bhí lá na cúirte ag teacht timcheall agus
do bhí inghean Uí Raghallaigh, aon lá amháin,
ag siubhal le h-ais Locha Reamhair. Do bhí sí
ag smuaineadh agus ag síor-smuaineadh ar gach
ní d'á dtárla agus, fá dheireadh, do bhreathnuigh
sí ar an oileán mar ar sgar sí le Conall.
D'éirigh gach ní d'ár thuit amach an oidhche
dhubrónach úd os comhair a hinntne - fuaim
an ghunna, caoineadh na mban, agus, rud eile -
do chuimhnigh sí go hobann ar an bhfuaim
eile do chuala sí an oidhche chéadna - fuaim
chapaill ag sul cos i n-áirde.



"Buidheachas agus mór-bhuidheachas leat, a
thighearna, is tusa do chuir an tuitim amach
úd im' chuimhne arís. Do chuaidh an ní sin as
mo mheabhair ar fad go nuige seo."



D'fhill sí ar a hais chum na stáblaí do
bhí ar chúlaibh an tighe agus d'iarr sí ar shean-
searbhfhoghantaidhe do bhí ann ag déanamh
fhritheóilte ar na capallaibh gabháil i leith
chuici gan mhoill.



"Tá na capaill go léir ar foghnamh agat,
a Phádruig!"



"Tá, do láthair, a bhean-uasal, buidheachas
le Dia, acht, is beag nár cailleadh Bran i
ndiaidh an mhaighistir bhoicht. 'Sé an capall
do b'fhearr leis d'á raibh aige. Cha dtiubhradh
sé ar trí céad púnt é, ar m'anam! agus moladh
do Dhia, d'airigh an chréatúir bhocht go raibh
tiubaiste orainn an oidhche dhubh úd, go
sábháilidh Dia sinn!"



Do phreab croidhe Eibhlíse ar n-a chlos soin
dí.



"Ar airigh tú aon rud aisteach i n-a thaoibh
an oidhche sin?"



Do bhain an sean-fhear a hata de agus do
ghearr sé an chroch chéasta air fein roimh
freagra do thabhairt ar an gceist dó.



"Ní maith liom bheith ag caint fa n-a
leithéid sin. Croch Chríost d'ár gcoimeád
ó gach uile olc, acht, d'airigh mé go ró-mhaith
rud éigin as bealach leis an gcapall
gcéadna ar an aimsir sin."



"Ba mhaith liom a chloisint gach d'ár thuit
amach. Ná bíodh aon fhaitcheas ort fa'n
sgéal d'innsint domh ó thús go deireadh!"



Do ghearr Pádruig comhartha na croiche
air féin an dara huair agus do thosuigh sé ar an
sgéal d'innsin mar leanas: -



"Bhí mé féin i mBeirdsine (.i. i
mBaile Locha Reamhair) ag déanamh teach-
taireachta le haghaidh an mhaighisdir -
beannacht Dé le n-a anam - nuair thuit
an tiubaiste air. Cha rabhas 'sa mbaile
go raibh sé go han-déidheanach 'san oidhche
agus mar soin, leis an sgannradh agus uile,
thárla nach deachaidh me go dtí na stáblaí
mar ba ghnáthach dhomh a dhéanamh cibé uair
thiocfainn a bhaile. Bhí sé an-dorcha roimh
fáinneadh an lae ar maidin lá ar n-a bhárach


L. 76


agus bhí tórradh an Chaiptín bhoict - go dtuga
Dia trócaire d'á anam - ar siubhal againn
'sa tigh mhór. Chuala mé annsin, agus chuala
daoine nach mé freisin, fuaim mar dá
mbéadh capall ar sodar. Stop sí go
tapaidh mar soin agus char chuireamar aon
tshuim ann go deachaidh mé chomh fada leis
na stáblaíbh agus céard do bhí ann acht Bran agus
é ag crith agus ag cur allus agus a chuid súile ag
preabadh as a cheann le huathbhás, mar
adéarthá. Ba bheag nár thuit mé féin le
faitcheas, óir bhíos cinnte go bhfaca an capall
bocht taidhbhse nó taise feadhna h-oidhche."



Do chuir Pádruig comhartha na croiche air
féin arís agus do bhreathnuigh sé go héasgaidh
i n-a thimcheall sul mar lean sé ar an
sgéal: -



"Féach! a bhean-uasal! Is dearbhtha atáim
go dtáinig d'athair-se ar a ais ó shluagh
na marbh le gnó éigin do dhéanamh agus go
deachaidh sé ar dhruim a chapaill féin le
n-a aghaidh sin. Is dóigh liom go raibh sé ag
teacht ar a ais le crích do chur ar obair
éigin bhí fá lámhaibh aige sul a ndeachaidh sé
as an saoghal so. Bhí grádh ag an gcaiptín
riamh do'n chapall úd agus grádh aige-sesan dó.
Do thaisbeán an beathach bocht a ghrádh, ar
aon chuma, mar thug sé congnamh d'á
mhaighistir 'san ghnó soin - cibé ar domhan é!
Sin é a bhfuil agam le rádh i n-a thaoibh agus
gabhaim párdún agat, a leinbh, fá nach dubhras
an mhéid sin leat go nuige seo. Níor
mhaith liom imshníomh do chur ort-sa, agus sin
gan aon tairbhe dhuit."



"Nár bh'é an truagh nar innsis an sgéal
soin domh roimhe seo, acht, "is fearr mall
ná ró-mhall"."



Annsin, do mhínigh sí do'n tshean-fhear nár
thaidhbhse nó thaise do bhí ann, do réir a
baramhla-sa, acht duine 'ga raibh baint aige
leis an gcaiptín do mharbhadh. Do chroith
seisean a cheann agus do dhún sé a bhéal gan
focal do rádh i n-a haghaidh, acht, d'airigh sí
go maith nár chreid sé a ndubhairt sí leis.



"Níor bh'fhéidir gur thaidhbhse do bhí ann"
ars' ise arís, "óir chualas féin fuaim an
chapaill agus é ag dul ar chroidhe a dhíchill; bhí
sé ag déanamh ar an Mhuilionn Chearr
leis."



"B'fhéidir sin, b'fhéidir sin," ar Pádruig,
agus, leis sin, do chuaidh Eibhlíse ag triall ar a
buime chum comhairle do chur i n-a hucht.



Táinig lá na cúirte timcheall agus do
dearbhadh gach ní d'ár cuireadh i leith
Mhic Uí Raghallaigh. Annsin, d'fhiafruigh
duine éigin, "Cá bhfuil inghean Uí Raghallaigh;
bhí sí le fiadhnaise do thabhairt annso indiu.
Cá bhfuil sí?"



Ní raibh sí i láthair, tráth, acht, d'éirigh a
buime agus í ag sileadh deór agud adubhairt: -



"Tá mo leanbh uasal, a thighearna, as a
meabhair ó'n trioblóid agus ó'n trom-ualach do
bhí uirri."



Ní raibh duine do bhí ag éisteacht léithi nach
raibh truagh aige do'n chailín óg áluinn do
bhí fá bhrón gan chomhartha shóláis aici ó dhuine
ioná ó dhaonnacht.



"Ó! a Dhia, a Dhia!" adubhairt Conall
Ua Raghallaigh, ag féachain ar na spéarthaibh;
"cad do rinneamar chum an díoghaltais seo
do thuilleadh."



"Acht cheana, thánag-sa," ars an tshean-
bhean, "le fiadhnaise do thabhairt i n-a háit;
d'innis sí an sgéal domh ó thús go deireadh
sul mar d'imthigh sí le craobhachaibh."



Níor leigeadh dhí an ní sin do dhéanamh,
ámh, agus do b'é críoch ansgéil ioná go dtug
an coisde a bharamail go raibh Conall Ua
Raghallaigh cionntach le bás an Chaiptín agus
m'fhocal daoibh nach raibh súil tirim 'sa
gcúirt an lá soin.


L. 77


Do bhí an breitheamh le breitheamhnas bháis
do thabhairt air, acht, go díreach glan mar
do bhí sé ag cur an bhairéidín duibh ar a
cheann do rith fear isteach 'sa seómra agus é
ag cur alluis. Thug sé sméideadh do'n
bhreitheamh agus do stad seisean do'n obair do
bhí idir lámhaibh aige. Sean-fhear do b'eadh
é. Do b'fhurus an oiread soin do thabhairt
fá deara, mar do bhí na ruic le feicsin ar
a éadan agus an ghruag bhán ag tuitim anuas
ar a mhuineál, ar ndul sias ar bhord na
mionna dhó.



Do cuireadh an leabhar i n-a láimh: Níor
fhéad sé fiú an fhocail do rádh go ceann
tamaill. Annsin do thosuigh sé ar an sgéal
chéadna d'innis Pádruig d' Eibhlíse, óir b'é
Pádruig féin do bhí ann. Nuair do bhí
críoch leis d'ionntuigh sé ar an neithibh do
thuit amach ó shoin anuas d'innsin: -



"Nuair bhreathnuigh mé go cruinn ar gach
taoibh do'n cheist, dubhras liom féin gur
bh'fhéidir i ndiaidh gach uile neith an ceart a
bheith ag mo mhaighistreás i n-a ndubhairt sí
liom i dtaoibh an chapaill. Bhí m' aigneadh
socair agam gan mhoill agus leis sin chuadhas
go dtí an Muilionn Cearr a gan-fhios
d'éinneach. Fuaras sgéala i gcomhursanacht
an bhail sin i dtaoibh an fheilmeóra do
cuireadh amach as a thigh cúpla bliadhan ó
shoin. Bhí sé imthighthe go hAimeiriocá, acht,
fuair mé an páipéar so i n-a sheómra.
Féach! Is páipéar bhaineas leis an bhfeirm
úd é. Rinne sé dearmad air, is dócha.
Chuala mé ó roinnt mhaith dhaoine go bhfaca-
thas 'san Mhuilionn chearr é fa chionn uaire
i ndiaidh aimsire marbhtha mo mhaighisdir.
'Sé sin le rádh gur bh'fhéidir dó "alibí" do
dhearbhadh dá ngeabhthaoi é. Tháinig mé ar
m'ais a bhaile agus dubhras im' aigneadh féin agus
mé ag smuaineadh ar gach d'á dtárla: -
"Má tá capall ar dhruim na talmhan a dtig
leis a dhéanamh soin, 'sé Bran é." Chuaidh
mé, leis sin, ar a mhuin agus as go bráth linn.
Bhíomar 'san Mhuilionn Chearr cúig nóim-
int roimh an uair agus mo lámh dhaoibh nach bhfuil
capall eile 'sa gcruinne do dhéanfadh é
taoibh istigh do'n aimsir chéadna."



Ar n-a chlos soin dóibh d'éirigh "hurrú"
'sa gcúirt agus do thosuigheadar ar bhualadh bos
agus ar dhéanamh comh-gháirdeachais le chéile as
ucht na sgéala soin.



Níor bh'fhada, i n-a dhiaidh sin, gur saoradh
Conall, agus an oidhche d'fhill sé ar a ais chum
a dhúithche do lasadh teinte cnámh ag na
daoinibh ar gach cnoc 'sa gcondae le n-a
mbród agus a lúthgháir do thaisbeánt d'á dtaois-
each ionmhuin féin - acht, ba chum a le Conall
bhocht an gáirdeachas soin agus a chroidhe go
trom aithmhéileach aige. Níor chuir sé aon
tshuim i rud ar bith do'n tshaghas soin.



"Ag so an gleó 's an brón is baoithe;
Ag so an tuirse 's an doilghe is daoire."



Ba mhian liom críoc mhaith do chur leis an
sgéal so. Dob' áil liom a rádh gur phós
Conall agus Eibhlíse a chéile agus gur chaitheadar
a laethe go deireadh a saoghail i n-éinfheacht,
gan doilgheas, gan chrádh - acht, mo léan agus
mo mhairg nach mar shaoiltear cinntear i
gcomhnuidhe, ar an ngleann dubrónach so.



Do chuaidh Conall d'fheicsin a ghrádha, acht,
níor aithin sí é. Do chaitheadh sí an lá ag
dul anonn agus anall agus í ag baint pamhsaor
agus ag gabháil fhuinn. D'éirigheadh na deóra
i súlaibh Chonaill gach tráth d'á gcloiseadh
sé an t-amharc so d'fhulang fá dheireadh.
D'fág sé slán agus céileabhradh ag a aon-mhnaoi
le dul 'san arm le haghaidh troda do
dhéanamh ar son Éireann.



Do thuit sé i gcath Bhaile na hInse suas


L. 78


le céad bliadhain ó shoin agus níor fhan a ghrádh i
bhfad i n-a dhiaidh.



Do cuireadh í ar an oileán áluinn úd i
gceart-lár an locha agus 'sé mar deir siad
ioná go mbíonn óig-bhean ag dul thall agus i
bhfus trasna an locha fá sholas na gealaighe
agus í ag gabháil fhuinn: -



"Dom is dleacht a leacht do líonadh,
Dom is eól a sgeól do sgaoileadh,
Dom is dual a ruaig do ríomhadh,
Ó's dom is cóir a ghlóir do chaoineadh."



AIGNÉAS NÍ FHAIRCHEALLAIGH.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services