Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Fearghus Finn-Bhéil,
Pen Name
Fearghus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Rinneadh fleadh fairsing fáilteach Domhnach Casga mar is gnáthach i dTigh Fleidhe cathrach Baile Áth' Cliath le h-órdughadh an mhéire. Bhí an tÁrd Easbog ann agus dubhairt sé gur chóir do'n choróin nó do'n Riaghal- tas, má tá aon trócaire ionnta, fóirithin ar na prios- únachaibh atá i gcarcair acu le seacht déag nó hocht déag do bliaidhnaibh mar gheall ar choirthibh a bhaineas le náisiúntacht. Ní bhfuil aon stát eile, deir sé, ná tugann fas- tughadh dhá leithéid do phriosúnachaibh tar éis sgathaimh aimsire, agus go mór-mhór le linn oidhre do'n coróin a bhreith, nó áthrughadh mhór do dhéanamh sa Riaghaltas. Acht ó's Éireannaigh iad so fé ghlas tá greim dain- gean dá choimeád ortha. Ní mór an iongnadh linn sin. Rugadh oidhre do'n choróin ceathair nó cúig de bhliadhnaibh ó shoin. Ní bhfuil bliadhain fós ó bhí áthair an leinbh i nÉirinn, agus is amhlaidh fearadh fíor-chaoin fáilte roimhe. Bhí coimhthionól eile i mBaile Áth' Cliath an tseacht- mhain ceudna ag na tionóntaibh a cuireadh amach as a gcuid talmhan os cionn deich mbliadhain ó shoin i n-aim- sir cogaidh na gcíos. Bhíodar ann ó gach áird d'Éirinn ag cur a gcomhairle i dteanna a chéile ar an tslighidh dob fhearr chum a gcoda féin d'fhágháil ar ais. Tuairim chúig céad bunadh dhíobh atá amuigh fós, agus is mór an náire agus an aithis a rádh go bhfuil an dúthaigh bog ortha, go h-áirighthe na feirmeoirí ar fuaid na hÉireann a fuair laigheadughadh na gcíos de bharr an chomhraic chalma rinneadar so cuireadh amach. Tionóladh buidhean do dhaoinibh uaisle creideamhnacha Lá fhéile Pádraig fé chúram mhéire Bhaile Áth' Cliath chum fóirithin ortha, agus cuireadh impidhe ar ár gcinidh i bhfad agus i ngearr gan na saighdiúirí gonta so do thréigean. Chruinnigh mór-chuid dár mballaibh Feise i nDáil Aondachta i mBaile Átha Cliath an ceathramhadh lá do'n mhí seo. Bhí Seaghán Diolún ann agus Tadhg Ua h-Éillidhe, agus a gcáirde, agus duine nó beirt do lucht lean- amhna Sheagháin Réamainn. Cuir an chuid eile do bhuidhin an Réamannaigh sgeula go dtí an Dáil gur bh'é ciall ná rabhadar láithreach, toisg gan aon toradh ceart d'fhágháil ar a gcuireadh féin coicigheas roimhe sin; agus go rabhadar sásta fós le teacht chum sioth- chána dá réidhteoch' an Dáil sin an bealach dóibh. Cuireadh Tadhg Ua h-Artagáin sa chathaoir agus do labhradar go léir go ciúin cneasda mar ba chóir, ghá rádh nár bheag leo fhaid a bhíodar ag treabhadh i gcoinne a chéile. Chomhairligh Tadhg Ua h-Éillidhe dhóibh comhaltos beag do cheapadh ar an láthair a rabhadar, agus leigint dóibh socrughadh leis an Réamannach chomh maith agus dob fhéidir leo; acht do dhiúlt sé féin dul ar an gcomh- altas, cé go ndeightheas bog cruaidh air lámh chonganta do thabhairt uaidh. Tá sé ráidhte anois ná tiucfaidh an Réamannach chum cainte leo gan Mac Uí h-Éillidhe do bheith sa chomhaltas. Sin mar tá an sgeul fós acu, mar bheadh ag páisdibh toramais, agus is baoghalach gur mar sin a bheidh go fóill. Is mór tábhachtach an obair a rinneadh i nÉirinn an séamhadh lá do'n mhí seo. Toghadh feirmeoirí agus sglábhaighthe do'n Riaghaltas Beag ar fuaid na tíre, agus ruaigeadh na tighearnaidhe agus na bodaigh móra ó shál rinn acht fíor-bheagán. Támuid cinnte go mór- mhór gur mhaith an lá oibre do'n Ghaedhilg é. Beidh caitheamh an airgid agus céad nídh nách é ag a cuid fola agus feola féin as so suas, agus níor cháirde dhi an tréibh a bhí i gceannas go dtí seo. Tráchtfamuid thar an gceist so arís, acht seo sgéilín nár chóir a chur ar cáirde seachtmhaine. Ba mhac do Tighearna Ur-Mhumhain é siúd adubhairt fad ó ná raibh sa Ghaedhilg acht caint phreachán agus nár chóir í muineadh i gColáisde na Tríonáide. Bhí an tighearna tá suas anois ag bráth ar go gcuirfidhe isteach é i gCill Chainnigh. Tugadh an bóthar amach do agus tá meas ar an nGaedhilg fós ins an chathair sin. A chonách sain air agus a chonách ar an nGaedhilg. Fearghus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services