Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire

Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Fearghus Finn-Bhéil,
Pen Name
Fearghus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaidhe an tSaoghail



Éire



Rinneadh fleadh fairsing fáilteach Domhnach Casga
mar is gnáthach i dTigh Fleidhe cathrach Baile Áth' Cliath
le h-órdughadh an mhéire. Bhí an tÁrd Easbog ann
agus dubhairt sé gur chóir do'n choróin nó do'n Riaghal-
tas, má tá aon trócaire ionnta, fóirithin ar na prios-
únachaibh atá i gcarcair acu le seacht déag nó hocht
déag do bliaidhnaibh mar gheall ar choirthibh a bhaineas le
náisiúntacht.



Ní bhfuil aon stát eile, deir sé, ná tugann fas-
tughadh dhá leithéid do phriosúnachaibh tar éis sgathaimh
aimsire, agus go mór-mhór le linn oidhre do'n coróin
a bhreith, nó áthrughadh mhór do dhéanamh sa Riaghaltas.
Acht ó's Éireannaigh iad so fé ghlas tá greim dain-
gean dá choimeád ortha.



Ní mór an iongnadh linn sin. Rugadh oidhre do'n
choróin ceathair nó cúig de bhliadhnaibh ó shoin. Ní bhfuil
bliadhain fós ó bhí áthair an leinbh i nÉirinn, agus is
amhlaidh fearadh fíor-chaoin fáilte roimhe.



Bhí coimhthionól eile i mBaile Áth' Cliath an tseacht-
mhain ceudna ag na tionóntaibh a cuireadh amach as a
gcuid talmhan os cionn deich mbliadhain ó shoin i n-aim-
sir cogaidh na gcíos. Bhíodar ann ó gach áird d'Éirinn
ag cur a gcomhairle i dteanna a chéile ar an tslighidh
dob fhearr chum a gcoda féin d'fhágháil ar ais.



Tuairim chúig céad bunadh dhíobh atá amuigh fós, agus
is mór an náire agus an aithis a rádh go bhfuil an
dúthaigh bog ortha, go h-áirighthe na feirmeoirí ar fuaid
na hÉireann a fuair laigheadughadh na gcíos de bharr
an chomhraic chalma rinneadar so cuireadh amach.



Tionóladh buidhean do dhaoinibh uaisle creideamhnacha
Lá fhéile Pádraig fé chúram mhéire Bhaile Áth' Cliath
chum fóirithin ortha, agus cuireadh impidhe ar ár gcinidh
i bhfad agus i ngearr gan na saighdiúirí gonta so do
thréigean.



Chruinnigh mór-chuid dár mballaibh Feise i nDáil
Aondachta i mBaile Átha Cliath an ceathramhadh lá do'n mhí
seo. Bhí Seaghán Diolún ann agus Tadhg Ua h-Éillidhe,
agus a gcáirde, agus duine nó beirt do lucht lean-
amhna Sheagháin Réamainn. Cuir an chuid eile do bhuidhin
an Réamannaigh sgeula go dtí an Dáil gur bh'é
ciall ná rabhadar láithreach, toisg gan aon toradh
ceart d'fhágháil ar a gcuireadh féin coicigheas roimhe
sin; agus go rabhadar sásta fós le teacht chum sioth-
chána dá réidhteoch' an Dáil sin an bealach dóibh.



Cuireadh Tadhg Ua h-Artagáin sa chathaoir agus do
labhradar go léir go ciúin cneasda mar ba chóir, ghá
rádh nár bheag leo fhaid a bhíodar ag treabhadh i gcoinne
a chéile. Chomhairligh Tadhg Ua h-Éillidhe dhóibh comhaltos
beag do cheapadh ar an láthair a rabhadar, agus leigint
dóibh socrughadh leis an Réamannach chomh maith agus
dob fhéidir leo; acht do dhiúlt sé féin dul ar an gcomh-
altas, cé go ndeightheas bog cruaidh air lámh chonganta
do thabhairt uaidh. Tá sé ráidhte anois ná tiucfaidh an
Réamannach chum cainte leo gan Mac Uí h-Éillidhe do
bheith sa chomhaltas.



Sin mar tá an sgeul fós acu, mar bheadh ag páisdibh
toramais, agus is baoghalach gur mar sin a bheidh go
fóill.



Is mór tábhachtach an obair a rinneadh i nÉirinn an
séamhadh lá do'n mhí seo. Toghadh feirmeoirí agus
sglábhaighthe do'n Riaghaltas Beag ar fuaid na tíre,
agus ruaigeadh na tighearnaidhe agus na bodaigh móra
ó shál rinn acht fíor-bheagán. Támuid cinnte go mór-
mhór gur mhaith an lá oibre do'n Ghaedhilg é. Beidh
caitheamh an airgid agus céad nídh nách é ag a cuid
fola agus feola féin as so suas, agus níor cháirde dhi
an tréibh a bhí i gceannas go dtí seo.



Tráchtfamuid thar an gceist so arís, acht seo sgéilín
nár chóir a chur ar cáirde seachtmhaine. Ba mhac do
Tighearna Ur-Mhumhain é siúd adubhairt fad ó ná raibh
sa Ghaedhilg acht caint phreachán agus nár chóir í muineadh
i gColáisde na Tríonáide. Bhí an tighearna tá suas
anois ag bráth ar go gcuirfidhe isteach é i gCill Chainnigh.
Tugadh an bóthar amach do agus tá meas ar an
nGaedhilg fós ins an chathair sin.



A chonách sain air agus a chonách ar an nGaedhilg.



Fearghus Finn-Bhéil

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services